Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
tri-nod-le-hairgead-a-shabhail-an-fomhar-seo

Trí nod le hairgead a shábháil an fómhar seo

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Tá an fómhar arís linn agus in éindí leis na duilleoga daite agus dearcáin, baineann go leor costas le ham seo na bliana. Mar sin, tá trí nod agam a choinneoidh cúpla pingin sa bhreis i do phóca an séasúr seo. 

Faigh fallaing sheomra

USA. New-York city. American actress Marilyn MONROE at home. 1958.

Agus mé níos óige, gheall mé nach mbeinn riamh mar chuid den lucht caite fallaingeacha seomra. Bhí cuma chomh toirtiúil amscaí orthu agus bhíos den tuairim gur chuir siad cuma seanduine ar dhuine ar bith a chaithfeadh ceann. B’in sular bhog mé go mo theachín gleoite ar Inis Meáin; teach a bhfuil radharc aoibhinn aige ar an bhfarraige, ach nach bhfuil puinn inslithe ann (thuas seal, thíos seal!). B’éigean dom mo sheanchlaontaí a chaitheamh amach go beo agus infheistíocht a dhéanamh san fhallaing sheomra ba mhó agus ba chlúmhaí a bhféadfainn lámh a leagan uirthi!

Beidh an costas teas baile ar an gcloch is mó ar phaidrín na ndaoine an fómhar seo shamhlóinn, mar a théann na laethanta i bhfuaire agus na praghsanna maireachtála in airde. Bealach beag amháin chun smacht a chur air sin ná dul i muinín na fallainge seomra, in áit an teas a chasadh ar siúl. B’fhéidir go mbeidh cuma seanduine ort, ach beidh cúpla pingin sa bhreis i do phóca leis. 

Bí i do ‘Tara Tíosach’

Le hathrú na séasúr, tagann athrú feisteas agus is gnách do go leor againn cúpla píosa nua a chur leis an vardrús am seo na bliana; geansaithe, buataisí agus araile. Má cheannaíonn tú éadach ar chaighdeán ard, ba cheart go mairfidh siad cúpla bliain ach tagann pointe nuair a bhíonn gá le corrphíosa nua, agus na héadaí ab ansa linn ar an dé deiridh tar éis dóibh a bheith orainn an iliomaid uair. 

Ach ní gá airgead mór a chaitheamh ar éadaí deasa an fómhar seo, agus rogha leathan éadach athláimhe anois ar fáil ar Depop, iad ar ardchaighdeán agus níos saoire i bhfad ná a bhfuil ann sna siopaí. Nó níos fearr fós, caith súil ar Thriftify, suíomh gréasáin Éireannach a chruthaigh an fiontraí ceannródaíoch Rónán Ó Dálaigh (fear a bhfuil scoth na Gaeilge aige is fiú a lua!). Cuireann Thriftify seirbhís ar fáil do shiopaí carthanachta, a ligeann dóibh a n-earraí a dhíol go héasca ar líne. Tá rogha leathan éadaí agus earraí acu, roinnt mhaith earraí úrnua fiú a thugann brandaí móra do na siopaí carthanachta go deonach. Coinnigh ciúin é, ach chuala mé go bhfuil rogha leathan fhallaingí seomra ina measc fiú.

Bíodh stoc mór sceallóg agat

Is fada liom na laethanta nuair a bhí fírinne taobh thiar den nath cainte ‘chomh saor le sceallóga’ ach is é an fhíric dhuairc dhoshéanta ná go bhfuil praghsanna málaí sceallóg imithe sa treo chéanna agus gach rud eile ar an saol faoi láthair, ardaithe go haer! 

Táthar ann a fhágfaidh slán leis an ól chun airgead a shábháil an fómhar seo, agus níl dabht ach go mbíonn i bhfad níos mó airgid i dtaisce ag an té nach mbíonn piontaí póirtéir á gcaitheamh siar acu go rialta. Mura bhfuil de mhisneach nó de smacht agat an sprioc áirithe sin a bhaint amach, céard faoi d’oíche amach a bheith agat fós ach seachas cuairt a thabhairt ar do rogha bialann ghasta ar imeacht abhaile leat, bíodh mála mór sceallóga agat sa reoiteoir aige baile agus déan ‘fakeaway’ duit féin leo siúd. Bíonn sceallóga oigheann ar fáil sna hollmhargaí uilig ar phraghsanna chomh híseal le 99c.  

Sin agaibh an trí nod is fearr liomsa chun airgead a shábháil an fómhar seo. Ní dhéanfar Bill Gates díot ach beidh tú teolaí, faiseanta, beidh do bholg lán agus beidh cúpla euro sa bhreis i do chuntas bainc ag an deireadh leis. 

Níos mó