Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
leabhar-spreaguil-draiochtach-a-spreagann-feinmhachnamh-is-ea ‘foir-orm’

Leabhar spreagúil draíochtach a spreagann féinmhachnamh is ea ‘Fóir Orm’

| sean o dubhchon | ,

Is buachaill dhá bhliain déag d’aois é Eoin Ó Dálaigh nuair a chasaimid air ag tús an leabhair Fóir Orm. Tá an t-úrscéal fíorspéisiúil seo scríofa do spriocghrúpa ina mbeadh Eoin é féin, grúpa léitheoirí atá dearmadta go minic – buachaillí sna luathdhéaga. 

Táim ag plé le litríocht do dhaoine óga le deich mbliana anuas, idir léirmheasanna a scríobh, moltóireacht a dhéanamh ar chomórtais litríochta agus i gcúrsaí oideachais, agus feictear dom go bhfuil ganntanas leabhar ann do bhuachaillí sna luathdhéaga, nach mbaineann le cúrsaí spóirt, agus ina bhfuil carachtair láidre uathúla. Tá an leabhar seo ag teastáil go géar agus is mór an t-éacht atá déanta ag Áine Uí Fhoghlú le Fóir Orm.

Is carachtar casta tarraingteach é Eoin. Tá gnéithe dá shaol dúshlánach ag tús an scéil. Tá sé ag dul in aois agus ag dul in airde, ach tá a mham fós ag déanamh peataireachta air. Tá sé ag ullmhú leis an bhunscoil a fhágáil agus dul chun na meánscoile. Tá fear nua ag a mháthair, agus cé go léirítear dúinn go bhfuil Ciarán cineálta agus tuisceanach d’Eoin, tá an leaid óg ag streachailt leis an méid atá ag titim amach. Tá buachaill eile, Damien, ag caitheamh go dona leis agus ag cur isteach go mór air. Ach an rud is mó atá ag cur buairt ar Eoin ná go bhfuil a hathair imithe ar shlí na fírinne, agus níl sé ag déileáil go maith lena shaol gan a athair. 

Tá Eoin ábhairín difriúil ó na déagóirí a fheicimid in úrscéalta go minic, agus is deas é sin a fheiceáil. Ní fear mór spóirt é, cé go dtaitníonn sé leis a bheith amuigh faoin aer, agus é mar bhall de na Gasóga. Feicimid an gaol a bhí aige lena athair, iarbhall de na seirbhísí tarrthála, agus an tionchar atá ag a athair air go fóill. Nuair a théann sé a thuras scoile go hInis Mór, déanann Eoin cinnte scian a dhaid a thabhairt leis, ós rud é go bhfuil sé chomh tábhachtach sin dó. Tá an-chion ag Eoin ar ainmhithe chomh maith, tréith thábhachtach a ritheann tríd an scéal ar fad. 

Bíonn timpiste eitleáin ar an mbealach go hInis Mór agus sáinnítear Eoin ar oileán tréigthe leis féin. Níl tasc ná tuairisc ar an eitleán ina raibh sé agus na daoine ar fad a bhí ina chuideachta. Is sampla amháin é an cur síos atá déanta ag an údar ar an timpiste eitleáin den ardchumas scéalaíochta atá inti. 

Tá modh scríbhneoireachta in úsáid ag an údar a sheasann amach agus a chuireann go mór leis an scéal. Tá a chuid smaointe ar fad i gcló iodálach, agus léirítear cé chomh trína chéile is atá Eoin. Ní thugtar guth mar seo do charachtair i litríocht na n-óg rómhinic, go háirithe más déagóir óg é an carachtar, agus tá an léargas a fhaighimid ar mheon agus ar aigne Eoin an-chumhachtach ar fad. 

Bíonn ar Eoin foghlaim conas brath ar an timpeallacht agus ar an nádúr, agus dearmad a dhéanamh ar nithe saolta. Faigheann an déagóir óg peirspictíocht nua ar an saol agus luach a chur ar na rudaí is tábhachtaí. Bíonn air a mhisneach a choimeád agus é i mbaol. Leabhar spreagúil draíochtach is ea Fóir Orm, a spreagann féinmhachnamh sa léitheoir. Fanann imeachtaí Fóir Orm leat agus ní féidir gan a bheith ar chúl Eoin i rith an scéil.  

Tá sé suimiúil gur ainmníodh an leabhar seo do Ghradam Réics Carló ós rud é go bhfuil roinnt cosúlachtaí idir Fóir Orm agus scéalta eachtraíochta Chathail Uí Shándair, a rinneadh comóradh céad bliain air i mbliana. Is scéal eachtraíochta den scoth é Fóir Orm, sampla nua-aoiseach den chineál aistear a bhíodh á dhéanamh ag Réics Carló i sraith leabhar idir na daichidí agus na hochtóidí. 

Ach is leabhar eisceachtúil comhaimseartha é Fóir Orm a phléann ceisteanna móra an tsaoil agus a chuireann carachtar le doimhneacht agus diongbháilteacht os ár gcomhar. Taispeánann Fóir Orm dúinn nár chor an t-aos óg a mheas faoina gcumas, agus nár chor beag a dhéanamh de na dúshláin a bhíonn ag daoine óga. Ar bhealaigh, is íochtarán é Eoin, ach is breá linn ar fad scéal faoi íochtarán ag déanamh éacht iontach!

Ainmníodh Fóir Orm le hÁine Uí Fhoghlú do Ghradam Réics Carló 2022. Is féidir é a cheannach anseo.

Níos mó