Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
is-deacair-an-mhi-mi-eanair-–-ach-ta-draiocht-ag-baint-lei

Is deacair an mhí mí Eanáir – ach tá draíocht ag baint léi

| hannah ni chonghaile | ,

Mí Eanáir. Cuireann sé ana-chuid i gcuimhne do dhaoine. Easpa airgid i ndiaidh na Nollag, aimsir cheobhránach liath. É fliuch agus fuar. Brú ort do shaol a fheabhsú, cé go bhfuil tú rite síos, traochta, agus i ndroch-ghiúmar. Ag ithe go sláintiúil, leadránach b’fhéidir. Faic ar siúl, do chairde ar fad tar éis éirí as an ól. Daoine imithe ar saoire go Lanzarote toisc gur fuath leo an mhí seo chomh mór san. Daoine ag prapáil chun imeacht ar imirce. 

Tá droch-cháil ar mhí Eanáir mar mhí. Ach is aoibhinn lem’ chroí an mhí seo. Tosach na bliana, na laethanta gairide ag teacht chun deiridh. Ábhar dóchais. An bhliain iomlán ag síneadh amach romhainn. 

Nílim ró-thógtha le rúin na hAthbhliana, in aon chor. Beidh a bhformhór dearmadta fé Lá Fhéile Pádraig. Mar sin féin, nach deas an rud é an t-am a thógaint ag tosach na bliana chun féachaint siar ar an mbliain atá imithe tharainn, agus measúnú a dhéanamh ar na rudaí ar éirigh leo, nár éirigh leo, agus ar na hathruithe a theastaíonn uainn a chur i bhfeidhm don mbliain seo. 

Is maith an t-am é plean praiticiúil a chur le chéile má theastaíonn uait rud nua a thosnú nó nós nua a chruthú. Muna n-éiríonn leat, muna n-oireann sé duit, nó fiú muna dtaitníonn an rud nua leat chomh mór agus mar a cheapais, cén dochar?

Toisc go mbíonn rún ag gach duine agus a mháthair go ndéanfaidh siad níos mó aclaíochta nó go gcaillfidh siad meáchan, agus toisc go mbíonn sé deacair fuadar a chur fút féin leis an aimsir, bailíonn ana-chuid daoine le chéile chun spriocanna a bhaint amach. Chítear sluaite ag siúl, ag rith, ag rothaíocht, ag snámh san fharraige, bíodh sé fuar, fliuch, nó fiú dorcha. Is féidir leis an am seo, díreach i ndiaidh na Nollag, a bheith uafásach uaigneach ar dhaoine. Is deas an rud é go mbíonn daoine ag bualadh le chéile chun rudaí a dhéanamh agus fiú muna gcloífear leis na dea-rúin, ní féidir a shéanadh go ndeineann sé maitheas do shláinte daoine, idir sláinte fhisiciúil agus an mheabhairshláinte.  

Ar an ábhar céanna, glacann ana-chuid de mhuintir na hÉireann páirt in Eanáir Tirim. Ní haon rún é go bhfuil i bhfad an iomarca béime sa tír seo ar an ól nuair a bhíonn ócáid shóisialta i gceist. I ndiaidh cóisirí na Nollag agus Oíche Chinn Bliana, is deas an rud é go ndeintear iarracht fanacht amach ó na tithe tábhairne agus rudaí eile a dhéanamh. Measaim féin go bhfuil sé chomh deas a bheith suite ag léamh oíche Dé hAoine, nó istigh cois tine ag gáirí i dtigh carad. A fhad is a raghaimid i dtreo an tsamhraidh, is mó ócáidí sóisialta sa tigh tábhairne a bheidh ar siúl. Is deas é i mí Eanáir ná bíonn an méid san cúraimí sóisialta orainn, agus nár ghá dúinn ach a bheith i láthair. 

Seans gur ráiteas saghas conspóideach é seo, ach is maith liom an aimsir i mí Eanáir. Ní hé an aimsir is fearr liom, ach bíodh sé fuar nó bog, fliuch nó tirim, tá rud éigint fén aimsir dhorcha na míosa seo a thaitníonn liom. Faightear radharc difriúil ar an saol nuair a chítear fé sholas na gealaí é, go háirithe nuair a  chuimhnítear go mbeidh sé ina lá ag an am gcéanna i gceann cúpla mí eile. Tuigim go gcuireann an easpa solais isteach orainn ar fad, agus go mbíonn sé ana-dheacair an solas lae sin a fháilt atá ríthábhachtach. Ach fós féin, is dóigh liom go bhfuil rud speisialta fén aimsir ag tosach na bliana, agus go gcuirfear luach níos mó ar an aimsir “mhaith” a thiocfaidh sna míonna amach romhainn tar éis d0 mhí Eanáir a bheith curtha dínn againn. 

Is deacair an mhí í mí Eanáir. Bíonn sí fada dorcha ciúin. Ach mar sin féin, níl aon dul as againn, agus measaim go bhfuil draíocht nach beag ag baint léi. Tá súil agam, amach anseo, go dtuigfidh a thuilleadh daoine an meas atá ag dul dó. 

Níos mó