Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
se-mholadh-do-‘leabhra-feabhra’

Sé mholadh do ‘Leabhra Feabhra’

| hannah ni chonghaile | ,

Mí Feabhra is ea é, tosach an earraigh agus nach iontach an t-am é rudaí nua a thosnú. An lá ag dul chun síneadh agus rúin ró-uaillmhianacha na hathbhliana caite uait, am dóchasach is ea é seo gan dabht. Is é mí Feabhra mí léitheoireacht na nGael, is léir, agus an feachtas ‘Leabhra Feabhra’ fé lántseol. Moltar leabhair Ghaelainnne a thabhairt mar bhronntanais an mhí seo agus iad a léamh, gan dabht.

Más cosúil liomsa atá tú, bíonn tú de shíor sa tóir ar leabhair mhaithe agus tá liosta beag curtha le chéile agam, idir shean agus nua, de leabhair a thaitin go mór liom le tamaillín anuas. 

Ag Scaoileadh Sceoil Seosamh Ó Duibhginn [An Clóchomhar/Cló IarChonnacht, €30]

Cuimhní cinn an údair, a bhí i bpríosúin sa Churrach agus ina dhiaidh ina scríbhneoir Gaelainne agus ina eagarthóir ar iris Feasta sna laethanta luatha, atá sa leabhar seo. Foilsíodh in 1962 é, agus mar sin bhíos saghas amhrasach mar gheall ar an dteanga a bheadh ann ar dtús, ach leabhairín ana-spéisiúil is ea é óna bhfaightear léargas iontach ar a dheacra is a bhí sé a bheith id’ scríbhneoir Gaelainne ag an am. Fear a lean a phaisean ab ea é Ó Duibhginn, agus léirítear é seo don léitheoir trí na scéalta greannmhaire a insíonn sé ar a shaol. Leabhar deas gairid is ea é seo agus níl an Ghaelainn casta ach oiread. Cheapas go mb’fhéidir ná raibh an leabhar seo i gcló a thuilleadh, ach is féidir teacht air fós ar líne agus i leabharlanna, seans.

Lilí Frainc Maidhc Dainín Ó Sé [Cló Litríocht, €5.78]

Leabhar a phiocas aníos sa tigh lá amháin ab ea é seo, agus nach sásta a bhíos gur phiocas é! Ó thosach an leabhair bhí an scéal tarraingteach agus é inste i slí iontach, mar a bheifeá ag súil ón údar seo. Básanna, ionsaithe gnéis, imirce agus díoltas. Scéal iontach a gcuirfidh a chríoch ag cuimhneamh tú. An t-aon rud nár thaitin liom fén leabhar seo ná ná fuil aon chaibidil ann. Is maith liom leabhar a dhúnadh ag deireadh caibidle  agus é a oscailt aríst ag tosach caibidil nua. Ach gearán suarach is ea é sin! Tá an leabhar seo as cló ach tá teacht ar fós i leabharlanna agus ar líne mar ríomhleabhar. Is fiú é!

Snámh na Saoirse Róisín Sheehy [LeabhairCOMHAR, €8.50]

“Athinsint shamailteach fhileata” ar bhá Dhomhnall Uí Chriomthain agus Eibhlín Nic Niocaill is ea an dráma gairid seo. Taitneoidh sé le duine ar maith leo drámaí a léamh agus ar maith leo fíorscéalta tragóideacha a léamh amhail is gur scéalta iad. Gan dabht is fearr dráma a fheiscint ar stáitse agus tá súil agam go gcífead an ceann seo ar an ardán go luath.

Éalú Áine Uí Fhoghlú [Cló Iar-Chonnacht, €8]

Ceann tráthúil is ea an leabhar seo a bhaineann leis an bhforéigean baile ach a bhfuil casadh dainséarach agus mistéir sa scéal leis. D’oirfeadh an leabhar seo d’aon léitheoir ach mholfainn go háirithe é don bhfoghlaimeoir fásta, toisc gur leabhar gairid é agus é roinnte ina chaibidlí. Cé gur scéal spéisiúil, tarraingteach é ná teastóidh uait é a chur síos, tá sé breá éasca é a léamh chomh maith. 

Na Ríthe Beaga Delphine de Vigan/Máirín Nic Con Iomaire [Barzaz, €8]

Bhí rudaí iontacha cloiste agam fén gceann seo agus tar éis dom an t-aistritheoir a chlos ag léamh blúirín beag dó agus í ag labhairt fén cur chuige aistriúcháin a bhí aici, bhí orm é a fháilt go práinneach. Scéal tarraingteach agus ana spéisiúil is ea é seo, a choimeádann aird an léitheora agus a chuireann ag cuimhneamh duine ar an méid eolais a roinnimid ar na meáin gach aon lá dár saol. Gaelainn bhreá nádúrtha, atá sa leabhar seo agus cé gur ós cionn 300 leathanach é, níor thóg sé i bhfad ormsa é a chríochnú! 

Bígí ag léamh libh!

Níos mó