Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘tog-uaimse-e-–-fag-do-phost-agus-faigh-ceann-nua-sa-ghaeltacht!’

‘Tóg uaimse é – fág do phost agus faigh ceann nua sa Ghaeltacht!’

| hannah ni chonghaile | ,

Agus mé ag tabhairt fén gcéad bhliain sa chéim Dlí agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh bhí rud amháin cinnte im’ aigne. Bheinn ag dul leis an dlí. Aturnae nó abhcóide. Canathaobh an dlí agus ní an Ghaelainn? Thaitin an Ghaelainn i bhfad Éireann níos mó liom ná an dlí. Ach níor theastaigh uaim a bheith im’ mhúinteoir, agus mar sin ní fhacthas dom go raibh an dara rogha agam. 

Brúigh ar aghaidh ocht mbliana agus táim ag cur fúm agus ag obair sa Ghaeltacht, tá an Ghaelainn á húsáid agam go laethúil agus is ar éigean go labhraim aon Bhéarla, seachas nuair a bhím ag labhairt le mo theaghlach. Agus nílim ag múineadh! Má thá éinne ag cuimhneamh ar a bpost a fhágaint agus bogadh go dtín Ghaeltacht, seo an comhartha. Dein é. 

Tá an méid san roghanna fostaíochta anois ann go ginearálta, agus is iontach an rud é an méid post atá á bhfógairt ina bhfuil an Ghaelainn mar riachtanais teanga, nó go bhfuilid lonnaithe sa Ghaeltacht. 

Gan amhras, bíonn múinteoirí agus ceannairí i gcónaí á lorg ag na coláistí Gaelainne an t-am seo den bhliain. Deis iontach is ea é do mhúinteoirí an obair seo a dhéanamh agus cúpla seachtaine a chaitheamh sna háiteanna is deise sa tír chomh maith le hairgead sa bhreis a dhéanamh. 

Deis iontach is ea é, leis, do mhic léinn ollscoile a bheith ag obair mar cheannairí. Ní hamháin go bhfaigheann siad taithí oibre agus léargas ar shaol na Gaeltachta, tagann feabhas mór ar a gcumas cainte Gaelainne. Cleachtadh a dheineann máistreacht, mar a deirtear agus is deacair an méid san cleachtadh cainte a fháilt muna bhfuil tú ag maireachtaint i dteannta Gaeil eile. 

Ansan tá Údarás na Gaeltachta ann. Is minic a chítear Scoláireachtaí an Údaráis foilsithe, agus poist spéisiúla i réimsí éagsúla a bhíonn i gceist. Faightear an deis chomh maith tabhairt fé chúrsa nó oiliúint de shaghas éigint sa tréimhse ina mbítear fostaithe agus tugann sé céim chun cinn duit id’ ghairm. Chomh maith leis sin tá scéim printíseach ag an Údarás atá dírithe ar Ghaeil agus daoine atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus iad ag iarraidh ceird a fhoghlaim. Fógrófar poist eile atá lonnaithe sa Ghaeltacht leis ar shuíomh idirlíne an Údaráis. 

Bíonn poist fógartha do mhúinteoirí agus oibrithe naíonra sa Ghaeltacht go minic, leis. Gan dabht, is minic chomh maith a bhíonn poist san earnáil pleanála teanga á bhfógairt. Ní fhéadfainn dearmad a dhéanamh ar na comharchumainn atá ag feidhmiú ar fud Gaeltachta ar leas an phobail agus a chruthaíonn deiseanna fostaíochta nach beag sa Ghaeltacht. 

Seo ar fad gan trácht ar phoist sna meáin, ina measc TG4, RnaG, na hirisí Gaelainne, agus a thuilleadh nach iad. Is léir chomh maith go bhfuil eagraíochtaí Gaelainne ar nós Chonradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge, Glór na nGael, chomh maith le leithéidí Ghaelchultúir, ag dul ó neart go neart agus fostaithe á lorg acu go minic.

Más céim san aistriúchán atá agat, tá fostaíocht ar fáil san Eoraip, i dtithe an Oireachtais, agus le comhlachtaí aistriúcháin. Tá fostaíocht do Ghaeil le fáil i ranna rialtais, leis, agus súil le borradh a chur fé seo toisc an aidhm go mbeidh 20% do fhostaithe an Stáit inniúil ar an nGaelainn sara bhfad.

Níl aon dabht ach go bhfuil i bhfad níos mó post a bhaineann leis an nGaelainn ná mar atá luaite agam thuas. Is iontach an rud é go bhfuil fostaíocht ar fáil do dhaoine le Gaelainn ins gach aon chuid den tír. Is fada uainn an lá gur poist sa seirbhís poiblí nó mar mhúinteoirí Gaelainne amháin a bhíodh ann. 

Mar sin, má thá Gaelainn agat agus fonn ort gairm nua a thriailt, tóg uaimse é, fág do phost agus faigh ceann nua sa Ghaeltacht!

Níos mó