Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ni-thig-linn-luach-agus-gaisci-na-mban-a-cheiliuradh-gan-an-foreigean-ina-n-aghaidh-a-aithint’

‘Ní thig linn luach agus gaiscí na mban a cheiliúradh gan an foréigean ina n-aghaidh a aithint’

| gemma ui bhrollaigh | ,

Ar dtús, Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh go léir. 

Mar is eol daoibh, déanann muid ‘Nollaig na mBan’ a cheiliúradh an 6 Eanáir gach bliain. Ach, mar chara de chuid aintín Natalie McNally, agus atá bainte le pobal na Gaeilge, mar Ghael agus mar dhuine, ní shílim go dtig linn luach, gaiscí ná ionchur na mban a chéiliúradh i gceart gan dúnmharuithe foréigneanacha in aghaidh na mban a aithint agus beart tábhachtach a dhéanamh ina leith seo i ndiaidh na bliana is measa dá raibh againn le deich mbliana anuas maidir le foréigean in aghaidh na mban. 

Creidim go láidir go gcaithfimid cuimhneamh ar na mná seo um Nollaig na mBan agus aird a dhíriú ar an éagóir agus ar an fhulaingt a imríodh ar mhná ar nós Aishling Murphy, Natalie McNally agus a leanbh gan bhreith, Bruna Fonseca agus, go deimhin, gach bean eile a gortaíodh agus a dúnmharaíodh. Tá deis againn an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi uafás gránna na n-ainghníomhartha seo, aird a dhíriú ar chásanna na mban seo chun go ngabhfar iad siúd atá ciontach agus go gcuirfear an dlí orthu. 

Ó 1996 dúnmharaíodh 244 ban go foréigneach i ndeisceart na hÉireann agus, ó 2017 i leith, dúnmharaíodh 35 bean i dtuaisceart na hÉireann. 11 ban a dúnmharaíodh go foréigneach in 2022. Mar sin, is í 2022 an bhliain is measa dá raibh againn le deich mbliana ó thaobh dúnmharuithe foréigneanacha in aghaidh na mban.  

Mar sin, bíodh cuimhne ar 2023 mar an bhliain a rinne muid dá bhfuil ar ár gcumas chun aird a dhíriú ar na héagóirí uafásacha seo, chun stop a chur leis na coireanna gránna seo agus chun brú a chur ar ár rialtais gach dá bhfuil ar a gcumas a dhéanamh chun deireadh a chur leis na hainghníomhartha gránna seo. 

Mar sin de, ba mhaith linn aird a dhíriú, eolas ríthábhachtach a roinnt, cuimhní agus coinsias oiread daoine agus is féidir a mhúscailt sa dóigh is go ngabhfar na dúnmharfóirí seo. 

D’inis teaghlach Natalie McNally, go ndéanaí Dia mhaith uirthi, d’inis siad dúinn uile faoin dóigh a bhfuil daoine ó gach reiligiún, creideamh agus cúlra, polaitiúil agus neamhpholaitiúil ag teacht le chéile chun tacú leo. Bíodh ‘Nollaig na mBan 2023’ mar an lá a spreagann tacaíocht agus beart ó gach uile dhuine chun na dúnmharfóirí a tharraingt os comhair na cúirte, an lá a spreagann misneach agus dúshlán sa phobal chun stop a chur le hainghníomhartha imeaglaithe agus foréigneanacha agus an lá a chuirimid ina luí ar na rialtais go gcaithfidh siad níos mó a dhéanamh le chéile chun nach dtarlóidh na hainghníomhartha uafásacha seo go deo arís. 

Impím ar gach duine coinneal a lasadh, eolas ríthábhachtach a roinnt maidir le cás Natalie McNally agus na nban uilig cosúil le Natalie agus pictiúir a chur in airde le haischlibeanna #Nollaignamban #Beathanamban agus haischlibeanna ar bith eile bheadh ina gcuidiú maidir leis na fiosruithe atá fós ar siúl. 

Níos mó