Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ni-mor-a-bheith-go-hiomlan-soileir-faoinar-mhaith-leat-a-bhaint-amach’

‘Ní mór a bheith go hiomlán soiléir faoinar mhaith leat a bhaint amach’

| An Gael Glas | ,

Nach breá linn go léir anraith! Lá fuar geimhridh, agus tú ag teacht isteach ón ngort, níl rud ar bith níos fearr ná babhla mór te anraith trátaí, canta aráin agus brat ime nó Nutella air chun tumadh isteach ann, agus a fhios agat go mbeidh tú te teolaí agus do bholg lán i gceann cúpla nóiméad. 

Agus ar ndóigh, is breá linn go léir Vincent Van Gogh. Fear na leathchluaise féin agus lusanna na gréine sin tarraingthe go hiontach aige – nach mbeadh sé go maith pictiúr nó dhó uaidh a bheith os cionn an teallaigh sa bhaile? Ach nach ait é nuair a mheasctar dhá rud mar seo a bhfuil dúil againn iontu le chéile, nach mbíonn gach éinne sásta? Táim ag tagairt don chleas agóide sin a rinne Just Stop Oil an tseachtain seo caite i ngailearaí náisiúnta na Breataine. 

Tharraing an t-éacht sin go leor airde sna meáin, idir mholadh agus cháineadh, agus is sampla eile é den ghníomh poiblí nó an agóid shíochánta aeráide atá tagtha chun cinn le roinnt blianta anuas. Tá aithne againn ar Extinction Rebellion (XR) agus agóidí mar seo déanta acu le fada, agus tá grúpaí eile tagtha ar an bhfód anois – leithéidí na Tyre Extinguishers mar shampla. 

De réir an méid a dúirt an bheirt a d’ionsaigh na bláthanna ag an am, agus atá ráite ag urlabhraí an ghrúpa níos déanaí, rinne siad é díreach chun aird a tharraingt ar athrú aeráide agus an costas maireachtála – “ní hacmhainn do go leor daoine canna anraith a cheannach” a dúirt siad, agus ceann á chaitheamh acu ar mhórshaothar an Ghoghaigh (a bhí cosanta faoi ghloine ar ndóigh)

Bhuel, chuir sé sin an t-im tríd an mbrúitín! Thug sé dúinne a bhíonn ag maireachtaint ar na meáin shóisialta, agus a mbíonn fonn troda orainn de ghnáth, deis mhaith argóna lenár gcairde agus lenár naimhde. Caithfear a rá go raibh formhór den phobal aeráide i gcoinne an chleasa ar dtús, agus thóg sé tamall maith go dtí go raibh na cosantóirí sásta teacht amach (nó go dtí go raibh a n-argóintí réidh acu b’fhéidir). 

Anois, ní féidir cur i leith an Ghaeil Ghlais nach duine stuama tuisceanach mé, agus d’fhan mé i mo thost chun dianmhachnamh a dhéanamh ar an scéal, agus ar an gcás ina fhabhar agus ina choinne. Ach táim sásta anois a rá nach bhfaca mé a leithéid de phleidhcíocht riamh i mo shaol!

Níl aon fadhb agam le hagóidí, nó le gníomh díreach -ghlac mé páirt iontu go deimhin – ach ní mór do na rannpháirtithe agus na heagraíochtaí a bheith go hiomlán soiléir faoi cad atá siad ag iarraidh a bhaint amach. Brú a chur ar mhúsaem nó ar ghailearaí poiblí eirí as conradh le comhlacht bhreosla iontaise? Polaiteoirí a mhealladh i dtreo na an chirt? Pobal a ghríosú chun feall a réiteach? Ach ní hé sin a bhí ó Just Stop Oil, ach amháin aird a tharraingt ar an éigeandáil aeráide agus í a cheangal go ciontach le mórscéal eile an lae – an costas maireachtála.

Cén fáth? Tá an t-eolas sin ag gach mac máthar, agus ní gá bacadh leis an dream atá chomh stuacach go séanann siad é go fóill. Cén fáth go gcuirfí dea-thoil an phobail amú ar chleas chomh soineanta? Tá an scéal níos measa fós toisc go bhfuil eagraíocht eile nach bhfuil ach leathmhíle amach ón ait, Músaem na Breataine, a bhfuil conradh acu le BP (chuir an Gailearaí Náisiúnta féin deireadh leis an gceann acu le Shell i 2018). N’fheadar cén fáth nach ndeachaigh siad síos go dtí Russell Square chun anraith Mhullach na Tamhnaí a chaitheamh ar na Mirlíní Elgin (agus iachall a chur ar an Músaem gach ar ghoid siad a thabhairt ar ais!).

Tarraingíonn gníomhartha mar seo freagra chomh maith le haird, agus tá an baol ann go ndéanfadh sé dochar don obair atá á déanamh ag gníomhaithe aeráide eile. Séanann Just Stop Oil é seo – dar leo is sample é seo den ‘Radical Flank’, .i. go mbeidh an pobal sásta anois glacadh le grúpaí aeráide eile atá níos neamhurchóidí, cé nach raibh siad roimhe go dtí go bhfaca siad na hantoiscigh ag dul thar fóir. Tá fianaise leis sin gan dabht, ach ní dóigh liom gur fiú é nuair atá toil fhormhór an phobail ag teastáil. Níl sé cinnte go mbeidh an toradh is fearr agat nuair a déanann tú tomhas air sa deireadh.

Ach ní hé sin príomhfhadhb an ghrúpa seo. Ceann de na bagairtí is mó sna blianta amach romhainn ná go neartóidh an faisisteachas aeráide sa tsochaí. Tá sé sin curtha i leith XR go minic – go mbíonn siad claonta i dtreo na dtíortha saibhre agus i dtreo na meánaicme sna tíortha sin, go n-oireann na teaicticí a úsáideann siad, gníomhaí díreacha agus glacadh le gabháil ag na póilíní, do dhaoine geala amháin, agus go gcuireann siad todhchaí lucht an rachmais sa phríomháit i gcónaí, beag beann ar na mílte atá ag streachailt i dtíortha beaga. 

In áiteanna eile cosúil le Meiriceá agus an Astráil, cáintear iad toisc nach nglacann siad le díchoilíneachas mar sprioc riachtanach, agus go gcuireann siad bac ar an aistriú cóir a bhaint amach. Tá duine de bhunaitheoirí XR, Roger Hallam, ag obair le Just Stop Oil anois, agus a rian go hiomlán ar an gcleas seo in London. Is ábhar mór imní na tuairimí atá luaite aige cheana, agus tá eagla go bhfuil sé sásta daoine óga a chur sa bhearna bhaoil chun tairbhe a bhaint dá eagraíocht amháin.

Tá gá ann do ghníomh díreach agus do ghníomh indíreach araon, ach caithfear bheith cinnte go bhfuil an sprioc inbhainte amach, go meallann sé agus go nascann sé an pobal le chéile chomh fada agus is féidir. Sin an rud is tábhachtaí a bheidh ag teastáil uainn sna blianta achrannacha atá amach romhainn – pobal láidir a bheidh in ann teacht tríd na deacrachtaí a eascróidh as tionchar na hathruithe aeráide agus saol agus todhchaí níos fearr a aimsiú. Scarann an feachtas seo ag Just Stop Oil an pobal amach óna chéile, agus ní dóigh liom go gcabhróidh sé le haon rud ach amháin poiblíocht a thabhairt dóibh féin.

Níos mó