Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ursceal-eisceachtuil-teacht-in-inmhe-a-chuirfidh-an-leitheoir-ag-gol-agus-ag-gaire’

‘Úrscéal eisceachtúil teacht in inmhe a chuirfidh an léitheoir ag gol agus ag gáire’

| sean o dubhchon | ,

Tá moladh mór faighte ag Ógie Ó Céilleachair dá chuid leabhar do dhéagóirí, agus is dea-shamplaí iad Cúpla agus Katfish agus Scéalta Eile de litríocht na n-óg sa tír seo. Mar sin, tá talamh úr á shiúl ag an údar lena úrscéal is déanaí – Árasán – agus is sárshaothar amach is amach é. 

Is leabhar do dhaoine fásta é Árasán, rud a thuigeann an léitheoir láithreach bonn. Tá Árasán ionraic, garbh, inchreidte agus réalaíoch. 

Tá an scéal bunaithe ar cheathrar mac léinn ollscoile sna déaga déanacha atá ag roinnt árasáin lena chéile. Tosaíonn an ceathrar sin amach mar chineál steiréitíopaí nó cineálacha carachtair a bhíonn le feiceáil i mbeagnach gach ollscoil. 

An rógaire a imríonn spórt. Tic. An cailín millte meánaicmeach. Tic. An ceoltóir cúthail. Tic. An gníomhaí radacach. Tic. Tá na cineálacha carachtair seo feicthe agam i leabhair, cláir agus scannáin eile, ach ann rud a dhéantar anseo ná go ndéantar forbairt ar na carachtair. Tugtar doimhneacht agus castacht dá phearsantachtaí. Is carachtair comhlíonta iad agus tugtar fáth don léitheoir a bheith taobh thiar díobh ar fad. Tá súil seabhaic ag an údar agus é ag cruthú carachtair ina shaothar, agus tá moladh mór tuilte aige dá chuid oibre san úrscéal seo.   

Cuireann Árasán cumha orthu siúd a d’fhreastail ar an ollscoil agus faighimid léargas cuimsitheach ar na deacrachtaí a bhaineann le bheith i do mhac léann óg, díreach i ndiaidh an ardteistiméireacht a chríochnú. Bíonn easpa airgid ann, agus feicimid na híobairtí atá á ndéanamh ag roinnt de na carachtair dá bharr sin. Bíonn frustrachas ag baint le teach a roinnt le strainséirí, nach bhfuil aon rud i bpáirt acu leat. Bíonn fadhbanna caidrimh ann, bíodh siad le páirtithe nó le cairde. Bíonn sé dúshlánach ag iarraidh tú féin a chur chun tosaigh, agus aithne a chur ort féin mar dhuine fásta neamhspleách. Bíonn sé doiligh ag iarraidh a bheith ag staidéar go dian agus ag baint sult as an saol ollscoile ag an am céanna. Thuig mé na deacrachtaí ar fad, agus rinne an t-údar sárjab as na heilimintí seo a shníomh isteach sa scéal. 

Tá bua na scéalaíochta san fhuil ag Ógie agus tagann sin trasna san úrscéal seo. Tá an reacaireacht snasta, mionsonraithe agus nádúrtha. Baintear an-úsáid as comhrá san úrscéal. Creideann tú gach uile fhocal agus tá sé ar nós go bhfuil tú ansin leis na carachtair. Tá tú in ann na carachtair a chur i gcomparáid le daoine a bhfuil aithne agat orthu, nó tú féin a aithint sna carachtair. Cé go bhfuil an scéal bunaithe ar thréimhse ama measartha gairid i saol an duine, is úrscéal coiteann é Árasán, a dhíríonn ar chúrsaí caidrimh agus mothúcháin dhaonna ná rud ar bith eile. 

Tá ábhar trom á phlé in Árasán. Tá bochtaineacht, mídhílseacht, caidrimh nimhneacha agus míchothromaíocht mar shnáithí tábhachtacha ó thús deireadh an leabhair. Thar aon rud eile, pléitear mí-úsáid ghnéis agus pornagrafaíocht díoltais. Déantar tagairt don dlí nua ‘Coco’s Law’, a achtaíodh le cosc a chur ar dhaoine a bheith ag roinnt íomhánna agus físeáin phríobháideacha d’íobartaigh gan cead. 

Tá éacht déanta ag an údar as na téamaí seo a láimhseáil ar bhealach cúramach  a thugann dóchas don léitheoir. Tá ábhar machnaimh sa leabhar seo atá fíorthábhachtach, ach nach bun agus barr an scéil é ag an am céanna. 

Tá neart grinn sa leabhar seo chomh maith. Is iomaí an eachtra mhíchompordach a thagann aníos sa scéal. Seasann ceann amháin, agus Darach sa léacht mícheart, amach go mór dom. Feicimid samplaí de na coimhlintí cumhachtacha a thagann aníos idir mhic léinn chomh maith, agus tá an chraic agus an amaidí a bhaineann leis an saol ollscoile pléite go han-éifeachtach. 

Tá sé fíordheacair Árasán a chur síos. Chomh luath is a cheapann tú go bhfuil rudaí ag socrú síos sa scéal, bíonn casadh eile. Tá plota an leabhair taitneamhach agus ní féidir é a thuar.

Is ó chúlraí difriúla a thagann príomhcharachtair an leabhair seo, iad ar fad caite isteach i meascán mearaí na hollscoile. Feicimid iad ag fás agus ag forbairt mar dhaoine, ag athrú de réir mar a chuireann siad aithne ar dhaoine le tuairimí difriúla agus de réir mar a bhuailtear buillí troma orthu i rith na bliana. Is úrscéal eisceachtúil teacht in inmhe é seo a chuirfidh an léitheoir ag gol agus ag gáire. 

Leabhar nach féidir leat leagan uait is ea Árasán: úrscéal a léiríonn mionchruinneas agus draíocht scéalaíochta an údair. Táim ag súil go mbeidh deis againn léamh faoi eachtraí an dara bliain go luath. 

Bhí Árasán le hÓgie Ó Céilleachair ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin 2022. Is féidir é a cheannach anseo.

Níos mó