Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
gradam-rte-rnag-le-bronnadh-ar-john-beag-o-flatharta-anocht

Gradam RTÉ RnaG le bronnadh ar John Beag Ó Flatharta anocht

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Is ar an gceoltóir aitheanta John Beag Ó Flatharta a bhronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbliana. Bronnfar an gradam mar chomhartha ómóis agus aitheantais d’fhear Leitir Mealláin as a shaothar ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne anocht. 

Tá a cháil amuigh ar John Beag mar amhránaí, ceoltóir, file, agus fear bád. Chuaigh sé ar imirce go Sasana sna 1970idí agus ba ann a thosaigh sé ag casadh ceoil. Sna hochtóidí a bhunaigh sé féin agus a leathbhádóir Pádraig Ó Lochlainn an banna ceoil ‘Na hAncairí’, banna ceoil a thuill clú agus cáil i measc na nGael – muintir Chonamara go mór mór. 

Bhí an-tóir go deo ag mhuintir a áite dúchais ar an stíl nua amhránaíochta a d’fhorbair sé, ar meascán í den sean-nós agus den cheol tíre a bhí, agus atá, go mór i réim in iar-Chonnachta. Ba é féin a chum cuid de na hamhráin a chan sé ach ba iad na cumadóirí móra Tom a’ tSeoighe, Tomás Rua Mac Con Iomaire, Eddie Bheairtle Ó Conghaile agus Ciarán Ó Fátharta a chum cuid de na hamhráin ba mhó a bhí aige. Is é Ciarán Ó Fátharta féin a bhronnfaidh an gradam speisialta air le linn Chorn Uí Riada san INEC anocht. 

In 1980 a casadh ceol de chuid John Beag ar RTÉ Raidió na Gaeltachta den chéad uair – ba é sin an t-amhrán ‘Amhrán na Seoighe’. Is iad na téamaí mór atá tábhachtach do phobal Chonamara is mó is ábhar dá chuid amhrán – an deoraíocht, an fharraige, agus ar ndóigh cúrsaí grá agus cairdis. Tá ocht gcinn d’albaim curtha amach aige i gcaitheamh na mblianta, Roots n’ Raithneach an ceann is deireanaí acu sin (2020).

Dúirt John Beag in agallamh a thug sé don chlár Iris Aniar inné go dtugann an tacaíocht a thugann RnaG, agus tóir na n-éisteoirí ar a chuid amhrán, “an-uchtach agus spreagadh” dó. 

“Sin é a chuireann iallach ormsa agus mo leithéidse amhráin nua a chuartú agus a chumadh agus a chóiriú chúns a theastóidh siad, agus chúns atá mé in ann agus sláintiúil lena dhéanamh agus an glór fágtha agam. Is iad na héisteoirí a chuirfidh iallach ort é sin a dhéanamh. Beidh fonn ort é a dhéanamh mar tá a fhios agat go bhfuil an t-éileamh ann,” a dúirt sé le Máire-Bríd Ní Chualáin linn an chláir speisialta a craoladh as Cill Airne inné. 

Dúirt Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, nach bhfuil “aon cheist faoi” ach go bhfuil John Beag ar dhuine de na ceoltóirí Gaeltachta is tábhachtaí. 

“Níl aon cheist faoi ach go bhfuil John Beag Ó Flatharta ar dhuine de na ceoltóirí agus na hamhránaithe Gaeltachta is tábhachtaí a chuaigh ar stáitse agus a chas i nGaeilge riamh.  Laoch pobal é John, fear atá bródúil as an teanga, as a phobal, as a chultúr agus an áit as ar fáisceadh é. Chuir sé amhráin ó chumadóirí ar nós Tom a’ tSeoighe, Ciarán Ó Fatharta, agus daoine eile nach iad i lár an aonaigh, amhráin a léirigh saol agus scéalta mhuintir Chonamara, amhráin a thuill meas agus ómóß dó i measc na muintir sin. 

“Is máistir ar cheird na hamhránaíochta é, agus tá sé léirithe aige le roinnt blianta anuas go bhfuil bua na cumadóireachta aige freisin, agus cén t-iontas,” a dúirt Gearóid. 

Níos mó