Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cailleach-nua-aoise-agus-a-nosanna-feile-bride

Cailleach Nua-Aoise agus a nósanna Féile Bríde

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Tá Bríd, naomh agus bandia, i mbéal an phobail go mór le déanaí agus féastaí is féilte á reáchtáil ar fud na tíre i mbliana don chéad lá saoire bainc in ómós di, a bheidh ann Dé Luain. 

Tá borradh tagtha arís faoi chultas an naoimh, ach dar ndóigh téann na nósanna a bhaineann le Bríd i bhfad siar, cuid acu chomh sean leis an gceo. 

Aithnítear í go forleathan mar naomh Caitliceach, mar easpag caitliceach fiú, de réir na scéalta, ach tá tuairimí láidre ann gur bandia a bhí i mBríd a raibh a cuid cumhachta fréamhaithe sa phágántacht. 

Tá an tuairim seo ag éirí níos láidre le blianta beaga anuas. Tá athbheochan faoin bpágántacht féin timpeall na tíre agus daoine ag cur spéise sna traidisiúin réamh-Chríostaí, daoine dála Amy Uí Ríordáin ó chontae Phort Láirge, ar fearr aithne uirthi mar ‘The Crafty Cailleach’ ar Instagram agus ar a cainéal YouTube. 

Chaith mé seal i mbun cainte léi faoina tuairimí agus faoi na nósanna a bhíonn á gcleachtadh aici féin aimsir na Féile Bríde. 

Cuirimis rud beag aithne ort i dtosach, abair linn faoi ‘The Crafty Cailleach’, cad é?

Ar dtús, is fiú a rá gur iomaí brí a bhaineann leis an bhfocal ‘Cailleach’! Domsa, ciallaíonn sé saghas bandia talún agus flaithiúnais, bandia geimhridh.  Nuair a rinne mé taighde ar shanasaíocht an fhocail, fuaireas amach go bhfuil an-chuid béaloidis, staire, scéalta agus siombalachais ceangailte leis an gCailleach agus is uaidh sin a tháinig an teideal ‘The Crafty Cailleach’. 

Nasc YouTube: What even is a ‘cailleach? ’https://www.youtube.com/watch?v=ArgphncABCc

Thosaigh ‘An Crafty Cailleach’ amach ar Instagram ach tá cainéal YouTube agam anois freisin. Bím ag foilsiú físeán faoin mbéaloideas, faoi stair na mban, faoi stair na draíochta in Éirinn agus faoi bhia Éireannach. Dar liom, tá sé tábhachtach na hábhair seo a roinnt agus a phlé. 

Tá an-suim ag daoine ann, tá mo chainéal ar YouTube ag fás gach lá agus is mór an spreagadh é sin. Tá níos mó daoine a bhfuil spéis acu i gcúlra agus stair na hÉireann le deireanas, agus sa draíocht agus i scéalta na gcailleach freisin. Tógaimis an clár a bhí ar TG4 cúpla mí ó shin mar shampla, An Diabhal Inti, bhí an-suim ag daoine ann agus thaitin sé go mór liomsa freisin. 

Agus Lá Fhéile Bríde ag druidim linn, céard iad do thuairimí féin faoi Bhríd? An bhfuil ómós agat uirthi mar bhandhia, mar naomh? 

Bhí suim agam i mBríd i gcónaí. Nuair a bhíos óg chualamar an scéal ar scoil faoina brat agus an cleas a d’imir sí ar an rí chun a heaglais a thógáil. Shíl mé go raibh a cuid draíochta sa scéal seo fíorshuimiúil, agus thaitin sé liom go raibh bean draíochta i lár an scéil. Bhí spéis agam i gcúrsaí draíochta i gcónaí.

Aithním Bríd mar bhandia agus mar naomh. Tá na traidisiúin a bhaineann léi ceangailte lena chéile agus níl sé éasca iad a scaradh.

An ndéanann tú an fhéile a cheiliúradh? Céard a dhéanann tú?

Ceapaim go bhfuil an fhéile seo tábhachtach mar fhéile a cheiliúrann athrú na séasúr, chun fáilte a chur roimh an earrach agus an geimhreadh á fhágáil inár ndiaidh.

Ceiliúraim gach bliain le deasghnátha bliantúla. Leanaim seanchas na ndaoine agus na seannósanna, mar a dhéanadh mo sheantuismitheoirí, mar a dhéanann siad fós! De ghnáth, déanaim glantachán earraigh chun ullmhú le haghaidh an bhliain nua.

Maidir le Bríd í féin, fágaim ofráil di amach ar m’altóir. Ní bhíonn ann ach píosa cáca nó rud beag meala, agus uisce beatha nó poitín. Cuirim coinneal ar lasadh agus deirim paidir chiúin. Is geall le comhrá beag é, agus mé dul i mbun marana ar an séasúr ata le teacht. 

Chomh maith leis sin, cuirim amach an brat. Úsáideann mo sheanmháthair agus roinnt daoine eile ribín, nó bandána, ceirt de shaghas éigin. Úsáidim féin ceirt bhróidnithe a rinne mé cúpla bliain ó shin agus crosóg Bhríde uirthi. Ceanglaím é le sceach tráthnóna an 31 Eanáir agus le linn na hoíche, tagann Bríd agus fágann sí draíocht leighis sa bhrat. Úsáidtear an brat ansin i rith an na bliana chun tinneas cinn a réiteach.

Déanaim crosóga Bríde chomh maith. An bhliain seo caite bhuail me le mo chairde págánacha a bhfuil cónaí orthu sa cheantar agus rinneamar crosóga le chéile sa pháirc.  Crochtar an chrosóg sa teach mar bheartas cosanta draíochta chun an áit a choimeád slán ó thinte.

An bhfuil traidisiún ar leith a bhaineann leis an bhféile a thaitníonn leat? Cén fáth?

Is aoibhinn liom an chrosóg a dhéanamh, agus rún a chur inti. Chomh maith leis sin, bainim ana-shúp as an athrú séasúr agus é seo a cheiliúradh. Déanaim an teach a mhaisiú le bláthanna agus mé ag ullmhú don séasúr nua, ag réiteach le lusanna a fhás agus síolta a chur – go litriúil agus siombalach.

Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach am a thógáil thart ar Lá Fhéile Bríde le machnamh a dhéanamh ar do shaol agus a bheith cinnte go bhfuil tú ag dul i dtreo do mhianta. 

Mar a deirtear, an té nach gcuireann san earrach ní bhaineann sé san fhómhar! 

Is múinteoir í Amy leis an Irish Pagan School, a bhfuil tuilleadh eolais ar fáil faoi ag www.irishpaganschool.com. Is féidir ‘The Crafty Cailleach’ a leanúint ar Instagram agus ar YouTube ag @TheCraftyCailleach. 

Níos mó