Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ba-choir-do-tg4-a-machnamh-a-dheanamh-ar-chlar-faoi-thragoid-an-chraoslaigh-a-chraoladh-–-an-taoiseach

Ba chóir do TG4 a machnamh a dhéanamh ar chlár faoi thragóid an Chraoslaigh a chraoladh – An Taoiseach

| Padraic O Ciardha | , ,

Tá ráite ag an Taoiseach gur cheart do TG4 labhairt le muintir na ndaoine a bhásaigh sa phléasc a tharla ar an gCraoslach anuraidh sula ndéanfar cinneadh ar cheart clár faisnéise nua faoin tragóid a chraoladh anocht.

Tá conspóid mhór tarraingthe ag an scéal go bhfuil an chéad chlár sa tsraith nua Iniúchadh TG4 chun díriú ar an bpléasc a tharla sa bhaile i nDún na nGall mí Dheireadh Fómhair seo caite, pléasc inar maraíodh deichniúr.

Tá muintir ceathrar díobh siúd a bhásaigh ag impí ar TG4 gan an clár a thaispeáint anocht.

Agus é ag labhairt sa Dáil tráthnóna, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur cheart do TG4 dul i gcomhairle le teaghlaigh na marbh maidir le haon chinneadh an clár a chraoladh.

“D’iarrfainn b’fhéidir ar TG4 suí síos leis na teaghlaigh atá i gceist, dul i gcomhairle leo, agus cinneadh a dhéanamh maidir le craoladh an chláir faisnéise ina dhiaidh sin,” a dúirt Varadkar.

“Tá drogall orm mar cheannaire an Rialtais a rá le haon chraoltóir céard ar cheart nó nár cheart a chraoladh, nílim ag iarraidh dul isteach ansin. Ach cloisim céard atá ráite ag na teaghlaigh, is dóigh liom go bhfuil trua againn go léir dóibh, agus d’iarrfainn ar TG4 go suífeadh siad síos leis na teaghlaigh ar a laghad agus an scéal a phlé leo, a dtuairim a chloisteáil agus iarracht a dhéanamh iad a thuiscint.”

Tá an scéal i mbéal an phobail le cúpla lá anuas tar éis do theaghlach beirt a cailleadh sa tragóid ar an gCraoslach, Robert Garwe agus a iníon Shauna Flanagan, iarraidh ar TG4 gan an clár a chraoladh anocht.

D’iarr tuilleadh de mhuintir na marbh ar an stáisiún inniu craoladh an chláir a chur ar athlá.

Agus é ag labhairt ar Liveline ar RTÉ Radio One, dúirt Hugh Harper, athair Leona Harper, duine den deichniúr a maraíodh sa phléasc, go raibh sé róluath an clár a thaispeáint agus pobal an Chraoslaigh fós ag fulaingt. Dúirt Hugh Harper nach raibh aon teagmháil déanta ag TG4 ná lucht léirithe an chláir le teaghlaigh na marbh.

Dúirt Harper nach bhfuair sé amach go dtí cúpla lá ó shin go raibh an clár le craoladh. I ráiteas a chuir clann Martina Martin, duine eile de na mairbh, ar fáil, dúradh nach bhfuair siad amach go raibh an clár le craoladh go dtí aréir, nuair a chuir oifigeach idirchaidrimh de chuid an Gharda Síochána teachtaireacht chucu.

Dúirt Hugh Harper gurb í an easpa cumarsáide an fhadhb is mó a bhí aige le TG4.

“Ní hé nach bhfuilimid ag iarraidh go gcraolfaí é seo, ná go bhfuilimid ag iarraidh go bhfágfaí ar an tseilf é ag bailiú deannaigh. Dá ndéanfaí teagmháil linn le linn an léirithe agus dá mbeadh sé ráite ag duine éigin linn, ‘seo a bheidh ann, seo píosa scannáin as, caith súil air’, b’fhéidir nach mbeimis ag suí anseo anois agus an comhrá seo ar siúl againn.

