Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
tionscadal-an-fhoclora-gaeilge-gaeilge-le-seoladh-ag-an-oireachtas

Tionscadal an Fhoclóra Gaeilge-Gaeilge le seoladh ag an Oireachtas

| Maitiu O Coimin | ,

Cuirfear síos ag Oireachtas na Samhna ar an obair réamhullmhúcháin atá déanta cheana féin ag foireann an tionscadail foclóireachta ar an gcéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge ag ócáid speisialta a reáchtálfar in Óstán an Brehon an tseachtain seo chugainn. 

Tá an obair ar an bhfoclóir Gaeilge-Gaeilge tosaithe le cúpla seachtain anuas ach beidh an seoladh oifigiúil ann ag 16.00 i Seomra na Mumhan Dé hAoine an 4 Samhain. Tabharfaidh eagarthóir an fhoclóra, Pádraig Ó Mianáin, agus bainisteoir an tionscadail Cormac Breathnach caint uathu faoin obair atá déanta go dtí seo agus faoi na pleananna atá ann do na cúig bliana amach romhainn. 

“Beidh 80,000 aonad céille san fhoclóir nua, beidh sé chomh mór céanna leis an New English-Irish Dictionary [foclóir.ie]. Is foclóir úrnua, scríofa as an bpíosa a bheidh ann, foclóir ginearálta a chuimseoidh an Ghaeilge mar atá sí á labhairt sa lá atá inniu ann sna trí mhórchanúint. Beidh sé comhaimseartha, nua-aimseartha, agus ar comhchéim le haon mhórfhoclóir aonteangach eile ar domhan,” a dúirt Cormac Breathnach le NÓS. 

Cé go bhfuil cúpla foclóir aonteangach Gaeilge-Gaeilge ar fáil cheana féin, dúirt Cormac nár cuireadh a leithéid seo le chéile riamh cheana i nGaeilge. Foilsíodh An Foclóir Beag in 1991, foclóir a raibh 14,000 aonad céille ann. Beidh an foclóir nua Gaeilge-Gaeilge, a chríochnófar in 2027, os cionn 500% níos mó ná an ceann sin. 

Tá obair mhór ar bun ag foireann foclóireachta Fhoras na Gaeilge le breis agus fiche bliain, ó cuireadh tús leis an tionscadal ag deireadh an chéid seo caite. Cuireadh an chéad leagan den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge ar fáil don phobal in 2013 agus foilsíodh leagan clóite den fhoclóir céanna in 2020. Is mar chuid den tionscadal céanna atáthar ag tabhairt faoin bhfoclóir Gaeilge-Gaeilge agus beifear ag tarraingt ar na hacmhainní agus na háiseanna a cuireadh le chéile le blianta beaga anuas agus an foclóir nua á scríobh. 

“Agus muid ag cur na sainmhínithe ar fáil do na haonaid chéille don fhoclóir Gaeilge-Gaeilge, rinneadh aisiompú ar na hiontrálacha ar an New English-Irish Dictionary – ba as sin a fuair muid creatlach an fhoclóra seo. Tá a fhios ag gach duine nach ionann an Ghaeilge agus an Béarla – nach ionann aon dá theanga – agus nach bhfuil aon chaidreamh díreach ann idir an dá theanga. Bhí go leor glanadh le déanamh ar na sainmhínithe sin. 

“Tá ollchorpas comhaimseartha Gaeilge againn a bhfuil 100,000,000 focal ann. Tá an corpas a rinne Fiontar agus Scoil na Gaeilge in DCU ina chuid de sin, ach tá tras-scríbhinní ann ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus ábhar ó go leor toibreacha eile ann freisin. Is ar an ollchorpas sin a thógfar an foclóir nua agus beidh sé mar bhunús le go leor de na habairtí samplacha a bheidh ann. Bíonn go leor comhoibriú ann le grúpaí eile, Fiontar ina measc,” a dúirt Cormac le NÓS. 

Ó tharla nach bhfuil an togra ach ina thús, níl go leor de na cinntí móra a bheidh le déanamh socraithe fós ag foireann an fhoclóra. Ar cheann de na ceisteanna sin beidh ceist an gcanúintí, ceist a chothaíonn achrann ó am go chéile i measc cainteoirí Gaeilge. 

“Níl cinneadh déanta fós againn faoi chúrsaí canúna, ach tá na comhaid fuaime ann cheana féin agus is mór an chabhair iad sin agus na canúintí á bplé. Beifear in ann fuaimniú na bhfocal a chloisteáil ar shuíomh an fhoclóra sna trí mhórchanúint mar atá ar an New English-Irish Dictionary agus teanglann.ie faoi láthair. 

