Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘athinsint-uathuil-ghreannmhar-thaitneamhach-ar-sceal-luaithrin-is-ea-‘an-slipear-gloine”

‘Athinsint uathúil ghreannmhar thaitneamhach ar scéal Luaithrín is ea ‘An Slipéar Gloine”

| sean o dubhchon | ,

Tá an teach foilsitheoireachta Futa Fata ag tabhairt faoi athinsint a dhéanamh ar fhinscéalta agus ar scéalta miotais, ach iad a chur in oiriúint do léitheoirí óga na haoise seo. Tá éachtaí bainte amach acu leis na leabhair An Féileacán agus an Rí (scríofa ag Máire Zepf agus maisithe ag Shona Shirley Macdonald) agus Cluasa Capaill ar an Rí (scríofa ag Bridget Bhreathnach agus maisithe ag Shona Shirley Macdonald), agus tugann an leabhar is déanaí sa tsraith – An Slipéar Gloine – athinsint éifeachtach álainn dúinn ar an fhinscéal traidisiúnta Luaithríona. 

Fanann An Slipéar Gloine dílis don leagan is aitheanta den fhinscéal Luaithríona, ach tá cúpla athrú mór a sheasann amach, agus a chuireann go mór leis an scéal traidisiúnta seo. 

Tá An Slipéar Gloine scríofa i bhfoirm véarsaíochta, rud nach n-oibríonn i go leor leabhair eile, ach a chuireann go mór leis an scéal anseo. Éiríonn le Fearghas Mac Lochlainn rithim iontach a chóiméad le méid rialta siollaí sna línte ar fad. Ní mhothaíonn sé go bhfuil aon fhocal brúite isteach ar mhaithe le rím. 

Tá saibhreas galánta i gcuid scríbhneoireachta an údair, ach ag an am céanna, tá sé foirfe don léitheoir óg. Tá na píosaí comhrá a úsáidtear sa leabhar an-snasta, agus cabhraíonn siad leis an léitheoir tuiscint a bheith acu ar mheonta agus ar mhianta na gcarachtar ar fad. Tá samplaí d’uaim croite isteach anseo is ansiúd a chuireann go mór le ceol an scéil. Athinsint éifeachtach chruthaitheach is ea é An Slipéar Gloine, a sheasann amach ó na céadta leaganacha den scéal seo atá foilsithe roimhe. 

Mhothaigh mé i gcónaí go raibh an leagan aitheanta den fhinscéal Luaithríona thar a bheith duairc, cé go n-éiríonn go maith leis an bpríomhcharachtar sa deireadh. Tá an leagan seo den scéal an-ghreannmhar ar fad agus pléann an t-údar le cruachás Luaithrín (mar a thugtar uirthi sa leabhar seo) ar bhealach taitneamhach. Cuireann ainmneacha na leasdeirfiúracha – Smaoisín agus Straoisín – go mór le greann an scéil, agus feictear dúinn go bhfuil na hainmneacha seo tuilte go hiomlán acu. 

Tá leasmháthair Luaithrín thar a bheith áiféiseach sa leagan seo den scéal, rud a chuireann meangadh gáire ar an léitheoir. Tá mionsonraí sna léaráidí a thugann pearsantachtaí greannmhara do na carachtair, go háirithe i gcás Theachtaire an Rí, a bhfuil cuma bharrúil air agus é a thabhairt cuireadh do mhná an tí teacht chuig an damhsa mór sa chaisleán. 

Tugann an maisitheoir gruaig rua do Luaithríona, agus tá glas, bán, oráiste agus ór go mór in úsáid mar dhathanna sna léaráidí, rud a thugann le fios gur léamh Éireannach ar scéal atá ann. Baineann an maisitheoir oilte Paddy Donnelly úsáid as stíl ornáideach le buillí éadroma den scuab a oireann go mór d’fhinscéalta, agus a léiríonn go bhfuil sé in ann tabhairt faoi stíleanna éagsúla a úsáid ag bráth ar an scéal. Tugann an maisitheoir pearsantachtaí difriúla do na carachtair ar fad agus tá sé in ann mothúcháin na gcarachtar a thaispeáint go héifeachtach tríd línte simplí a tharraingt. Tugtar le fios dúinn gur bean láidir í Luaithrín agus gur fear séimh é an prionsa sna léaráidí, tréithe a théann lámh ar lámh le focail an údair. 

Tá leasdeirfiúracha gránna sa leagan seo den scéal chomh maith, ach is ar iompar gránna na ndeirfiúracha a leagtar an bhéim, seachas ar an gcuma atá orthu. Is athrú tábhachtach é seo, mar go gcuirtear luach ar dhea-thréithe ar nós an chineáltais, meas agus moráltacht, seachas a bheith ag díriú ar an gcuma atá ar dhaoine. Sa leagan seo den scéal, léirítear go bhfuil rudaí maithe tuillte ag daoine a dhéanann rudaí maithe, seachas a bheith tuillte ag daoine a bhfuil cuma álainn orthu.

Tá baol ann a bhaineann le hathinsint a dhéanamh ar fhinscéal, go háirithe má tá an scéal sin chomh haitheanta le Luaithríona. Tá na céadta leaganacha de na scéalta seo ann, agus is annamh a dhéantar rud éigin nua leis na scéalta. Athinsint uathúil ghreannmhar thaitneamhach is ea An Slipéar Gloine, a rachaidh go mór i bhfeidhm ar léitheoirí óga. Tá an caighdeán scéalaíochta agus na léaráidí cumasacha le moladh go mór. 

Bhuaigh An Slipéar Gloine le Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly Gradam Réics Carló 2022. Is féidir é a cheannach anseo

Níos mó