Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
comoradh-ar-chaitlin-maude-le-deanamh-ag-feile-chois-fharraige

Comóradh ar Chaitlín Maude le déanamh ag Féile Chois Fharraige

| Maitiu O Coimin | ,

Déanfar ceiliúradh ar an amhránaí, file, aisteoir, agus gníomhaí aitheanta Gaeltachta Caitlín Maude le linn Fhéile Chois Fharraige a bheidh ar siúl i nGaeltacht na Gaillimhe an tseachtain seo. 

Bhásaigh Caitlín Maude, ar as na Doiriú ó dhúchas í, i mBaile Átha Cliath dhá scór bliain ó shin, i mí Mheithimh na bliana 1982. Tabharfar amhránaíocht, filíocht, agus gníomhachas na mná aitheanta Gaeltachta chun cuimhne ag ócáid speisialta a reáchtálfar i gColáiste Chroí Mhuire ar an Spidéal Déardaoin, 6 Deireadh Fómhair. 

Tá an ócáid chomórtha á heagrú ag daltaí na scoile mar chuid d’Fhéile Chois Fharraige a bheidh ar siúl in ionaid éagsúla ar fud an cheantair Gaeltachta an tseachtain seo. 

“Creid é nó ná creid ach is é seo an dara bliain den fhéile – ní síl ar an bhfód rófhada! Ar ndóigh, b’iomaí deacracht a bhí againn anuraidh de bharr na paindéime agus go leor coinníollacha sláinte poiblí i bhfeidhm. Dá bharr sin ní raibh an dara rogha ann ach cuid mhaith de na hócáidí a chur ar ceal, ach d’éirigh linn cuid mhaith a dhéanamh fós. 

“Bhí seó stáitse ann bunaithe ar shaothar Joe Steve Uí Neachtain, laoch liteartha na Gaeltachta, ‘Le Cion ar Joe’. Chuir aisteoirí an Spidéil an seó le chéile i Seanscoil Sailearna. Níor tógadh cinneadh go ndéanfaí ceiliúradh ar dhuine as an áit chuile bhliain don fhéile ach tá an t-ádh dearg linn go bhfuil an méid sin daoine as an gceantar arbh fhéidir ceiliúradh a dhéanamh orthu agus an saothar iontach a chum siad do phobal Chois Fharraige agus do phobal na Gaeltachta uile,” a dúirt Katie Ní Loingsigh, Oifigeach Pleanála Teanga Chois Fharraige le NÓS. 

Cuirfear tús leis an bhféile tráthnóna amárach, Dé Máirt 4 Deireadh Fómhair, le taispeántas agus plé faoin scríbhneoir Baile Átha Cliathach Cathal Ó Sándair i gcaifé an Phota ar an Tulaigh. Ba é Cois Fharraige an chéad cheantar Gaeltachta ar thug Cathal cuairt air nuair a sheol Coiste na bPáistí chuig teach Sheáin Uí Chonghaile é in 1932.

Tiocfaidh Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige le chéile Tigh Mharcuis lena suíomh nua idirlín a sheoladh ag 20.30 an oíche chéanna. Beidh ceol ann sa teach tábhairne i ndiaidh na hócáide. 

Dé Céadaoin ag meán lae beidh seisiún ceoil agus amhránaíochta ann i dTearmann Éanna ar an Tulaigh agus taispeántas ealaíne – Ionúin Linn Cois Fharraige – in oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil sa tSean-Bheairic i mbaile an Spidéil. 

Beidh tuilleadh ceoil in Áras Chois Fharraige ar an bPáirc Déardaoin ag 15.00 sula mbeidh an comóradh ar Chaitlín Maude ann i gColáiste Chroí Mhuire ag 18.30. Taispeánfaidh Club Scannáin Sailearna an scannán iomráiteach Gaeltachta An Cailín Ciúin ag 20.15 i Seanscoil Sailearna, agus beidh ceol agus amhránaíocht ann Tigh Mholly óna 21.00. 

Déanfar Ceiliúradh ar Phlean Teanga Chois Fharraige i Stiúideo Cuan i gCeardlann an Spidéil ag 16.00 Dé hAoine agus beidh tráth na gceist ann i gcomhar le CLG An Spidéal sa gCrúiscín Lán ag 20.30 an oíche sin. Ag 21.00 beidh Súil an Daill á phlé ag Club Leabhar Chois Fharraige Tigh Mholly. 

Ag an deireadh seachtaine beidh níos mó imeachtaí fós ar siúl. Tabharfaidh Macdara Ó Cuaig teaghlaigh óga an cheantair ar shiúlóid i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta ag 10.00 ar an Satharn agus tabharfaidh Eoin Ó Tuairisg daoine fásta ar shiúlóid Dé Domhnaigh ag 12.30. Seolfar leabhar nua Fhearghasa Mhic Lochlainn, An Slipéar Gloine, i Leabharlann an Spidéil Dé Sathairn ag 13.00 agus beidh ceolchoirm ag teaghlaigh cheolmhara Chois Fharraige ag 20.00 i Seanscoil Sailearna.

“Tá muid ag súil go mór leis an gceolchoirm Dé Sathairn! Beidh muintir Dhubhghaill, muintir Neachtain, muintir Mhic Dhonncha, muintir Cheallacháin, muintir Ghrádaigh, muintir Fhatharta, muintir Chualáin agus Bhraonáin, muintir Lionnáin, agus muintir Mhic Con Iomaire páirteach ann agus beidh ógánaigh an cheantair Eoin Ó Neachtain agus Cainnear Nic Réamoinn á chur i láthair. 

“Beidh sé thar a bheith speisialta na glúinte éagsúla a chloisteáil ag casadh le chéile – dhá ghlúin den chuid is mó agus trí ghlúin i gcás amháin!” a dúirt Katie le NÓS. 

Cuirfidh an banna ceoil Cogar clabhsúr leis an bhféile Tigh Mharcuis Dé Domhnaigh, 9 Deireadh Fómhair, ag 20.30. 

Is iad Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga atá ag eagrú na féile agus is féidir tuilleadh eolais faoi imeachtaí na féile agus ticéid a fháil ach an Fóram a aimsiú ar FacebookTwitter. Is gá ticéad a cheannacht don cheolchoirm Ó Ghlúin go Glúin, don scannán An Cailín Ciúin, agus don taispeántas cócaireachta a reáchtálfar i gcaifé an Phota Dé Domhnaigh. 

Níos mó