“Tá slite eile ann leis an gceist a réiteach chomh maith. Cuirim i gcás an focal ‘maicréal’, ‘ronnach’, nó ‘murlas’; focail a thagraíonn don iasc céanna in áiteanna difriúla ar fud na tíre. Beidh nóta san fhoclóir gur comhchiallaigh iad na focail sin agus nasc eatarthu. Má chuardaítear ‘ronnach’ beidh eolas ann ina gcuirfear síos ar an iasc féin agus nóta a deir gurb ionann é agus an maicréal agus an murlas,” a dúirt Cormac. 

Is togra cúig bliana é an chéad chéim eile seo de thionscadal na foclóireachta ach tá súil ag lucht an fhoclóra ábhar a chur in airde ar an suíomh “nuair a bheidh sé réidh”, mar a rinneadh i gcás an fhoclóra Béarla-Gaeilge idir 2013-2020. 

“An plean atá ann i láthair na huaire ná go gcuirfimid ábhar suas ag deireadh bhliain a trí (2025), bliain a ceathair (2026), agus bliain a cúig (2027). Mar sin beidh trí bliana ann sula bhfeicfidh an pobal toradh fónta ar an obair.

“An plean ná go mbeidh gach rud ar fáil in aon áit amháin – is é sin foclóir.ie. Tiocfaidh an t-úsáideoir ar shainmhíniú ar an bhfoclóir Béarla-Gaeilge, an foclóir Gaeilge-Gaeilge, agus an foclóir nua Gaeilge-Béarla atá á chur le chéile faoi láthair chomh maith,” a dúirt sé. 

Murab ionann agus an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, a cuireadh i gcló faoin teideal Concise Irish-English Dictionary in 2020, níl sé i gceist ag lucht an fhoclóra leagan clóite den fhoclóir nua Gaeilge-Gaeilge a chur amach. 

“Níl sé i gceist leagan clóite a chur amach faoi láthair, ach cá bhfios nach ndéanfar dul chun cinn mór sa teicneolaíocht mar a rinneadh agus an foclóir eile á chur le chéile. An plean a bhí ann an uair sin ná leagan clóite agus CD-ROM a chur amach ach leath slí tríd an bpróiseas b’éigean don fhoireann bainistíochta suí síos agus a rá nach raibh aon chiall le CD-ROM a dhéanamh. Rinne leagan aipe den fhoclóir sin, rud nach raibh sa phlean nuair a ceapadh ar dtús é, cá bhfios nach mbeidh rud nua iontach ann in 2027 a mbeidh orainn aghaidh a thabhairt air?” a dúirt Cormac. 

Dúirt sé freisin gur “obair leanúnach” a bhíonn i gceist leis an bhfoclóireacht agus cé go dtiocfaidh deireadh leis an gcuid seo den togra in 2027 go bhfuil an t-uafás féidearthachtaí ann. 

“D’fhéadfaimis 10,000 aonad céille nua a chur leis na foclóirí, feabhas a chur ar na nótaí úsáide, cur leis na leideanna gramadaí, na habairtí samplacha, agus na comhaid fuaime a théann leis na focail. Ní bhíonn deireadh go deo leis an obair foclóireachta i ndáiríre,” a dúirt sé. 

Beidh an foclóir Gaeilge-Gaeilge agus an foclóir nua Gaeilge-Béarla – “an FGB nua” mar a thugtar air – á réiteach ag foireann na foclóireachta ag an am céanna agus tá sé i gceist acu go mbeidh an dá thogra críochnaithe faoi dheireadh na bliana 2027. Fostaíodh roinnt mhaith daoine nua i lár an fhómhair le tabhairt faoin tionscadal mór millteach seo. 

Beidh trí imeacht foclóireachta ar siúl ag Foras na Gaeilge ag an Oireachtas i mbliana. Beidh gach imeacht ar siúl i Seomra na Mumhan in Óstán an Brehon. An chéad imeacht ná ceardlann 30 nóiméad (14.00) ar úsáid foclóir.ie agus teanglann.ie, taispeánfar “conas lántairbhe a bhaint as na foclóir agus áiseanna ar líne”. Seolfar na Foclóirí Nua Gaeilge ag 16.00. Tráthnóna Dé Sathairn ag 13.00 reáchtálfar an Siompóisiam Foclóireachta, ina ndéanfaidh painéal aoichainteoirí plé ar an riocht ina mbeidh an teanga i gceann 30 bliain, dar leo. 

Níos mó