Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
plean-ar-bith-leaganacha-gaeilge-leabhair-roald-dahl-a-athscriobh-lena-ndeanamh-‘nios-feiliunai’

Plean ar bith leaganacha Gaeilge leabhair Roald Dahl a athscríobh lena ndéanamh ‘níos feiliúnaí’

Níl sé i gceist ag an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac na hÚmpa-Lumpaigh bheaga i leabhar Roald Dahl Charlie agus Monarcha na Seacláide a dhéanamh neodrach ó thaobh inscne de ná a rá gur an-mhór seachas ramhar atá Augustus Gloop.

Tá ráite ag na foilsitheoirí Gaeilge, a bhfuil ceithre aistriúchán ar shaothair le Dahl foilsithe acu, nach mbeidh siad ag déanamh aon athrú ar na leabhair chun go mbeidís ‘níos oiriúnaí do léitheoirí an lae inniu’.

Ag tagairt a bhíodar don chonspóid atá tarraingthe ag an athscríobh ar na heagráin Bhéarla de shaothar Dahl.

“Níl aon phlean againne na leabhair a athscríobh,” a deir Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac.

“Braitheann na leabhair go mór ar an ngreann, agus ní dubh ná dorcha go greann Roald Dahl. Tá an íoróin agus an áiféis go smior ina chuid leabhar do pháistí — rud a chaillfí, is cinnte, dá ngabhfaí ag útamáil leis.

“Féach na cailleacha in Na Cailleacha: ‘Is é an dara rud le cuimhneamh air go mbíonn gach FÍORCHAILLEACH maol … Chomh maol le hubh chirce.’ Agus Bean Uí Ghamail: ‘An bhfaca tú bean chomh gránna léi riamh?’ Nó an buachaill naoi mbliana in Charlie agus Monarcha na Seacláide ‘a bhí chomh ramhar go gceapfá gur úsáideadh caidéal mór cumhachtach lena líonadh le haer.’

“Is cinnte go bhfuil an greann sin cruálach, ach is cuid dhílis den leabhar é, agus is beag leathanach nach bhfuil tagairtí dá shórt ann. Ní leor an focal ‘ramhar’ a bhaint as, chaithfí ailt iomlána a athscríobh. É sin nó, mar a mhol tráchtaire amháin, iad a ligean as cló!”

Beag an baol go dtarlóidh sé sin, a deir Darach Ó Scolaí, foilsitheoir agus úrscéalaí.

“Gnó mór idirnáisiúnta é an Roald Dahl Estate, gnó atá díreach tar éis na cearta teilifíse ar a shaothar iomlán a dhíol le Netflix ar £500,000,000, más fíor. Beidh sé spéisiúil a fheiceáil cé chomh ceartaiseach is a bheas Netflix ina léiriú ar charachtair mhaola ghránna ramhra Dahl.”

Deir an scríbhneoir agus foilsitheoir gur boichte a bheadh litríocht na Gaeilge chomh maith dá dtosófaí á hathscríobh.

“Dar ndóigh, dá ngabhfaí sa tóir ar na focail ‘ramhar’, ‘gránna’, ‘maol’ srl., sa litríocht s’againn féin bheadh liosta le háireamh againn! Cá mbeadh Amhlaoibh Ó Súilleabháin gan Mairéidín de Barra is a ‘tóinín triopallach’. Cá mbeadh an Deoraí gan an Bhean Ramhar? Agus cá gceannófaí an t-asal beag dubh?”

Deir Darach Ó Scolaí gur deacair a rá “go fírinneach” cén chúis atá leis an athscríobh ar úrscéalta Roald Dahl.

“Tá daoine ann a déarfadh gur ar mhaithe le ceartas polaitiúil é, agus daoine eile, seans, a déarfadh gur mó baint atá aige leis an síor-riachtanas an ‘branda’ a choinneáil i mbéal an phobail.”

Deir Leabhar Breac gur leabhair “láidre” iad leabhair Roald Dahl agus go mbíonn éileamh mór orthu i nGaeilge, mar atá i dteangacha eile. Ní dhéanfaidh an chaint ar na leabhair i Sasana aon dochar don díolachán ar na leabhair i nGaeilge, a deir Darach Ó Scolaí.

“Is cuma más ar son Puffin Books á n-athscríobh atá tú nó ar son Gallimard a dhiúltaíonn don athscríobh, is í an díospóireacht a choinníonn na leabhair i mbéal an phobail agus, cé nach ionann nuacht agus díolachán, is beag leabhar a dhíolfaí mura mbeifí ar an eolas fúthu.”

Ach oiread le Leabhar Breac Chois Fharraige, deir Gallimard na Fraince nach bhfuil aon rún acusan an téacs i leabhair Dahl a leasú.

“Leis an mBreatain amháin a bhaineann an t-athscríobh seo. Níor leasaigh muidne aon téacs le Roald Dahl agus go dtí seo níl aon phleananna againn sin a dhéanamh,” a dúirt urlabhraí de chuid Gallimard Youth.

Is ag Leabhar Breac atá na cearta Gaeilge ar leabhair Roald Dahl. Ceithre leabhar atá ar fáil faoi láthair, Danny, Seaimpín an Domhain, Charlie agus Monarcha na Seacláide, Na Gamail agus Na Cailleacha.

Tá dhá leabhar eile le foilsiú as seo go ceann bliana, Matilda agus An Crogall Mór Millteach. Is iad Muiris Ó Raghallaigh agus Niamh Ní Argáin a dhein na haistriúcháin.

Tháinig sé chun solais le gairid go raibh sé i gceist ag eastát Roald Dahl agus Puffin Books, foilsitheoirí Béarla an údair, leasuithe a dhéanamh ar na buneagráin Bhéarla dá leabhair The BFG agus Charlie and the Chocolate Factory, chun go mbeidís níos oirúnaí do léitheoirí an lae inniu.

San eagarthóireacht nua seo is ‘daoine beaga’ seachas ‘fir bheaga’ a thabharfar ar na hÚmpa-Lumpaigh agus ní luafar an focal Béarla ar ‘ramhar’ in aon leabhar.

Ní scríobhfar feasta go bhfuil Twit sa leabhar The Twits [Na Gamail ag Leabhar Breac] gránna. Uafásach a bheidh sé feasta. Ní Cloud-Men a bheidh sa leabhar James and the Giant Peach ach Cloud-People.

Dúirt urlabhraí thar ceann Chomhlacht Roald Dahl nach aon ní nua é go ndéanfaí athbhreithniú ar an teanga agus ar ghnéithe eile i leabhar, cuir i gcás an clúdach agus an leagan amach.

Bhí an t-úrscéalaí Salman Rushdie ar dhuine díobh siúd a cháin an cinneadh seo ag Puffin Books.

Dúirt Rushdie gur chóir dóibh siúd a bhí i mbun na n-athruithe “náire” a bheith orthu.

Dúirt PEN America, dream a sheasann don tsaoirse cainte is scríbhneoireachta, gur “údar imní” dóibh an líon mór athruithe a bhí á dhéanamh ar na leabhair.

Agus na leasuithe seo á ndéanamh, fuarthas cabhair ó ghrúpa ar a dtugtar Inclusive Minds, dream ar mian leo go mbeadh “léiriú dílis” ar an saol le fáil i leabhair do leanaí.

Níos mó