Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
conas-cloi-le-dea-ruin-na-hathbhliana-–-tri-leid

Conas cloí le Dea-Rúin na hAthbhliana – trí leid

| emma sisk | ,

Tá an tráth sin bliana tagtha arís eile agus tá gach uile dhuine ag caint faoi na rudaí difriúla nua a dhéanfaidh siad ón 1 Eanáir amach. Anois agus Lá Nollag caite, agus an iomarca bia agus milseog ite againn, bímid ag smaoineamh ar Dhea-Rúin na hAthbhliana.

Is cinnte go bhfuil na smaointe seo i dtaca lenár sláinte ag rith tríd ár n-intinn: 

Caillfidh mé roinnt meáchain”  “déanfaidh mé níos mó aclaíochta” nó “éireoidh mé as an gcaitheamh tobac nó ól a ól”. Nó b’fhéidir go bhfuil rúin níos pearsanta againn le haghaidh na bliana nua, mar shampla “sábhálfaidh mé níos mó airgid” nó “beidh mé ag dul i mbun caitheamh aimsire nua”. 

Gach bliain déanann na milliúin daoine Dea-Rúin na hAthbhliana ag súil le hathrú dearfach a spreagadh ina saol. Ach in ainneoin ár ndíchill, bíonn go leor daoine ag streachailt lena gcuid pleananna a bhaint amach agus mar sin cailltear an dóchas go n-éireodh leo agus caitear na pleananna in aer.

Rinne mé athrú mór i mo shaol féin anuraidh nuair a d’éirigh mé as an alcól. Scríobh mé faoi mo thaithí phearsana anseo. Cé nach saineolaí mé, d’fhoghlaim mé cúpla ceacht i rith na bliana a d’fhéadfadh a bheith cabhrach, dar liom, do dhaoine atá ag iarraidh athrú a chur i bhfeidhm ina saol in 2023. Seo trí leid atá agam le go n-éireoidh leat le do Dea-Rúin Athbhliana.

Roghnaigh rún amháin

Is minic a bhíonn daoine lán le fuinneamh agus le dóchas agus iad ag smaoineamh faoin mbliain úr. Ach ní hionann smaoineamh agus déanamh! Agus mar sin is í an  chéad chomhairle a chuirfdh mé ort ná rud amháin a roghnú agus díriú air. Go minic táimid chomh dóchasach sin go mbíonn dóchas gan dealramh lenár rúin agus cé chomh deacair is a bheidh siad a choinneáil. Is fearr rud réalaíoch amháin a roghnú agus cloí le sin.   

Tá sé chomh tábhachtach céanna gur duitse an rún a roghnaíonn tú – agus ní d’aon duine eile. Ní mór duit a chinntiú go bhfuil an sprioc a shocraigh tú tábhachtach duit féin agus duit féin amháin agus go bhfuil luach nó tairbhe ann duit chun an sprioc a bhaint amach. 

As seo a thagann an spreagadh! Cinnte, is fearr linn a beith ag ligean ár scíth ar an tolg ag breathnú ar clár teilifíse ná a bheith amuigh ag rith ar na bóithre ar oícheanta dorcha geimhridh. Gan dabht, b’fhearr linn dul go dtí an teach tábhairne seachas an t-ionad aclaíochta. Cé acu arbh fhearr – milseog uachtair nó sailéad torthaí? Le go n-éireoidh leat, sílim go bhfuil sé tábhachtach a aithint cén fáth ar mhaith leat an t-athrú a dhéanamh i dtosach. Ba cheart go mbeadh do rún ag teacht leis an méid seo:

Do spriocanna

Do thosaíochtaí

Do bhrionglóidí

Do mhianta

Éifeacht Chinnín Óir

Bhí an leabhar Atomic Habits ó James Clear go mór i mbéal an phobail i mbliana. Murab ionann is mé féin, is saineolaí é James Clear ar fhoirmiú nósanna. Luann sé ‘Riail Chinnín Óir’ ina leabhar agus táim an-tógtha leis. Spreagann Riail Chinnín Óir daoine oibriú ar spriocanna nach bhfuil ach deacracht ar féidir déileáil léi ag baint leo. 

