Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-raibh-‘comhra-mor-caidrimh’-na-bliana-agat-le-do-phairti-go-foill?

An raibh ‘Comhrá Mór Caidrimh’ na bliana agat le do pháirtí go fóill?

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

An tráth seo bliana is dual dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar ár saol, ar ár gcuid spriocanna agus ar a bhfuil uainn sa bhliain atá le teacht. 

Is iomaí moladh a fheicfidh tú i dtaobh pleananna gairme, sláinte, meabhairshláinte agus eile, ach ní minic a fheicfidh tú trácht ar an CMC, rud a mbím á chleachtadh féin le mo pháirtí agus a mbaineann muid an-tairbhe go deo as.

An bealach is fearr le cur síos a dhéanamh ar an ‘Comhrá Mór Caidrimh’, ná é a chur i gcomparáid leis an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán.

Chuirfinn geall gur tábhachtaí don chuid is mó againn ár gcaidrimh rómánsacha ná ár ngluaisteán. Nach luíonn sé le réasún mar sin gur chóir dúinn spléachadh a thabhairt faoi bhoinéad an ghrá ó am go chéile? 

Dar ndóigh, ní do lanúineacha amháin an CMC agus b’fhiúntach é a bheith againn le leathbhádóir de shaghas ar bith atá againn, go háirithe duine ar bith a gcaitheann muid go leor ama leo, ar nós comrádaí tí nó cara mór. 

Is é an chéad chéim ná an coinne a shocrú.

Ar nós an TNG, ní theastaíonn go leor ama don CMC ach fós féin, ní mór daoibh am agus dáta a shocrú lena haghaidh agus cloí leis. De réir mo thaithíse, a fhoirmiúla agus a chaitheann sibh leis, is fusa a bheidh an comhrá. Má théitear beagáinín thar fóir fiú, bíonn greann ag baint leis sin a bhainfidh cuid den teannas as an rud. 

I mo chás féin mar shampla, thosaigh mé mar seo; 

“Dia duit ar maidin! Ba mhaith liom cruinniú a bheith againn ar ball beag”. 

“An é sin mar atá? Ceart go leor. Cé againn a bhreacfaidh na miontuairiscí?”, ar seisean go suáilceach, ag ceapadh gur ag magadh a bhí mé. 

“Mise!” ar mé go meidhreach, “Seolfaidh mé an clár plé chugat go mbeidh deis agat machnamh a dhéanamh air roimh ré”. 

D’fhágas póg ar a bhaithis agus amach liom go haerach chuig an gcistin chun cupán tae a dhéanamh, an fear bocht fágtha i mo dhiaidh, allas fuar lena chraiceann. 

An rud is tábhachtaí le cur in iúl i dtaobh an CMC ná nach rud diúltach é. Ní argóint é, ná idirghabháil ach oiread. Níl ann ach comhrá, bíodh is agus gur Comhrá Mór é. 

An fáth a molaimse cruinniú ceart a dhéanamh as ná gur uirlis iontach í an fhoirmiúlacht a chuidíonn linn ceisteanna nach bpléifí go hiondúil a chíoradh agus chun labhairt lena chéile ar bhealach níos oscailte. 

Ní mór don chlár plé a bheith ag an dá pháirtí roimh ré, mar a deirim, sa chaoi is nach dtiocfaidh ceist mhór ar bith aniar aduaidh ar cheachtar den bheirt. 

Is Comhrá Mór Caidrimh é seo, ní an Chúistiúnacht.

Is fearr ar fad má shocraíonn beirt na ceisteanna le chéile, nó d’fhéadfadh sibh an leagan amach seo a leanas a úsáid agus bhur rogha pointí a bhaint as nó a chur leis. 

An t-am roghnaithe, na fóin múchta agus cupáin tae in bhur nglaic, beidh sibh réidh le tosú agus guím gach rath oraibh! 

An Comhrá Mór Caidrimh 

Mar a bhíonn in athbhreithniú ar bith, is fiú tosú amach agus spléachadh a chaitheamh siar ar an am atá caite agaibh le chéile. Cíoraigí na ceisteanna seo a leanas ar dtús:

Ceard iad na rudaí is mó a thaitníonn leat faoin gcaidreamh mar atá?

agus

An bhfuil gné ar bith den chaidreamh nach bhfuil tú róthógtha léi? An bhféadfaí é sin a athrú amach anseo?

Tá sé ríthábhachtach freisin aird a thabhairt ar bhur spriocanna pearsanta lasmuigh den chaidreamh mar chuid den CMC. Sa tslí sin, beidh do pháirtí ar an eolas faoi do chuid tosaíochtaí sa saol agus beidh sibh in ann tacaíocht níos fearr a thabhairt dá chéile. 

Deis mhaith atá anseo freisin do pháirtí a ainmniú mar ‘cara cuntasachta’ a chuideoidh leat le do mhianta a bhaint amach. Déanaigí machnamh ar na ceisteanna seo mar sin:

Céard iad do chuid tosaíochtaí pearsanta i dtaobh na míonna atá le teacht? 

D’fhéadfadh sibh an cheist seo a scarúint mar seo, dá mba mhaith libh, maidir le

i) gairm, ii) caidrimh phearsanta, iii) sláinte agus iv) caitheamh aimsire 

agus

An bhfuil bealach ar bith is féidir le do pháirtí cuidiú leat le do chuid spriocanna a chomhlíonadh? 

Ní gá aiste de mhiontuairiscí a scríobh agus na ceisteanna thuas á bplé, d’fhéadfadh sibh nótaí a bhreacadh áit éigin da mba mhaith libh, go gcuimhneoidh sibh ar thopaicí suntasacha a thagann chun cinn, nó d’fhéadfadh sibh gabháil leis an sruth agus neamhaird a dhéanamh ar an bpeann. 

An chéad cheist eile, an chuid is spraíúla!

An bhfuil spriocanna ar bith ar mhaith libh a bhaint amach le chéile? 

D’fhéadfaí rud ar bith faoin ngrian a bheith i gceist anseo. Saoire thar lear? Oíche amach le chéile uair sa mhí? Gníomhaíochtaí nua collaíochta a thriail nach raibh de mhisneach agat a lua roimhe seo? Anois an t-am le bhur mianta a léiriú – tapaigh an deis! 

I ndiaidh sin is uile, ní bheidh ach ceist amháin fágtha ar an gclár plé…

Aon ghnó eile? 

Más ionann do CMC agus dea-chruinniú ar bith, beidh bhur ndóthain cainte déanta faoin dtráth seo, agus is fúibhse a bheidh sé conas mar a chuirfidh sibh clabhsúr leis an gcomhrá. 

An t-aon mholadh a bheadh agam ná rud deas a dhéanamh as, go mbeidh clabhsúr bhur CMC ina cheiliúradh de shaghas; más béile dheas í sin, croí isteach, póg mhuirneach nó eile…

Fágfaidh mé faoi bhur samhlaíocht é. 

Níos mó