Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
crannchur-ar-siul-an-tseachtain-seo-chugainn-le-hionad-cultuir-gaeltachta-a-‘shabhail’

Crannchur ar siúl an tseachtain seo chugainn le hionad cultúir Gaeltachta a ‘shábháil’

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá cúpla lá fágtha ag an bpobal ticéad a cheannach do chrannchar trína bhfuiltear ag tiomsú airgid le Pictiúrlann an Phoenix sa Daingean a “shábháil”. 

Tá súil ag lucht Save the Phoenix Cinema sa bhaile Gaeltachta i gCorca Dhuibhne an foirgneamh a mbíodh an phictiúrlann ann go dtí le gairid a cheannach agus spás nua cultúir agus pobail a chur ann. “Comharghrúpa áitritheoirí i gCorca Dhuibhne” is ea Save the Phoenix Cinema a bhfuil “paisean don chineama agus do na healaíona” acu.

“Thug grúpa mór údarás dúinn airgead a thiomsú agus an phictiúrlann is ansa linn a cheannach agus é a thiontú ina pictiúrlann bhríomhar agus ionad ealaíon ina gceiliúrfar meascán de na healaíona comhaimseartha, an cultúr, an oidhreacht, an t-oideachas, agus an teanga i gcroílár Chorca Dhuibhne,” a deir lucht an fheachtais ar an leathanach tiomsaithe airgid. 

Fógraíodh in 2021 go raibh Pictiúrlann an Phoenix le dúnadh go buan. Bhí an-díomá ar mhuintir Chorca Dhuibhne faoin scéala agus tháinig grúpa le chéile i mí na Nollag 2021 agus cinneadh an feachtas sábhála a chur ar bun “leis an ionad a shábháil [dár] mbaile, pobal, páistí, cuairteoirí, agus do na glúinte atá amach romhainn”. 

Tá an phictiúrlann i seilbh phríobháideach faoi láthair ach is é aidhm an fheachtais é a cheannach agus a thabhairt ar láimh don phobal. Caitear an t-airgead a bhailiú leis an bhfoirgneamh féin a cheannach agus a ansin na 

“heilimintí praiticiúla” eile a chur i gcrích – pleananna agus tuairiscí straitéiseacha gnó a chumadh, tuairiscí innealtóireachta a choimisiúnú agus na táille eile a bhainfidh le reáchtáil an ionaid mar áis phobail. 

Tá €3,620 bailithe cheana féin agus beidh na ticéid ar díol go dtí 18.00 Dé Máirt an 14 Feabhra. Tá costas €5 ar thicéad amháin agus lascainí ann don té a cheannódh níos mó ná sin: 5 thicéad ar €20, 10 dticéad ar €40, 15 thicéad ar €60, 20 ticéad ar €80, 25 ticéad ar €100, 30 ticéad ar €120, 35 ticéad ar €140, agus 40 ticéad ar €160. 

Tá cúig dhuais luaite leis an gcrannchur agus iad curtha ar fáil ag ceardaithe Chorca Dhuibhne. An chéad duais ná seit de sheacht n-eitseáil de chuid Dheirdre McKenna, an dara duais ná mála de chuid Holden Leather i mBaile an Ghóilín, an tríú duais ná péinteáil fhrámaithe de Chuan an Daingin leis an ealaíontóir Ruth Carbery, an ceathrú duais ná péinteáil fhrámaithe d’Uisce Beatha an Daingin leis an ealaíontóir Jenny MacCarthy, agus an cúigiú duais ná teisteán criostail ó Chriostal an Daingin. 

Déanfar an tarraingt ar an 14 Feabhra agus tá fáilte roimh dhuine ar bith áit ar bith ar domhan ticéad a cheannach. Ní mór dóibh a gcuid socruithe féin a dhéanamh leis na duaiseanna a bhailiú. Is féidir ticéad a cheannach anseo.

Bunaíodh Pictiúrlann an Phoenix i mbaile an Daingin sa bhliain 1980 agus baineadh croitheadh as muintir an bhaile agus an cheantair máguaird nuair a tháinig an scéala nach n-osclófaí na doirse arís. Dúnadh an phictiúrlann ag tús na paindéime i mí Mhárta na bliana 2019 agus níor osclaíodh ó shin iad. Teach damhsa a bhí san fhoirgneamh sular iompaíodh ina phictiúrlann é agus mar sin bhí áit speisialta mar ionad cultúir agus siamsaíochta aige ó tógadh é. 

Níos mó