Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘trom-agus-eadrom-a-bple-go-deaslamhach-i-sarshaothar-richie-conroy’

‘Trom agus éadrom á bplé go deaslámhach i sárshaothar Richie Conroy’

| sean o dubhchon | ,

Tá Emily Porter ar ais le cumha i ndiaidh an tseansaoil a chur orainn siúd ar fad a rugadh na hochtóidí agus ag tús na nóchaidí. Tá trí bliana caite ó chuireamar aithne ar Emily den chéad uair sa leabhar Dialann Emily Porter: An Jailtacht

Thug an chéad leabhar léargas taitneamhach cuimsitheach dúinn ar thaithí déagóra, agus casaimid le Emily arís in Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal. Tá sé an-deacair An Jailtacht a bhualadh amach, ach thiocfaí a rá go bhfuil Thíos Seal, Thuas Seal níos fearr fós, agus deis againn breis aithne a chur ar na carachtair ar fad. 

Tá Emily díreach tar éis filleadh ón Ghaeltacht ag tús an dara leabhar, agus í dúnta i ngrá lena grá geal Gaillmheach Cian. Tá sí ag dul isteach san idirbhliain agus teastaíonn uaithi post páirtaimseartha a fháil. Tá sí ag aimsiú a háite ina clann agus ag iarraidh plé leis na dúshláin a bhaineann le cúrsaí cairdis sna déaga. 

Cé go bhfuil an leabhar suite sa bhliain 1994, is scéal coiteann é scéal Emily Porter. Tá déagóirí ag plé leis na fadhbanna céanna le blianta fada, agus is dócha go mbeidh go deo. Tá sé an-éasca ionbhá a léiriú le Emily, agus carachtar barántúil is ea í. 

Níl aon charachtar gan locht sa leabhar seo, agus níl aon duine atá go hiomlán naimhdeach ach oiread. Tá doimhneacht agus castacht ag baint le gach pearsa sa scéal, agus tá ardmholadh tuilte ag an údar Richie Conroy as a chuid mionchruinnis leis na carachtair ar fad. 

Bíonn ar gach carachtar brón nó leithscéal a ghabhail ag pointe éigean sa leabhar, rud a chuireann go mór le réalachas an scéil. Cé go bpléitear topaicí dúshlánacha ar nós an ólacháin, drugaí, cúrsaí collaíochta agus toircheas, go cúramach agus go dílis. Seo leabhar a bhfuil ábhar machnaimh ann, lán d’íochtaráin, agus bíonn an léitheoir taobh thiar díobh ar fad. 

Cé go bhfuil ábhar trom á phlé go minic in Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal, níl sé duairc mar leabhar. Tá an-chraic ag baint leis an scéal tá an comhrá idir na carachtair an-éifeachtach. Creidtear gach uile fhocal atá ráite agus is féidir leis an léitheoir na carachtair ar fad a aithint i gcairde, i mbaill teaghlaigh nó i ndaoine eile timpeall orthu.   

Cáipéis stairiúil is ea an leabhar seo chomh maith. Leanaimid eachtraí Emily ar feadh bliana, ó 24 Iúil 1994 go 22 Iúil 1995. Bhí a lán athruithe ag tarlú in Éirinn i lár na nóchaidí agus faighimid léargas cuimsitheach orthu, ar an reifreann colscartha ach go háirithe. 

Léiríonn an t-úrscéal na bealaí a caitheamh le mná san earnáil oibre, agus an méid a tharla dóibh nuair a rinne siad gearán. Faighimid tuiscint ar an stiogma a bhain le bheith homaighnéasach sna nóchaidí, níos lú ná dhá bhliain i ndiaidh d’Éirinn fáil réidh leis na dlíthe in aghaidh na homaighnéasachta.

Faigheann an léitheoir an-tuiscint ar chultúr agus ar thaithí an óige sna nóchaidí sa leabharFeicimid Emily ag tabhairt fístéip ar ais go dtí siopa Xtravision agus go raibh uirthi 50p as dearmad a dhéanamh an téip a chur siar go dtí an tús. Mothaímid an frustrachas a bhain le bheith ar shiúl as baile le Walkman ina raibh na cadhnraí caite. Aithneoimid an só a bhain le huachtar reoite Romantica a fháil ar an Domhnach agus le héadaí a cheannach in Penneys, seachas in Benetton. 

Beidh gach duine sa tír seo atá os cionn tríocha in ann iad féin a aithint i gcarachtar éigean sa leabhar seo, agus beidh gach duine faoi thríocha in ann na carachtair ar fad a thuiscint ar aon nós. Gan dabht, beidh gach aoisghrúpa ag dul siar ag breathnú ar sheanfhíseáin de Neighbours, Home And Away, Clueless agus The Late Late Show, agus ag éisteacht le cuid ceoil Alanis Morissette, i ndiaidh dóibh na tagairtí ar fad a léamh sa leabhar.   

Leabhar do dhéagóirí is ea Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal ach, ós rud é gur leabhar an-chumasach é, tá sé go mór in oiriúint don léitheoir fásta. Is annamh a bhíonn carachtair chomh forbartha agus chomh réalaíoch i leabhair do dhéagóirí, agus téimid ar aistear iontach leo. 

Tá ábhar trom agus éadrom pléite go deaslámhach sa leabhar agus taispeánann an t-úrscéal an bua eisceachtúil atá ag Richie Conroy. Sárshaothar litríochta le scéal coiteann is ea Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal. Le cúnamh Dé, beidh níos mó dialanna a scríobh ag Emily Porter. 

Bhí Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal scríofa ag Richie Conroy agus maisithe ag Don Conroy ainmnithe do Ghradam Réics Carló 2022. Is féidir é a cheannach anseo.

Níos mó