Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
mioruilti-naomh-brid-o-‘leabhar-an-leasa-mhoir’

Míorúiltí Naomh Bríd ó ‘Leabhar an Leasa Mhóir’

| emma ni shisc | ,

Scéalta ársa faoi Bhan-Éarlamh na hÉireann nach bhfuil an oiread sin clú orthu

Táimid ag ceiliúradh inniu duine de na naoimh Éireannacha atá go mór i gcroí an phobail. Le cúpla lá anuas, mar is gnáth gach bliain, bíonn idir thuismitheoirí agus mhúinteoirí ag bailiú luachra chun Crosóga Bríde a dhéanamh. Bíonn páistí ar fud na tíre ag léamh an scéil i dtaca lena brat agus b’fhéidir gur cuireadh píosa éadaigh amuigh thar oíche aréir in áiteanna difriúla. Cé go bhfuil clú agus cáil ar an scéal seo tá neart scéalta míorúilteacha eile ann nach mbeadh mórán eolais ag daoine orthu ach a bhfuil cuntas orthu i Leabhar an Leasa Mhóir – lámhscríbhinn mheánaoiseach Ghaelach a aimsíodh de sheans i mballaí Chaisleán an Leasa Mhóir, contae Phort Láirge in 1814. Seo cúpla sampla díobh:

Tairngríodh roimh a breith go mbeadh Bríd an-speisialta

Lá amháin, nuair a bhí máthair Bhríde, bean darbh ainm Broicseach, ag iompar clainne le Bríd, bhí sí ag dul áit éigin i gcarbad le hathair Bhríde. Chas siad le draíodóir fir ar an mbealach agus thug sé ceann don bhean óg nuair a leag sé a shúile uirthi. Chuir sé ceist ar athair Bhríde, Dubhthach, an raibh an bhean a bhí leis ag súil. Dheimhnigh athair Bhríde go raibh sí ag súil lena pháiste féin. Ansin dúirt an draíodóir go mbeadh an leanbh ina broinn ina ‘hamhra’ agus nach raibh a leithéidí ar domhan riamh cheana. Lean an draíodóir ar aghaidh lena chuid cainte agus trí rath fáistine, rinne sé tuar agus tairngreacht ar shaol Bhríde. D’fhógair sé os ard: “Beidh páistí do mhná céile ag freastal ar an bpáiste seo ó do chumhal mar ginfidh do chumhal iníon a bheidh suaitheanta lonrach agus a dhealrófar mar ghrian i measc réaltaí na bhflaitheas”. Bhí an-áthas ar Dhubhthach an méid seo a chloisteáil!

Chéad mhíorúilt Bhrídé

Ach, mar a bheifí súil leis, ní raibh bean chéile Dhubthach róshásta nuair a chuala sí seo agus chuir sí faoi bhrú é máthair Bhríde a dhíol, agus Bríd a bhí beo gan bhreith. Díoladh an bheirt acu le draíodóir eile. Anois tharla sé go raibh aithne ag an draíodóir seo ar Rí agus Banríon ag an am. Bhí an Bhanríon ag iompar clainne freisin. Nuair a rugadh a mac óg, marbhghin a bhí ann. An mhaidin dár gcionn rugadh Bríd agus tugadh an cailín nuabheirthe díreach go corp an bhuachalla bhig mhairbh. Scríobhadh gur éirigh an buachaill beag bocht ina steillbheatha arís nuair a chuir Bríd bheag a hanáil air.

Oíche amháin bhí an draíodóir ina chodladh agus é ag brionglóideach. Ina bhrionglóid, chonaic sé triúr cléireach a raibh éadaí lonracha orthu ag doirteadh ola ar cheann Bhríde agus ag déanamh ord an bhaiste uirthi. Labhair duine de na fir, ar aingil iad, leis an draíodóir agus dheachtaigh sé dó gurbh é Sancta Brigida a thabharfaí ar an bpáiste, sin le rá Bríd Naofa.

Lán leis an Spiorad Naomh

Deirtear gur tharla go leor eachtraí mistiúla i rith shaol Bhríde. Lá amháin, nuair a bhí sí fós ina leanbh, d’fhág a máthair Bríd sa bhaile nuair a chuaigh sí sa tóir ar bhainne. Bhí a máthair imithe le tamall beag nuair a thug na comharsana faoi deara go raibh stríoc mhór solais, amhail tine, ag éirí aníos as an teach i dtreo Neimhe. Cheap siad go raibh an teach trí thine, agus bhí a fhios acu go raibh Bríd fágtha ann. Nuair a bhain siad an teach amach, ghlan an tine agus dúradh nuair a aimsíodh í go raibh Bríd lán de ghrásta an Spioraid Naoimh.

Casadh Bríd agus a hathair ar a chéile arís nuair a bhí sí ní ba shine. D’imigh Dubhthach ar thuras tráth agus bhí Bríd ag tabhairt aire do mhucra. Nocht beirt ghadaithe agus ghoid siad dhá thorc. Ní raibh Bríd ábalta stop a chur leo.  Tamall ina dhiaidh sin ar a shlí abhaile, bhuail Dubhthach leis na gadaithe agus thóg sé na toirc ar ais uathu. Nuair a d’fhill sé ar Bhríd, chuir sé ceist uirthi faoin méid muc a bhí fágtha. “Comhair an líon atá ann”, ar sise. Chomhair sé na muca go léir agus bhí dhá mhuc bhreise aige!

A grá do na boicht

Go gairid ina dhiaidh sin, tharla a leathbhreac eile. Bhí Bríd ag ullmhú an dinnéir lá amháin agus cúig phíosa bagúin aici. Tháinig madra aimléiseach isteach a raibh ocras an domhain air. Le teann trua, thug Bríd píosa bagúin dó. D’alp sé é leis an ngoin a bhí ina ghoile ach bhí ocras fós air. Thug Bríd píosa eile bagúin dó. Bhí cuairteoir ann sa teach ag an am ach cheap Bríd go raibh sé ina chodladh. Ní raibh a fhios aici go raibh sé ag faire ar na heachtraí sa chistin. Tháinig Dubhthach ar ais agus cheistigh sé í maidir leis an méid a bhí acu don dinnéar. 

Comhair an líon atá ann”, a dúirt Bríd arís. Chomhair sé an bagún agus ní raibh aon phíosa ar iarraidh. Ansin, d’inis an cuairteoir do Dhubhthach na himeachtaí a chonaic sé. Níor ith a raibh sa teach an bia sin mar níor mhothaigh siad fiúntach go leor agus tugadh an bia do na boicht ina ionad. Deirtear go raibh Bríd ar dhuine de na daoine ab fhlaithiúla leis an ngortach, agus gur éirigh a hathair míshásta léi mar bhí Bríd ag tabhairt gach rud amach saor in aisce dóibh. Rinne Dubhthach dea-iarracht í a díol tráth fiú chun a shaibhreas agus a sheilbh a chosaint.

Rinne Bríd neart míorúiltí le linn a saoil. B’ionadh le daoine go ndéanfadh aon duine a leithéid. Deirtear i Leabhar an Leasa Mhóir go raibh an méid chomh hard sin gur chaith an tAingeal Tiarna teacht agus insint dúinn cé mhéad go díreach a rinne sí.

Níos mó