Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘teamai-mora-tabhachtacha-a-bple’-in-ursceal-nua-do-dhaoine-oga-le-re-o-laighleis

‘Téamaí móra tábhachtacha á bplé’ in úrscéal nua do dhaoine óga le Ré Ó Laighléis

| sean o dubhchon | ,

Tá laoch nua againn i litríocht na Gaeilge. Spluff Splaifeirtí is ainm dó agus níor léigh mé faoi charachtar cosúil leis riamh roimhe seo. Éireannach is ea é, a tógadh ar domhan, ach atá ag cur faoi anois ar Mhars. Is dea-shampla é Spluff den chineál carachtar a chruthaíonn an scríbhneoir Ré Ó Laighléis – carachtar a sheasann amach, atá casta agus inchreidte, agus a mhúsclaíonn comhbhá sa léitheoir. 

Ní chuireann an t-údar focal amú riamh, nós a leantar leis san úrscéal spreagúil Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad MARZ. Tosaíonn an scéal go tobann, agus tá sé lán de ghreann, aicsean agus comhrá snasta taitneamhach idir na carachtair. Tá an teanga atá in úsáid san úrscéal an-saibhir agus cé go bhfuil a lán téarmaí a bhaineann leis an spástaisteal, ní chuireann sin isteach ar luas nó ar sothuigtheacht an scéal riamh. 

Is féidir le ficsean eolaíochta a bheith dúshlánach mar sheánra scríbhneoireachta, ach éiríonn go hiontach leis an údar scéal soiléir agus fíorshuimiúil a insint. Tá léaráidí Ray McDonnell ar fheabhas agus go mór in oiriúint don leabhar, agus pictiúir teibí cumhachtacha ann a mhúsclaíonn íomhánna den phláinéad dearg. 

Cruthaíonn Ré Ó Laighléis teanga uilíoch a chuireann go mór leis an scéal. Litrítear go leor focail leis an litir ‘z’, an pláinéad ‘Marz’ san áireamh. Tá imeartas focal síos tríd an leabhar ar fad a chuireann le greann an scéil. Tá go leor de na focail atá i dteanga na Marsach bunaithe ar an nGaeilge. Bíonn na ‘MarzíGhardaí’ ag cosaint an phobail. Bíonn rudaí a reáchtáil agus a stiúradh ag an ‘MarzíBhardas’. Dá mbeifeá ar shaoire ar Mhars, gach seans go rachfá ar eitleán ‘Ryanzízzair-Marz’, go bhfanfá in ‘Óstánz an Razdizzon’ agus go dtabharfá cuairt ar ‘phictiúrzzlann’. 

Tá an-spraoi ag baint leis an gcaoi a bhfuil na focail seo in úsáid, rud a chur an t-úrscéal Nineteen Eighty-Four le George Orwell i gcuimhne dom, ós rud é gur chruthaigh Orwell ‘Newspeak’, teanga fhicsin atá in úsáid ina úrscéal. Cé go bhfuil Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad MARZtaitneamhach seachas a bheith duairc mar scéal, tugann sé inchreidteacht iontach don scéal agus gineann sé gáire ón léitheoir. Mothaíonn tú go bhfuil tú ar Mhars mar léitheoir ó thús deireadh an leabhair.

Tá tagairt ann don seanfhocal ‘curiosity killed the cat’ go minic i rith an scéil. Tugtar le fios go bhfuil Spluff Splaifeirtí agus Aloysius Ó Luanaí an-fhiosrach mar charachtar, tréith a chuireann i bponc iad, ach a chabhraíonn go mór leo chomh maith, nuair atá siad sa bhearna bhaoil. 

Is carachtair as an ngnáth iad Spluff agus Aloysius, nach bhfeicimid rómhinic i leabhair do dhaoine óga. Steiréitíopaí a bhíonn sna carachtair seo go minic, geocaigh ar imeall an phobail. Déantar ceiliúradh ar na carachtair seo in Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad MARZ agus laochra an scéil is ea iad. 

Tá téamaí móra tábhachtacha á bplé san úrscéal. Faighimid amach go luath go bhfuil sé de sprioc ag gníomhaireachtaí éagsúla sa Rúis, sa tSín agus i Meiriceá theacht go Mars agus leas a bhaint as na hacmhainní nádúrtha atá ar an bpláinéad. Tugtar le fios dúinn chomh maith go bhfuil slua beag de dhúchasaigh Mhars ar an eolas faoin méid atá le tarlú agus go bhfuil sé i gceist acu gnóthú as an méid a bheidh ar siúl ag na hionróirí atá tagtha ón Domhan. 

Tuigeann an carachtar críonna Aloysius, a rugadh in Éirinn agus atá díbeartha ar Mhars, an dochair atá déanta ag an chine daoine don domhan. Tá an ceart aige a bheith eaglach faoin méid atá in ann do Mhars agus don phobal a mhaireann ann. 

Is léir na cosúlachtaí atá ann leis an gcaoi a gcaitear leis an gcomhshaol ar fud na cruinne. Baineann líon beag daoine leas as na hacmhainní nádúrtha, déanann siad brabús agus ní smaoiníonn siad riamh ar na gnáthdhaoine a bhíonn ag fulaingt de bharr a gcuid sainte. Feicimid an tionchar a bhíonn ag saint, coimhlint, naimhdeas agus mímhacántacht ar mhuintir Mhars, agus an chrógacht a bhíonn de dhíth le dul i ngleic leis. 

Leabhar lán de mhistéir, spraoi, greann agus eachtraí is ea Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad MARZ, a léiríonn bua eisceachtúil scéalaíochta an údair. Táim ag súil go mbeidh deis againn dul ar aistear eile le Spluff Splaifeirtí sa spás go luath amach anseo. 

Bhí Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad MARZ le Ré Ó Laighléis agus maisithe ag Ray McDonnell ainmnithe do Ghradam Réics Carló 2022. Is féidir é a cheannach anseo.

Níos mó