Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
carachtairi-na-leithinse:-norman-o-conchuir

Carachtairí na Leithinse: Normán Ó Conchúir

| Slaine Ni Chathallain | ,

Cad í an chuimhne is sia siar i d’cheann?

“An chuimhne is measa is dócha. Bhí deartháir agam, Tadhg, agus cailleadh é nuair a bhí sé naoi mbliana. Bhí sé naoi mbliana an lá a cuireadh é. Bhíos féin nuair a bhíos óg agus bhí Seán (deartháir eile) fiáin. Bhí Tadhg, bhí sé chomh ciúin agus an mhaidin sin, tháinig a lán daoine go dtí an dtig agus cheapadar gur mise a bhí imithe mar thit Tadhg anuas den rothar cúpla lá roimis sin agus bhí sé fine ach fuair sé brain haemorrhage. Chuaigh an cnapán isteach agus phléasc sé. Mar sin, má chíonn tú aon leanbh riamh ag titim agus má thagann an cnapán amach, beidh siad go breá ach muna bhfuil aon chnapán ann, tabhair go dtí an t-ospidéal iad. Ach bhí sé sin ana-chruaidh ar an gclann. Ana-chruaidh ar fad, ach thug sé le chéile sinn chomh maith.” 

Deich mbliana a bhí Normán ag an am. 

“Bhí cúigear againn sa chlann. Táim féin agus Sorcha an t-aos céanna anois faoi láthair agus bíonn Seán agus Sorcha an t-aos céanna ar feadh deinim amach gur coicíos is ea é. Rugadh mise agus Sorcha in 1972. Mar sin, ina dhiaidh sin, bhí m’athair agus mo mháthair, bhíodar ana-láidir ar fad. Ní dhearúdadar riamh é. Bhí birthday parties is gach aon rud gach aon bhliain go dtí go bhfuair mo mháthair bás, bhí sí fós an tslí chéanna.”

Cad é an lá is fearr a bhí riamh agat?

“An lá a phósas,” a deir sé, is deineann gáire. “Caithfidh mé é sin a rá is dócha! Bhuel, bhí a lán laethanta maithe, ceann acu ná an lá a phósas agus tá triúr clainne agam, Luke, Sarah agus Anna agus is dócha go rabhadar san chomh maith le haon rud eile. Bhíos ann don dtriúr acu, ghearras an corda dóibh agus bhí sé go haoibhinn ar fad. Phósas bean, Meiriceánach is ea í, Amy agus táimid le chéile dhá bhliain is fiche agus táimid pósta hocht mbliana déag agus d’athraigh sí mo shaol. Bhíos-a saghas fiáin nuair a bhíos níos óige agus nuair a bhuaileas léi ar dtús, bhíos fós fiáin ach fuaireas gadhar beag agus d’athraigh an gadhar mé agus nuair a chonaic sí é sin, fuaireamar cairdiúil agus ó shin i leith, táimid fós chomh sásta le chéile is a bhíomar an chéad lá riamh!”

Cén chomhairle atá agat don aos óg?

“Na fóin a chaitheamh uathu. Chífeá sa bheár anois, thá gach éinne, thá siad ag díol as gach aon rud leis an bhfón, tá fhios ag na bainc agus gach éinne cad atá siad ag déanamh. Tá betting apps acu, tá siad ag díol as an deoch. Nuair atá siadsan ag imeacht i gcomhair morgáiste nó aon rud i gceann cúpla bliain nó pé rud é, tá gach aon rud le feiscint. Is dóigh liom ná fuil aon chliú acu cad ‘tá siad ag caitheamh ach an oiread mar cuirfidh tú an meaisín suas go dtí an bhfón agus níl aon chliú acu cén praghas atá ar dheoch, so sin rud amháin. Drugaí is ea rud eile is dócha.

“Tá siad ar fad ag dul go dtí an gcoláiste agus university ach níl éinne ag déanamh an seana-rud ná apprenticeships ná rudaí mar sin agus tá aithne agam ar fhear agus dochtúir is ea an iníon agus tá sí críochnaithe anois mar dhochtúir agus an pá atá sí ag fáil, timpeall 50 míle sa bhliain agus nuair a bheifeá id’ leictreoir nó id’ phluiméir, bheifeá ag déanamh 45 nó 50 chomh maith sa bhliain so canathaobh 7 mbliana a thabhairt ar scoil? Níl éinne á dhéanamh agus níl siad ann so tá a lán jabanna mar sin amuigh.”

Cén clár teilifíse nó raidió is fearr leat?

Yellowstone, is dócha agus Outlander, ceann eile. Tá a lán rudaí eile go mbímid ag féachaint aige baile orthu leis an gcleas óg, Chicago Fires. Love Hate, is maith liom é sin. The Banshees of Iniserin, cheapas go raibh sé ana-mhaith!”

Cé na hamhránaithe nó na ceoltóirí is fearr leat?

“Níl aon ghrá mór agam don cheol.” 

Is cuma sa diabhal leis, a dúirt sé, ná raibh an raidió ag obair sa veain aige ar feadh tamaill!

“Éistím liom féin! Is maith liom amhráin Ghaelacha, ní na hamhráin as Gaolainn. Is maith liom amhráin as Gaolainn, ach fós na rebel songs agus rudaí mar sin. James Begley, an fear bocht, bhí ceol iontach aige. Théimis go dtí an Hillgrove gach aon oíche Déardaoin dos na seiteanna blianta ó shin. Bhíodh sé féin agus Cooney ansan ag seinmt. Bhíodar go hiontach ar fad.”

Cén nath cainte is fearr leat?

“Tá na seanfhocail as Gaolainn i bhfad níos fearr ná na rudaí as Béarla. Tá brí ana-mhaith leo. Is é an rud a dh’úsáidim ná, ‘fantastic’, nó ‘get them before they get you!’”


Tá Normán agus a bhean agus a chlann buailte fúthu sa Daingean agus is é atá i bhfeighil Thábhairne Bhob Griffins ar Shráid na Trá. Buail isteach agus faigh amach cé chomh fantastic is atá an piúnt nó an caifé ann!

Níos mó