Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cosaint-agus-cur-chun-cinn-na-gaeilge-an-mhorsprioc-–-ceannasai-nua-udaras-na-gaeltachta

Cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge an mhórsprioc – ceannasaí nua Údarás na Gaeltachta

Deir Príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta gurb í an “mhórsprioc” atá aige ná cur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, a chuir tús lena thréimhse mar phríomhfheidhmeannach an tseachtain seo, go dtabharfadh sé tús áite ina chuid oibre do chosaint agus do chur chun cinn “teanga, oidhreacht agus cultúr” na Gaeltachta.

“An mhórsprioc atá agam ná líon na gcainteoirí Gaeilge atá againn a choinneáil agus ansin cur leis. Tá an fhorbairt pobail agus an fhorbairt eacnamaíochta riachtanach chun é sin a bhaint amach ach ag tacú leis an mórsprioc ó thaobh na teanga atá siad,” a dúirt Príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta le Tuairisc.

Dúirt Ó Síocháin go raibh dearcadh “an-dhearfach” aige faoina a bhfuil I ndán don Ghaeltacht. Dúirt sé go “obair iontach” déanta ag an Údárás leas a bhaint as “réabhlóid na cianoibre” chun daoine a mhealladh chun conaí sa Ghaeltacht.

Deir Ó Síocháin gur sampla é féin de dhuine a mealladh chun na Gaeltachta mar gheall ar cheangal a bheith aige leis an nGaeilge.

“Mo sheanmháthair cainteoir dúchais Gaeilge as Gaeltacht Mhaigh Eo ab ea í a bhog go dtí contae an Chláir, an áit ar tógadh mise, ach dhá ghlúin níos déanaí maireann an nasc sin, agus an nasc sin a d’fhág go bhfuil Gaeilge agamsa agus a mheall chun na Gaeltachta mé.”

Éarnáil an fhuinnimh in-athnuaite agus “na hearnálacha atá cliathánach léi” an deis is mó atá ag an nGaeltacht ó thaobh na heacnamaíochta agus na fostaíochta, dar leis.

“Caithfear ullmhú láithreach lena chinntiú go mbeidh na daoine againn a bhfuil na scileanna áirithe atá ag teastáil don earnáil sin againn agus caithfimid a chinntiú chomh maith go bhfuil na an t-infreastrutchtúr againn na deiseanna sin a thapú.”

Luaigh sé go sonrach plean feirm ghaoithe a fhorbairt ag carraigeacha na Sceirdí siar ó chósta Charna i gConamara.

Maidir leis an bpleanáil teanga, dúirt ceannasaí nua an Údaráis nach ionann an plean atá ag teastáil ó na ceantair Ghaeltachta éagsúla agus go gcaithfí a chinntiú go mbeadh gach plean “in oiriúnt dá cheantar”. Tharlódh sin de réir mar a thiocfaidh “éabhlóid” ar an bpróiseas pleanála teanga agus de réir mar a bheidh daoine “i ngréasán” na pleanála teanga ag foghlaim óna chéile, a dúirt sé.

“Ní bhíonn aon rud a thagann glan nua as an mbosca ceart críochnúil ón tús. Tá obair mhaith ar siúl ach tiocfaidh múnlaí agus seifteanna nua chun cinn,” a deir sé.

I measc na spriocanna eile atá aige, luaigh sé forbairt “obair cheannródaíoch” na g-teiceanna Gaeltachta, agus forbairt infreastrúchtúir agus áiseanna pobail na Gaeltachta. Dúirt sé go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Chaithfí fanacht ar na treoirlínte pleanála nua atá á bhforbairt ag an Rialtas chun an cineál róil a bheadh ag an eagraíocht sa réimse sin “a shoiléiriú,” ar sé.

Maidir le ról díreach a bheith ag an Údarás i gcúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht, dúirt sé go gcaithfí a bheith “cúramach” faoi sin mar go bhféadfadh “an baol” a bheith ann go gcuirfeadh a leithéid de dhualgas “srian le gnéithe eile d’obair na heagraíochta”.

Dúirt sé go raibh sé mar sprioc “an-mhór” aige go n-éireodh leis “próifíl na hoibre atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta a ardú” agus go mbeadh “tuiscint níos fearr ag pobal na Gaeltachta agus go náisiúnta” ar an obair “thábhachtach fhiúntach” atá ar siúl ag an eagraíocht.

“Ní ar mhaithe le haitheantas a fháil é sin ach chun gur féidir cur leis an obair atá ar siúl, daoine a mhealladh chun na Gaeltachta agus, mar a dúirt mé, an mhórsprioc, cur le líon na gcainteoirí Gaeilge,” a deir sé.

Inné a bhí an cruinniú boird deireanach den bhliain ar siúl in Ard-Oifig an Údaráis. Tiocfaidh deireadh go luath le téarma an bhoird atá faoi láthair ann.

Chuir an bord fáilte roimh an bpríomhfheidhmeannach nua agus cheadaigh an bord deontais do 209 post nua.

Bhain 45 de na poist nua sin le Aran Biomedical, comhlacht fearais leighis sa Spidéal. 

Tá an tÚdarás ag tacú le 53 post i Cora Tine ar an bhFál Carrach i nDún na nGall, comhlacht a bhíonn ag plé le trealamh a dhéanann monatóireacht ar chúrsaí teochta agus comhshaoil.

15 post a bheidh á chruthú idir seo agus 2025 ag Meangadh Fíbín Teo, an comhlacht léiriúcháin i gConamara. Tá sé i gceist ag Aran Woollen Mills i nGaeltacht Mhaigh Eo 37 duine breise a fhostú agus 14 post nua atá beartaithe ag Seacláidí na Sceilge i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Seachtar atá le fostú mar chuid d’fhorbairt na grúdlainne Tá an Craic sna Cnoic i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dúirt an príomhfheidhmeannach nua, Tomás Ó Síocháin, gur léirigh na postanna nuafhógartha “tionchar obair Údarás na Gaeltachta ar bhonn leanúnach sna ceantair Gaeltachta”.

“Is céim thábhachtach í an fhostaíocht i dtreo pobail agus teanga a bhuanú sna ceantair Ghaeltachta agus mar phríomhfheidhmeannach, tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le foireann an Údaráis chuige sin agus ag tógáil ar an obair mhór atá déanta leis na blianta fada,” arsa Ó Síocháin.

Níos mó