Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
na-cuig-scannan-is-fearr-chun-feachaint-orthu-agus-na-cnuthacha-ort

Na cúig scannán is fearr chun féachaint orthu agus na cnúthacha ort

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Am sin na míosa tagtha arís? 

Crampaí i do bholg, goile craosach agat agus deora ar tí titim ó do shúile gan chúis? 

Mo chomhbhrón ó chroí leat, a léitheoir. Is minic mé sa chás céanna (uair sa mhí le bheith beacht) agus mar sin ofrálaim duit alt gearr a bheidh ina fhaoiseamh duit ag tréimhse dheacair seo do thimthrialla. 

Beir tusa greim ar na súitíní, an tseacláid, na blaincéid agus an buidéal te, agus tabharfaidh mise duit an liosta scannán a bhainfidh d’aird ó chéasadh na gcnúthacha, ar feadh cúpla uair an chloig ar a laghad. 

Little Women (2019)

Má bhí barróg i bhfoirm scannáin riamh ann, ba é Little Women é. 

Is breá liom an scannán seo ó thús deireadh; na feistis, na carachtair agus thar aon ní eile, an fuinnimh mór feimineach! Ní minic a fheictear scannán nó leabhar, mar a bhí sé ina thús dar ndóigh, ina gcuirtear oiread béime ar scéalta na mban agus ina ndéantar ceiliúradh chomh mór ar chaidreamh ban. Bhí an scéal seo de chuid Louisa May Alcott ina chlasaic nuair a tháinig sé ar an saol os cionn 150 bliain ó shin agus is clasaic an scannán de chuid an stiúrthóra Greta Gerwig leis, a tháinig amach sa bhliain 2019. Dhá uair a chloig agus cúig nóimeád déag d’aoibhneas atá ann. 

Ar fáil ar: Netflix 

No Strings Attached (2011)

Nuair a bhí mé ar coláiste, bhí sé de phribhléid agam teach a roinnt le beirt de mo dhlúthchairde ban agus bhí No Strings Attached ar na scannáin ab ansa linn. D’fhéachaimis arís agus arís eile agus bhaineadh sé rachtanna gáire asainn i gcónaí. Tá mé go mór den tuairim gur beag rud nach leigheasann coiméide rómánsach maith agus is fianaise mhaith é No Strings Attached den teoiric sin. Is gleoitín amach is amach é carachtar Ashton Kutcher sa scannán agus is mór an sásamh atá le baint as na rudaí áiféiseacha a dhéanann sé ar mhaithe le carachtar Natalie Portman a mhealladh; mar shampla, téip cheoil mheasctha a dhéanamh di nuair a bhíonn sí féin thíos le ham sin na míosa, agus an téip iomlán d’amhrán a thagraíonn do na chnúthacha. Bhímis sna trithí! 

Ar fáil ar NowTV agus Apple TV

BookSmart (2019)

Nuair a dhéanann muid gáire, táirgeann ár gcoirp pianmhúcháin nádúrtha agus mar sin molaim daoibh féachaint ar an scannán iontach teacht in inmhe, Booksmart, a bhainfidh scairteanna gáire rialta asat agus a shábhálfaidh costas bosca paraicéiteamól ort! Leanann an scéal seo beirt dlúthchairde a chaith blianta na scoile sáite i mbun na leabhar. Ag druidim le deireadh na scoilbhliana, beartaíonn siad ar eachtra mhór a bheith acu sula bhfágann siad slán lena chéile agus sula dtugann siad aghaidh ar an ollscoil. Is iomaí cor agus casadh sa scéal cliste, uathúil seo a bhain deora gáire ó mo shúile féin. Molaim go hard é. 

Ar fáil ar cíos ó YouTube Movies 

Turning Red (2022)

Ba mhór an feall é liosta scannán don té a bhfuil na cnúthacha orthu a dhéanamh, gan tagairt do scannán Disney Turning Red. Bhí an scannán seo go mór i mbéal an phobail i mbliana mar gheall ar na fothagairtí láidre atá sa scéal do thionchar an chaithreachais ar choirp chailíní. Bhí roinnt daoine á mholadh as dul i ngleic le hábhar a raibh tabú bainteach leis ar an scáileán agus sa saol i gcoitinne le fada an lá, ach ba ann dóibh siúd a cheap nár ábhar feiliúnach do pháistí a bhí ann. Cibé tuairim atá agat féin faoin gcnámh spairne sin, is scannán spreagúil, dearfach é seo a dhéanann ceiliúradh ar chailíní agus a chuirfidh miongháire ort. 

Ar fáil ar: Disney + 

Moxie! (2021)

Má tá cíochbheart á chaitheamh agat agus tú ag féachaint ar an scannán seo, beidh fonn ort é chur trí thine agam sula mbeadh radharc ar na teidil chreidiúna! Tá fuinneamh fíochmhar, banúil sa scannán seo a stiúir Amy Poehler. Níl dabht ach go bhfuil teachtaireacht an fheimineachais go láidir sa scéal ó thús deireadh, ach é curtha inár láthair i mbealach siamsúil, spleodrach, spraíúil. Ar bhealach, tá mé in éad le déagóirí na linne seo, gur tháinig scannán mar seo amach chun freastal orthu ag aois chinniúnach na ndéaga, ach bainfidh bean ar bith taitneamh as Moxie!, cuma cén aois atá sí nó, nó cén tréimhse dá timthriall. 

Ar fáil ar: Netflix

Níos mó