Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ceannaire-nua-le-toghadh-ag-na-toraithe-tar-eis-45-la-‘den-mhifheidhm-agus-den-chior-thuathail’

Ceannaire nua le toghadh ag na Tóraithe tar éis 45 lá ‘den mhífheidhm agus den chíor thuathail’

| Tuairisc.ie | ,

Tá seachtain anois ag an bPáirtí Caomhach sa mBreatain le ceannaire nua a thoghadh le teacht in áit an Phríomh-Aire Liz Truss a d’fhógair aréir go raibh sí ag éirí as an gcúram faoi cheann seachtaine agus gan ach 45 lá caite i Sráid Downing aici.

Tá an-chaint faoina comharba agus Penny Mordaunt, Rishi Sunak agus Ben Wallace á lua don Phríomh-Aireacht, triúr a bhí nó atá ina n-airí ag an bpáirtí Caomhach.

Tá daoine ann freisin a deir go mb’fhéidir go dtabharfadh Boris Johnson iarraidh eile faoin bpost ar éirigh sé as sa samhradh.

Ní mór tacaíocht 100 feisire parlaiminte a bheith ag duine chun seasamh sa toghchán ceannaireachta.

Táthar ag súil go mbeidh ceannaire nua tofa ar an bpáirtí faoin 28 Deireadh Fómhair, seachtain ón lá inniu.

Dúirt Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, gur “45 lá den mhífheidhm agus den chíor thuathail” a bhí i dtréimhse Liz Truss mar Phríomh-Aire agus gur cheart don chéad cheannaire eile ar na Tóraithe a chinntiú go leanfaí leis an bprótacal do Thuaisceart Éireann.

“Rialtas atá gan stiúir é rialtas seo na dTóraithe nach bhfuil aon mhandáid aige in Éirinn,” a dúirt McDonald.

Tá sé le maíomh ag Liz Truss gurb í a chaith an t-achar is giorra riamh ina Príomh-Aire ar an mBreatain agus gan í ach 45 lá i gceannas in Uimhir 10 Sráid Downing.

Tá sé fógartha ag an Seansailéir reatha, Jeremy Hunt agus ag an iar-aire Michael Gove nach ngabhfaidh siadsan sa tóir ar cheannaireacht an pháirtí.

Tá an-seans gurb é Rishi Sunak a bheidh ina iarrthóir – eisean a bhí sa dara háit nuair a roghnaigh na Tóraithe Truss sa bhfeachtas ceannaireachta i rith an tsamhraidh seo caite nuair a d’imigh Boris Johnson. Bhí Sunak in sheansailéir ar an státchiste faoi cheannaireacht Johnson agus síleadh tamall gurbh é a thoghfaí ina dhiaidh.

Toghadh Penny Mordaunt ina ceannaire ar Theach na dTeachtaí i bParlaimint Westminster tar éis di cruthú ggo maith ar feadh tamaillín sa bhfeachtas deiridh don cheannaireacht. Bhí sí ina Rúnaí Cosanta ar feadh 10 seachtainí in 2019 agus bhí cúraimí na forbartha idirnáisiúnta sa Rialtas uirthi tamall freisin.

Bhí go leor cainte ann tamall i rith an tsamhraidh gurbh é an Rúnaí Cosanta Ben Wallace, a bhí roimhe sin ina Státrúnaí i dTuaisceart Éireann, ba rogha leis an bPáirtí Caomhach mar chomharba ar Boris Johnson ach chinn sé féin gan a ainm a chur sa hata sa toghchán ceannaireachta sin. Iarshaighdiúir sna Scots Guards é Wallace agus bhí sé orthu siúd a bhí ar son an Bhreatimeachta.

Ar na feisirí eile atá á lua mar iarrthóirí tá Kemi Badenoch, Grant Shapps agus Suella Braverman, an bhean a chaill a post mar Rúnaí Baile ar an gCéadaoin mar gur sheol sí cáipéis oifigiúil ag comhghleacaí ar a ríomhphost pearsanta. Sheas Braverman don cheannaireacht sa samhradh ach cuireadh as an iomaíocht í sa dara babhta vótála agus 27 vóta aici.

Agus é fógartha go tobann ag Truss go raibh sí ag éirí as, dúirt Keir Starmer, Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, gur chóir olltoghchán a ghairm láithreach bonn mar “go raibh sé léirithe ag an bPáirtí Caomhach nach raibh aon mhandáid aige feasta le bheith i rialtas”.

An port céanna a bhí ag Nicola Sturgeon, Céad-Aire na hAlban, a dúirt go raibh sé “riachtanach ar mhaithe leis an daonlathas” go mbeadh olltoghchán ann tar éis éirí as an Phríomh-Aire Liz Truss.

Dúirt Sturgeon go raibh an scéal “ina chiseach ceart críochnaithe” agus gurb iad na gnáthdhaoine a bhí ag íoc as.

Mí Mheán an Fhómhair 2022 a thogh baill an Pháirtí Chaomhaigh Liz Truss ina ceannaire, ach fágadh í féin agus a rialtas gan údarás nuair a chuadar siar ar chuid de na cinntí a rinneadh ina mionbhuiséad tubaisteach a d’fhág cúrsaí airgeadais agus eacnamaíochta na tíre ina gcíor thuathail.

D’ainneoin gur mhaígh Truss ag an am gurbh é sin “an rud ceart le déanamh” , tugadh tópar don Seansailéir Kwasi Kwarteng agus tá an chuid is mó de na beartais “chearta” caite i dtraipisí ó shin.

Ina cuid cainte taobh amuigh de 10 Sráid Downing agus í ag fógairt go raibh sí ag imeacht, dúirt Liz Truss gur thogh an Páirtí Caomhach í féin agus an mhandáid aici cánacha a laghdú agus borradh a chur faoin ngeilleagar.

Ach mar atá cúrsaí ag an tráth seo, a dúirt an Príomh-Aire: “Tuigim nach féidir liom an mhandáid sin a bhí agam nuair a thogh an Páirtí Caomhach mé a chomhlíonadh.”

Níos mó