Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
na-scannain-oiche-shamhna-is-fearr-don-te-nach-dtaitnionn-scannain-uafais-leis

Na scannáin Oíche Shamhna is fearr don té nach dtaitníonn scannáin uafáis leis

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Is ann dóibh siúd ar breá leo scannáin uafáis agus a bhaineann ardphléisiúr as a bheith sceimhlithe ina mbeatha roimh an scáileán. Bíonn siad ar cipíní agus eachtraí gránna ag titim amach os a gcomhair, cuma cé acu síceapataigh, taibhsí nó zombaithe atá i lár an aonaigh. 

Nílimse féin ina measc. Is faiteachán amach is amach mé agus an cháil amuigh orm mar dhuine ar éasca geit a bhaint as. Cuireann corrscannán do pháistí cearthaí orm fiú (Éilis i dTír na nIontas? Abair scéiniúil!). 

Mar sin agus muid ag druidim i dtreo Oíche Shamhna, cuirim i do láthair an liosta seo a leanas do mo chomhfhaiteacháin ar mhaith leo a bheith ar a socair agus iad ag ceiliúradh an tséasúir;

Na scannáin Oíche Shamhna is fearr, don té nach dtaitníonn scannáin uafáis leo. 

Hocus Pocus 2 (2022) 

Tá Bette Midler, Sarah Jessica Parker agus Kathy Najimy chugainn arís sa scéal leanta seo den scannán iomráiteach Hocus Pocus. Cé go bhfuil nach mór 30 bliain imithe ó tháinig an scannán amach sa bhliain 1993, maireann draíocht an scéil fós agus tá lucht leanta an scannáin cultais seo ar bís d’fhilleadh na ndeirfiúracha Sanderson (mé féin san áireamh!). Cuireadh an scannán le suíomh Disney + ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus is rogha iontach é don té a bhfuil fonn orthu séasúr na Samhna a cheiliúradh, ach ar fearr leo na tromluithe a sheachaint. 

Ar fáil ar Disney+ 

Bewitched (2005)

Ní baol go mbainfidh an coiméide rómánsúil séasúrach seo geit asat! In Bewitched, tá Nicole Kidman agus Will Ferrell le feiceáil i dteannta a chéile ar an scáileán mar aisteoirí atá ag tabhairt faoi leagan nua den tsraith teilifíse den teideal céanna a dhéanamh. Tá carachtar Ferrell den tuairim go bhfuil bean mhianta a chroí aimsithe aige in Kidman, go dtí go dtagann sé chun solais gur cailleach atá inti! Bíonn idir ghean agus ghráin agam ar shaothar Will Ferrell, ach caithfidh mé a rá go bhfuil mealltacht shimplí ag baint leis an scannán seo a thaitníonn liom. Cuireann se cuid de gleoiteacht Sabrina the Teenage Witch i gcuimhne dom, ach leis an mbaois is iondúil ó scannáin Ferrell. 

Ar fáil ar YouTube Movies 

Mean Girls (2004)

“I ndomhan na gcailíní, is í Oíche Shamhna an t-aon oíche sa bhliain inar féidir le cailín cuma striapaigh a chur uirthi féin, gan de chumas ag a comhchailíní í a cháineadh”. 

Nuair a smaoinítear ar radharcanna scannáin a bhaineann le hOíche Shamhna, is mór an seans go dtiocfadh an líne mhíchlúiteach úd ó Mean Girls chun cuimhne. Aontaígí leis nó ná haontaígí, luafar an líne chéanna arís is arís eile nuair a phléifear gléasadh na hoíche úd agus is deis í Oíche Shamhna chun an séasúr a cheiliúradh le sciuird síos bhóithrín na smaointe. 

Ar fáil ar YouTube Movies

Coco (2017)

Cé a cheapfadh go bhféadfadh le duine sárcheol agus spraoi a bheith acu i dTír na Marbh? Ní mise, go dtí go bhfaca mé an scannán iontach seo. Tá dea-cháil Disney Pixar tuillte go maith acu i dtaobh an scannáin seo; scéal a leanann buachaill óg ar a aistear go Tír na Marbh, ina gcastar a shin-sin-seanathair air agus a mbíonn gach saghas eachtra acu ann. Ní baol go mbainfear geit asat agus tú ach féachaint ar an scannán seo atá foirfe d’Oíche Shamhna, ach ní fhéadfainn an gealladh céanna a dhéanamh i dtaobh na ndeor! Beir leat bosca ciarsúr, ar fhaitíos na bhfaitíos…

Ar fáil ar Disney+ 

Harry Potter agus an Órchloch (2001)

Ní fhéadfainn an liosta seo a scríobh gan trácht a dhéanamh ar leaganacha Gaeilge de Harry Potter a bhíonn á gcraoladh go rialta ar TG4. Is iontach ar fad go bhfuil a leithéid ann do phobal na Gaeilge agus draíocht an scéil tagtha slán ó Bhéarla go Gaeilge bhreá bhlasta sna scannáin! Níl fáil ar na scannáin dubáilte ar líne faraor, ach bíonn siad le feiceáil ar TG4 cúpla uair sa bhliain go hiondúil, thart ar laethanta saoire na scoile. Mar sin, bíodh bhur súile amuigh agaibh agus sibh ag féachaint ar an treoirleabhar teilifíse don chéad chraoladh eile, go mbeidh sibh in ann é a thaifead ar an mbosca Sky (nó cibé seirbhís teilifíse atá agaibh) agus é a shábháil . 

Arracht (2020)

Ní bhfaighidh tú cailleacha, zombaithe ná taibhsí sa scannán seo, ach scéal corraitheach faoi aimsir an ghorta in Éirinn, á chur i láthair agus á léiriú go cumasach ag aisteoirí den scoth agus ag an stiúrthóir iomráiteach Tom Sullivan. Tháinig an scannán seo amach le linn na paindéime sa bhliain 2020 agus bhuaigh sé Scannán na Bliana ag Oireachtas na Gaeilge chomh maith leis an Scannán Éireannach is Fearr ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath. Bhain an príomhaisteoir Dónall Ó Héalaí gradam speisialta amach ag féile Bhaile Átha Cliath dá pháirt freisin, an Aer Lingus Discovery Award.

Ach cén bhaint atá ag an scannán céanna le hOíche Shamhna a fhiafraíonn tú? Beidh Arracht ina bhuaicphointe sceidil ar TG4 an Oíche Shamhna seo agus é le craoladh den chéad uair ar theilifís ar 21:30. B’fhéidir nach mbeidh sé chomh spúcaí leis na scannáin Oíche Shamhna eile, ach beidh sé speisialta! 

Le feiceáil ar TG4, Oíche Shamhna 21:30

Níos mó