Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘is-mithid-don-fai-ainm-gaeilge-na-tire-a-usaid’

‘Is mithid don FAI ainm Gaeilge na tíre a úsáid’

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá sé ráite ag Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Aodhán Ó Deá, go bhfuil sé thar am ag Cumann Sacair na hÉireann “bunainm” na tíre a úsáid ag Éire a thabhairt ar fhoireann idirnáisiúnta an chumainn. 

Rinne Aodhán an ráiteas ar a chuntas pearsanta Twitter an tseachtain seo nuair a tháinig an scéala chun solais go bhfuil Cymdeithas Bêl-droed Cymru (Cumann Sacair na Breataine Bige) i mbun machnaimh faoi láthair faoin ainm ‘Cymru’ a chur in áit ‘Wales’ “ar an ardán idirnáisiúnta” i ndiaidh Chorn an Domhain 2022 a bheidh á imirt i gCatar an mhí seo chugainn.

“Is mithid do Chumann Sacair na hÉireann tosú ar ár mbunainm Éire a úsáid freisin, agus go dtuigimid mar thír gur gibris a chum lucht ár gcoilínithe í ‘Ireland’ dála fhormhór ár logainmneacha, nach bhfuil brí ar bith leis. Is aisteach nach bhfuilimid tar éis filleadh ar an dúchas céad bliain i ndiaidh dúinn an tsaoirse a bhaint amach,” a scríobh sé. 

Dúirt Aodhán le NÓS go bhfuil “iontas” air nach raibh plé mór polaitiúil ann faoi chúrsaí logainmneacha le céad bliain anuas agus gur gníomh in aghaidh an choilíneachais a bheadh ann dá ndéanfaí iarracht níos mó logainmneacha dúchais a chur chun cinn. 

“Tá spéis phearsanta agam sna logainmneacha agus cuireann sé iontas mór orm nach raibh aon phlé ceart polaitiúil ann ó baineadh an tsaoirse amach céad bliain ó shin faoi na logainmneacha a athrú ar ais go Gaeilge. Tá roinnt mhaith tíortha ar fud an domhain a cuireadh faoi cois tar éis logainmneacha a athrú agus ba mhaith liom dá labhrófaí faoi níos mó sa tír seo,” a dúirt Aodhán. 

Dúirt sé go dtuigeann sé go bhfuil an Ghaeilge in úsáid go fánach ag an bhfoireann sacair ar gheansaithe áirithe agus in áiteanna eile ach gur mhaith leis dá ndéanfaí cinneadh gan ach ‘Éire’ a úsáid ar gach geansaí agus i ngach ábhar poiblíochta don fhoireann.

Sa bhliain 2020, mhol Aodhán rún ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go n-éireodh an eagraíocht scun scan as logainmneacha Béarla a úsáid in ábhar poiblíochta na heagraíochta agus i gcomhfhreagras le heagraíochtaí eile. Dúirt sé le NÓS go bhfuil cúpla eagraíocht eile, Aontas na Mac Léinn in Éirinn ina measc, tar éis an rún céanna a rith ó shin. 

Thuairiscigh an comhfhreagraí spóirt Phil Blanche, a bhíonn ag scríobh do PA Media, go bhfuil machnamh á dhéanamh ag Cymdeithas Bêl-droed Cymru ar úsáid an ainm ‘Wales’ agus go bhfuil an plé tosaithe acu ar an ábhar le UEFA, comhlacht rialaithe an tsacair san Eoraip. 

“Ba cheart Cymru a thabhairt ar an bhfoireann i gcónaí, sin a thugaimid uirthi. Is dóigh liom go mbeidh plé maith ann i 2022 leis na páirtithe leasmhara ar fad – na Rialtais, na comhlachtaí déanta cinntí s’againn féin, an fhoireann, na clubanna, na himreoirí.

“Is é an tuairim atá againne faoi láthair ná gur léir go dtugtar ‘Cymru’ orainn sa bhaile. Sin é a thugaimid ar na foirne náisiúnta. Má bhreathnaítear ar ár suíomh idirlín, an chaoi a labhraímid fúinn féin, is Cymru ar fad atá ann,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Chumann Sacair na Breataine Bige Noel Mooney. 

Ach tá ceist na hÉireann beagáinín níos casta ná ceist na Breataine Bige sa chaoi is go bhfuil dhá fhoireann sa tír seo – Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann. Is i gceannas ar fhoireann na Sé Chontae is Fiche atá Cumann Sacair na hÉireann (FAI) agus tá eagraíocht eile, IFA, i gceannas ar an spórt sna Sé Chontae. Ghlac FIFA le húdarás FAI ar an gcoinníoll nach dtabharfaí ‘Ireland’ ar cheachtar den dá fhoireann. Mar sin, ‘Republic of Ireland’ is ainm don fhoireann náisiúnta ó dheas go hoifigiúil agus tá an-seans ann nach nglacfadh FIFA leis an ainm ‘Éire’ dá bharr. 

Dúirt Aodhán go bhfeictear dó go mb’fhéidir gur réiteach ar an gceist chigilteach seo a bheadh in athrú ainm na foirne go ‘Éire’, ach nár mhiste leis dá n-athrófaí an t-ainm go ‘Poblacht na hÉireann’ – níl uaidh ach go mbeadh ainm na foirne i nGaeilge.

Beidh an Bhreatain Bheag ag glacadh páirte i gCorn an Domhain i mbliana den chéad uair le breis agus trí scór bliain.  Beidh an fhoireann náisiúnt ag imirt i gCraobhchomórtas na hEorpa in 2024 freisin agus beidh sí sa ghrúpa céanna le foireann na Tuirce, foireann a dtabharfar ‘Türkiye’ uirthi sa chomórtas sin. 

D’iarr uachtarán na Tuirce níos luaithe i mbliana ar eagraíocht idirnáisiúnta éirí as ‘Turkey’ a thabhairt ar an tír i mBéarla agus Türkiye a úsáid feasta. Ghlac na Náisiúin Aontaithe leis an iarratas agus is é ‘Türkiye’ a thugtar ar an tír san eagraíocht sin, agus eagraíochtaí eile, anois. 

Ní rud as an ngnách é go n-athrófaí ainm tíre – tá sé tarlaithe beagnach gach uile bhliain áit éigin ar domhan le cúig bliana déag anuas agus is iomaí sampla eile d’athrú dá chineál i gcaitheamh na mblianta fada. In 2019, athraíodh ‘An Mhacadóin’ go ‘An Mhacadóin Thuaidh’, in 2018 tháinig ‘eSuaitíní’ i leaba ‘An tSuasalainn’, agus in 2016 athraíodh ‘Poblacht na Seice’ go ‘An tSeicia’. 

Níos mó