“Braithimid mar a bheadh paisinéirí ar bhus ionainn, sa suíochán cúil. Seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann agus is é a dhéanfaidh daoine ná a rogha rud gan do chead a lorg. Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh a bheith ag tabhairt cead, níl uainn ach go dtabharfaí aitheantas dúinn agus go gcuirfí san áireamh sinn.”

Dúirt Harper nach raibh aon fhadhb aige leis na daoine atá faoi agallamh sa chlár agus go raibh aithne aige orthu ach go raibh imní mhór air maidir le céard a bheadh le feiceáil ann.

Agus í ag labhairt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt aintín le hÁine Flanagan, a chaill a páirtí Robert agus a n-iníon Shauna sa phléasc, go raibh sé róluath an clár a thaispeáint.

Dúirt Clár Ní Fhiaidh go raibh an teaghlach fós ag iarraidh teacht chucu féin agus go raibh sé i bhfad róluath a leithéid de chlár a chraoladh, go háirithe agus fiosrúchán faoin tragóid fós ar bun.

Dúirt Ní Fhiaidh go raibh a neacht “iontach feargach” ó fuair sí amach go raibh an clár le craoladh agus go raibh an méid a bhí fógartha faoi ábhar an chláir tar éis cur isteach go mór uirthi.

Dúirt Ní Fhiaidh gur cheart craoladh an chláir a chur siar bliain chun deis a thabhairt do na teaghlaigh agus don phobal teacht chucu féin tuilleadh.

Mhaígh Killian Flanagan, deartháir le hÁine, inné go raibh roinnt de na daoine a ghlac páirt sa chlár ag iarraidh nach gcraolfaí ach oiread é.

I ráiteas a d’eisigh TG4 aréir, dúradh gurb é a bhí sa chlár ná iarracht léargas a thabhairt ar an tslí ar tháinig muintir an bhaile bhig i nDún na nGall le chéile díreach i ndiaidh na pléisce ag garáiste Mhic Laifeartaigh chun a gcomharsana a tharrtháil.

“Tá agallaimh ann le daoine a chuir a mbeatha féin i mbaol agus iad ag iarraidh daoine eile a thabhairt slán,” a dúradh i ráiteas an stáisiúin.

“Labhraíonn siad go truachroíoch agus go tuisceanach faoin mbaint a bhí acu le cabhrú le daoine eile in am an ghátair mhóir. Theastaigh ó na daoine a ghlac páirt sa chlár a mbuíochas a chur in iúl faoin tslí gur tháinig gnáthphobal le chéile ag am an-chrua chun cabhrú lena gcairde agus a gcomharsana.

“Cuid de na daoine a ghlac páirt ann [sa chlár] bhí a fhios ag cuid de na daoine ar bhásaigh daoine muinteartha leo go raibh siad le páirt a ghlacadh ann. Léirítear sa chlár fíor-ómós do na daoine a bhásaigh. Ní thuairiscítear aon rud faoi na daoine a maraíodh seachas an méid a tuairiscíodh go poiblí díreach i ndiaidh na tragóide.”

Dúirt TG4 gur comhlacht iad Clean State TV, lucht déanta an chláir, a bhfuil an-cháil orthu as an gcur chuige íogair a thaispeáin siad i gcláir fhaisnéise eile a rinne siad.

Thug TG4 le fios an tseachtain seo caite go mbeadh tiománaí tochaltóra a bhí ag lorg choirp na marbh sa smionagar faoi agallamh den chéad uair sa chlár.

Dúradh go labhraíonn Henry Gallagher, fear 47 bliain d’aois, faoi a bheith ag iarraidh teacht ar choirp na marbh ar an láthair. Deir Gallagher gurbh iad teaghlaigh na marbh a spreag é chun leanúint air go dtí go raibh gach corp faighte.

Maraíodh deichniúr sa phléasc: James O’Flaherty (48), Jessica Gallagher (24), Martin McGill (49), Catherine O’Donnell (39) agus a mac James Monaghan (13), Hugh Kelly (59), Martina Martin (49), Robert Garwe (50) agus a iníon Shauna Flanagan Garwe (5), agus Leona Harper (14).

Níos mó