Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
diultaithe-d’achomharc-iarfhostai-le-rnag-in-aghaidh-a-chiontaithe-in-ionsai-gneasach - 

Diúltaithe d’achomharc iarfhostaí le RnaG in aghaidh a chiontaithe in ionsaí gnéasach   

| Tuairisc.ie | ,

Theip ar achomharc a rinne iarfhostaí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta in aghaidh a chiontaithe agus na pianbhreithe a gearradh air I leith ionsaí gnéasach ar bhean agus í ina codladh.

Ina rialú inniu dhiúltaigh an Chúirt Achomhairc d’achomharc Uí Leidhin ar gach bonn, an t-achomharc in aghaidh a chiontaithe agus in aghaidh déine na pianbhreithe a gearradh air.

Ciontaíodh i mí Aibreáin seo caite sa Phríomh-Chúirt Choiriúil Mícheál Ó Leidhin, 38, a bhí ina chomhfhreagraí polaitíochta le Raidió na Gaeltachta i dTeach Laighean.

18 mí sa phríosúin a gearradh ar an gcúisí ach cuireadh trí mhí ar fionraí ar choinníollacha áirithe.

I rialú na Cúirte Achomhairc, dúirt an Breitheamh Aileen Donnelly nach bhféadfaí breathnú ar ionsaí gnéasach ar dhuine a bhí ina chodladh mar ionsaí gnéasach a bhí neafaiseach nó fánach.

Dúirt sí go bhféadfaí breathnú ar thaithí an té a ionsaíodh mar eachtra fhíorscanrúil agus nach aon laghdú ar thromchúis na coire sin go raibh teagmháil ghnéasach idir an gearánach agus Ó Leidhin roimhe sin.  Dúirt an Breitheamh go raibh sé de cheart ag gach duine a bheith ag mothú slán sábháilte agus iad ina gcodladh agus nár léir don chúirt go raibh aon bhonn leis an áitiú nár laghdaigh breitheamh na trialach pianbhreith Uí Leidhin a dhóthain.

Dúirt an Breitheamh Karen O’Connor sa Phríomh-Chúirt Choiriúil san Aibreán gur léirigh an tuairisc phromhaidh gur beag an riosca a bhí ann go gciontódh Ó Leidhin arís amach anseo. Dúirt sí, áfach, gur ghlac Ó Leidhin le breith an ghiúiré gan glacadh le bunús an chinnidh sin.

Dúirt sí go raibh an chuma air gurb amhlaidh a bhí aiféala ar Ó Leidhin mar gheall ar chomh buartha agus a bhí an té a ionsaíodh agus an bealach ar ghoill an eachtra uirthi mar gheall ar an mbraistint a bhí aici faoinar tharla.

Dúirt sí gur thug an gearánach fianaise “an-láidir” faoin tráma fadtéarmach a d’fhulaing sí i ndiaidh na heachtra.

Dúirt an Breitheamh gur chuir sí gach aon rud san áireamh agus a cinneadh á dhéanamh aici faoi chás a bhí “neamhghnách” dar léi. Chinn sí sa deireadh, a dúirt sí, gur gá go mbeadh tréimhse sa phríosún mar chuid dá phianbhreith.

Sa chúirt i mí na Bealtaine, dúirt an gearánach gur ionsaí ar a corp agus ar a hintinn a bhí i gceist, gur chaill sí a háit sa saol agus go mbeadh uirthi déileáil leis an scéal an chuid eile dá saol.

Dúradh sa chúirt gur bhuail an bhean agus Micheál Ó Leidhin, arb as Baile an Sceilg i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ó dhúchas dó ach a bhfuil seoladh aige in Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath, le chéile ar oíche amuigh ar an 12 Bealtaine 2018 nuair a chuir cairde ina aithne dá chéile iad. Phógadar a chéile i dteach tábhairne i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus chuaigh siad ar ais go dtí teach Uí Leidhin níos déanaí.

Tharla gníomhaíocht ghnéasach eatarthu ar thoiligh an bheirt páirt a ghlacadh ann, ach dúirt an bhean nach raibh caidreamh collaí uaithi mar nach raibh aon fhrithghiniúint acu.

Dúradh sa chúirt gur thit an bheirt acu ina gcodladh agus nuair a dhúisigh an bhean go raibh Ó Leidhin ag luí anairde agus é ag crúbáil a cuid cíoch.

Dúirt sí leis éirí di, ghabh sé a leithscéal léi agus dúirt sé rud éigin ar nós “tá brón orm, tá macnas orm”.

Dúirt an bhean leis an gcúirt nach raibh aon cheist ann gur thoiligh sí don iompar seo, gur chuir sé as go mór di, go raibh sí trína chéile mar gheall air agus go ndúirt sí le Ó Leidhin gur iompar ait a bhí ann agus í ina codladh.

Chuadar ar ais a chodladh agus níos déanaí an mhaidin sin thug Ó Leidhin síob abhaile don bhean.

Labhair siad beirt lena chéile an lá sin ar an bhfón agus ar theachtaireachtaí téacs agus chuir an bhean a míshásamh faoin eachtra in iúl dó.

Chuaigh Micheál Ó Leidhin go dtí teach na mná an oíche sin chun an scéal a phlé agus thug siad uair an chloig ag caint. Dúirt an t-abhcóide ar son an chúisimh gur easaontaigh siad lena chéile faoin méid a tharla agus gurb in deireadh leis an dteagmháil eatarthu.

Thug an bhean tuairisc faoin eachtra do na Gardaí i mí Aibreáin 2019.

Sa ráiteas a thug sé do na Gardaí faoin eachtra, dúirt Ó Leidhin nuair a dhúisigh sé an oíche sin go raibh sé ag iarraidh leanúint leis an ngníomhaíocht ghnéasach a bhí ar siúl aige féin agus ag an mbean níos túisce.  Dúirt sé go raibh sé “ag méiseáil timpeall” agus é ag iarraidh an bhean a dhúiseacht chun go leanfaí den ghníomhaíocht.  Stad sé nuair a d’iarr an bhean air stad, a dúirt sé.

Dúirt an bhean ina ráiteas tionchair íospartaigh go raibh sí ag iarraidh an rian a d’fhág an foréigean gnéis uirthi a chur ar an taifead.  Dúirt sí gur ionsaíodh í nuair a bhí sí ina codladh agus gur ionsaí ar a corp, a hintinn, a tuiscint uirthi féin agus an tuiscint go raibh sí sábháilte sa saol seo.

Chuir an eachtra isteach ar gach gné dá saol, a dúirt sí.

Dúirt sí gurb í oíche na heachtra an oíche dheireanach a rachadh sí a chodladh agus an bhraistint aici go raibh sí sábháilte agus nach bhféadfadh sí a thuiscint conas a dhéanfadh duine ionsaí gnéis uirthi agus í ina codladh.

Bíonn sí ag cuimhneamh arís agus arís eile ar an ionsaí, a dúirt sí, agus ní bhíonn aon chríoch leis an strus agus an imní a lean an eachtra.

Bhraith sí brón agus briseadh croí agus míshuaimhneas ar deacair cur síos orthu agus bhraith sí go raibh sí scartha amach ón saol mar atá.

D’éirigh a caidreamh lena muintir achrannach, chaill sí go leor cairde agus níor éirigh léi aon dul chun cinn a dhéanamh ina slí bheatha. Bhí sí faoi ghruaim agus i riocht lámh a chur ina bás féin, rud a ndearna sí iarracht amháin é a dhéanamh.

Níos mó