Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
leacht-cuimhneachain-le-nochtadh-ag-ceibh-bhearna-i-gcuimhne-beirt-iascairi

Leacht cuimhneacháin le nochtadh ag Céibh Bhearna i gcuimhne beirt iascairí

Amárach nochtfar leacht cuimhneacháin ag Céibh Bhearna i gConamara i gcuimhne ar bheirt fhear a bádh ansin 100 bliain ó shin.

An dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair 1922, d’fhág triúr fear as an áit céibh Bhearna i gConamara i gcurach chanbháis le ghabháil amach ar na scadáin. Faraor níor tháinig beo ón oíche sin ach duine amháin acu. Ba iad an triúr iascairí sin Liam Gill a bhí 75 bliain d’aois, fear a iníne Peter Ó Fátharta a bhí 54 agus Micil Frank Coyne a bhí dhá scór bliain d’aois. Bhí snámh ag Liam agus Peter a d’fhoghlaim siad sa gcabhlach ach ní raibh buille ar bith ag Micil, an t-aon duine acu a tháinig slán ón bhfarraige.

B’uafásach an buille a mbás dá muintir, bhí a hathair agus a céile caillte ag Julia Gill-Fátharta agus seachtar clainne, seisear iníonacha agus mac amháin, faoina cúram agus an saol crua agus gortach go maith sa tír seo i 1922 agus gan aon chúnamh stáit ar fáil.

Chuaigh na fir amach ag iascach ag a 4.00pm agus tháinigeadar isteach ag 10.30pm agus lucht scadán acu. Ó bhí an t-iascach go maith, tar éis braon tae agus éadach tirim a chur orthu i dteach Liam Gill in Áth an Ghlugair, amach leo arís thart ar 11.30pm.

Agus iad ag teacht isteach an oíche sin bhí an churach lán go gunail le scadáin agus shocraigh siad teacht i dtír ar an trá, An Poll Mór, in aice le Céibh Bhearna. Ansin a tharla an tubaiste agus gan iad ach 80 slat ón gcladach.

Chuaigh an churach síos faoin ualach agus choinnigh na fir greim uirthi ar feadh 45 nóiméad. Thug Peter Faherty Micil Frainc i dtír ar an maide rámha ach nuair a chuala sé athair a mhná ag glaoch rinne sé a bhealach amach arís go dtí é agus bádh an bheirt snámhaithe nuair a chuadar i bhfostó san eangach. Frítheadh an churach lá arna mhárach ag an Léana Riabhach soir ó Bhearna agus corp Liam Gill fúithi.

B’uafásach go deo an chrois a bhí le n-iompar ag baintreach Pheter Faherty nuair ab éigean di suí ag coiste cróinéara a hathar agus a fir i mBearna an lá dár gcionn. Bhí tuairisc faoin gcoiste cróinéara sin le léamh sa nuachtán áitiúil an Connacht Tribune.

An Satharn beag seo ag a 3.00 pm nochtfar leacht i gcuimhne an bheirt iascairí, ag ócáid atá á heagrú ag sliocht a sleachta – Fagans, Greaneys agus Fáthartaigh – le taobh fód a mbáis, Céibh Bhearna.

An chloch a bheidh mar leacht cuimhneacháin ag na hiascairí bhí sí tráth ar cheann de na céimeanna i gCéibh Bhearna agus deirtear gur di a cheangail siad an churach roimh a n-aistear deireanach. Dennis Goggin agus Réamonn Ó Flatharta a rinne an tsnoíodóireacht ar an leacht.

Beannóidh sagart Bhearna, an tAthair Micheál Ó Braonáin, an chloch agus tabharfar cuairt ar an reilig.

Dúirt Cáit Fagan atá ina cónaí i Ros an Mhíl agus a rinne go leor taighde ar a sinsir, a sin-sin-seanathair agus a sin-seanathair a bhásaigh an oíche sin, gur fhág an tubaiste sin “a lorg ar a gclann”. Ach dúirt sí chomh maith go raibh sí “an-bhródúil” as an gcaoi ar tháinig na daoine muinteartha ar fad le chéile leis an leacht seo a chur suas. Ghabh sí buíochas freisin leis an gComhairle Contae agus an Chomhairle Oidhreachta as a dtacaíocht.

Tá fáilte roimh an bpobal ag an searmanas cuimhneacháin ag Céibh Bhearna ag a 3.00pm amárach.

Níos mó