Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
conas-stopadh-ag-feitheamh-ar-fhearaibh

Conas stopadh ag feitheamh ar fhearaibh

Tánn tú tar éis bualadh le fear aoibhinn álainn (nó quasi-bhastún ach ní admhóidh tú é sin go dtí caibidil a trí), agus tá tú ullamh le tús a chur le do chríoch shona! Ach ansan… faic. Agus aríst… faic. Ach tá sé chomh gleoite (nó gránna) is atá, is fiú feitheamh air! Nach fiú? Braitheann sé ar an gcás, ach má tá fonn ortsa stopadh ag feitheamh ar fhearaibh, léigh leat!

Is cur chuige loighiciúil céim ar chéim atá san alt so. Teastaíonn uaitse stopadh ag feitheamh ar fhearaibh. Dá réir sin, caithfidh tú iompú (nó claochlú) i do rud go mbíonn fearaibh ag feitheamh airsean. Cogar i leith chúm, cén gnáthrud laethúil go mbíonn gach fear ag feitheamh air, ná fuil aon dul as aige ach seasamh ansan ag fanacht?

Ceart agat – BUS. Caithfidh tú iompú i do bhus. Má dheineann tú amhlaidh, ní fada nó go gcífidh tú na sluaite fear ag síneadh amach a ngéag chun go stopfaidh tú, ach beidh tusa ró-hnóthach ag coastáil leat trín saol stopadh dá leithéide – BUS LÁN a bhitsigh! Teastaíonn marcaíocht leatsa ó gach duine! Táid splanctha id’ dhiaidh, ach is cuma leatsa fúthu, titeann siad go talamh le díomá agus tú ag imeacht, beidh ar na suaracháin sin fanacht ar an gcéad BHUS eile!

Tá san go breá a deir tú, beidh mé i mo BHUS feasta, ach conas a iompaím im’ BHUS? Gheallas alt loighiciúil céim ar chéim daoibh, agus sin é atá anso. Anso a leanas, cúpla nod simplí le tú féin a iompú ód’ ainniseoir a fhanann isteach id’ bhus go go go!

Aon uair atánn tú ag caint led’ fhear (to be), lig don gcomhrá forbairt go nádúrtha. Ansan nuair atá cuma shocair thaitneamhach ag teacht ar chúrsaí, béic BÍP BÍP agus imigh de gheit. Ní TUSA atá ag fanacht anois!

Agus tú led’ chairde (agus leis an bhfear álainn go mbeifeá ag feitheamh air murach gur BUS tusa anois) ag ól caifé, ag ithe lóin, nó aon áit ar bith, agus bhfuil sé in am agatsa bogadh ar aghaidh, ná dearúd a rá amach go soiléir “tabhair leat le do thoil do chuid earraí pearsanta go léir agus tú ag fágáil an bhus” i nglór réidh foirmeálta. Ba mhaith an smaoineamh é “seas siar – doirse ag oscailt” a chaitheamh isteach anois is aríst ionas ná éireoidh sé leadránach.

Má tá coinne agat i gceantar tuaithe, bí ar a laghad leathuair an chloig déanach i GCÓNAÍ. Féach ansan é ag fanacht go mífhoighneach – ach fós féin, tá sé ag feitheamh ortsa!

Más sa chathair atá do choinne, bí go hiomlán RANDAMACH ó thaobh ama de. Leathuair an chloig déanach? B’fhéidir! Trí uair an chloig luath? G’wan leat! Tríocha soicind roim am? Scór! Is TUSA dia na mbus! 

Cé go bhfuilim tar éis mo rún a scaoileadh leat agus a mhíniú go soiléir duit conas tú féin a iompú i do bhus, caithfidh mé foláireamh DÁIRÍRE a thabhairt dhuit. Deineann an t-údar cáiliúil Flann O’Brien cur síos cuimsitheach ar Shiondróm an Rothair ina shaothar, agus ghníomhaigh sé ar feadh a shaoil chun feasacht a mhúscailt fén ngalar FADTÉARMACH DO-LEIGHISTE sin (nuair a iompaíonn duine ina rothar mar gheall ar an méid ama a chaitheann sé ag marcaíocht ar a bhadhsacal). Tá fo-ghalar de Shiondróm an Rothair a bhaineann le busanna ann, Galar an Bhus. Má thugann tú na comharthaí sóirt seo a leanas fé ndeara ionat féin nó id’ chairde:

gíoscán in áit geonaíle,
fonn abhaile luath san oíche,
mochóirí
fonn am a chaitheamh le busanna eile,
fonn díosal á ól,
fuath do-mhínithe do rothaithe, coisithe, tiománaithe agus úsáideoirí eile an bhóthair nó
aon iompar aisteach eile,

tá sé tábhachtach go n-iompódh an té atá ag taispeáint na siomptóm seo thar n-ais ina dhuine LÁITHREACH BONN. Mura ndeineann siad amhlaidh d’fhéadfadh a gcorp feola iompú ina chreatalach iarainn laistigh de shé seachtaine. Galar FADTÉARMACH DO-LEIGHISTE eile is ea Galar an Bhus. Le fírinne, tá sé ana-mhístuama ón iris seo a leithéid d’alt a fhoilsiú sa chéad áit, agus oiread léitheoirí macánta á chuir i mbaol acu. Is cloíte an galar an-

Ach cuma san! Tá tusa id’ bhus, cosc ar dhroch-vaidhbeanna. MARAIGH! (SLAY!) Bíp, bíp, as mo shlí!

Ólaimis sláinte na bhfear, is go maire na busanna go deo.

*Ní ghlacann an t-údar ná an iris le haon fhreagracht as aon droch-iarmhairt de dheascaibh an ailt seo.*

Níos mó