Deirtear go mbíonn go spreagtar daoine agus iad ag obair ar thascanna atá ar imeall a gcumais reatha. Ní ródeacair. Ní ró-éasca. Díreach i gceart. Ina leabhar, úsáideann Clear sampla iontach de chluiche leadóige. De réir na rialach, más breá leat an leadóg agus má dhéanann tú iarracht cluiche tromchúiseach a imirt i gcoinne páiste atá ceithre bliana d’aois éiríodh tú tuirseach de go tapa. Tá sé ró-éasca. Buafaidh tú gach pointe. I gcodarsnacht leis sin, má imríonn tú imreoir gairmiúil leadóige cosúil le Roger Federer nó Serena Williams, caillfidh tú inspreagadh go tapa toisc go bhfuil an cluiche ródheacair. 

Anois, smaoinigh ar chluiche leadóige in aghaidh duine atá ar chomhchéim leat. De réir mar a théann an cluiche ar aghaidh, buafaidh tú cúpla pointe agus caillfidh tú cúpla ceann. Tá seans maith ann go mbuafaidh tú, ach ní mór iarracht dháiríre a dhéanamh. Géaraíonn d’fhócas, imíonn do sheachráin, agus bíonn tú féin infheistithe go hiomlán sa tasc atá idir lámha agat. Is dúshlán é seo a bhaineann le deacracht is féidir a bhainistiú agus is sampla iontach é de Riail Chinnín Óir. 

Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh níos mó aclaíochta a dhéanamh i mbliana, seans nach mbeidh tú in ann an cúig chiliméadar a rith nó a shiúil ar an gcéad lá. B’fhéidir go gcaithfeadh tú tosú amach le cúig nóiméad gach lá sa chéad seachtain ar luas compordach duitse agus an t-achar agus an luas a mhéadú de réir a chéile. 

Más mian leat eirí as an alcól ar feadh bliana, mholfainn Eanáir thirim a dhéanamh ar dtús agus ansin mí Feabhra agus araile. Nuair a thosaigh mé amach, níor shíl mé go bhféadfainn bliain a chaitheamh gan alcól. Chuidigh sé go mór liom é a ghlacadh céim ar chéim. Ní raibh mé tiomanta don 12 mhí láithreach. Dúirt mé don Nollaig. Agus ansin an Athbhliain. Agus ansin gheall mé “Eanáir Thirim” a dhéanamh. Agus ansin mo chéad chóisir agus mo chéad saoire thar lear gan alcól. Bhí mé trí mhí saor ó alcól sular gheall mé 12 mhí a dhéanamh! I rith an phróisis bhí a fhios agam an leibhéal deacrachta a bhí ceart domsa. Braitheann sé seo go hiomlán ar an duine agus bíonn gach duine difriúil ach seo an áit a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat cad é díreach i gceart duitse.

Freagracht

Tá sé iontach rún a dhéanamh duit féin agus b’fhéidir fiú é a scríobh síos, ach mura bhfuil a fhios ag aon duine eile faoi, is furasta dearmad a dhéanamh air nó fiú neamhaird a dhéanamh air. Chomh luath is a d’éirigh mé as an alcól scaip mé an rún le roinnt de mo dhlúthchairde ionas go mbeinn freagrach ina leith. Bhí freagracht ann díreach trí insint dóibh agus é a rá os ard le daoine eile. Mar sin féin, ní gá duit é a rá leis an domhan ar fad ach le cúpla cara a bhfuil aithne mhaith agat orthu agus a bhfuil muinín agat astu chun cabhrú leat. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach má tá tú le bheith i gcás ina bhfuil cathú ort do rún a bhriseadh. 

Ná bíodh náire ná eagla ort cuireadh a thabhairt do do chairde a bheith mar chuid den turas seo i do shaol. Cuimhnigh go mbeidh cairde maithe ag iarraidh cabhrú leat athrú dearfach a chur i bhfeidhm i do shaol. Agus b’fhéidir go mbeadh ionadh ort faoin dóigh a d’fhéadfadh do rún (is cuma cad é) daoine eile a spreagadh. Tá sé tábhachtach freisin athbhreithniú a dhéanamh ar do rún go rialta. Molaim go ndéanfaí an t-athbhreithniú seo go seachtainiúil ar a laghad ach b’fhéidir go mbeadh sé níos fearr é a dhéanamh go laethúil. Ceiliúir do chuid buanna beaga go minic agus bain sult as an t-athrú go leagan nua díot féin in 2023.

Níos mó