Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
tuilleadh-moille-i-ndan-d’fhorbairt-cholaiste-iosagain-mar-gheall-ar-caomhnu-sciathan-leathair

Tuilleadh moille i ndán d’fhorbairt Choláiste Íosagáin mar gheall ar caomhnú sciathán leathair

| Padraic O Ciardha | ,

D’fhéadfadh caomhnú sciathán leathair moill mhór a chur le pleananna Údarás na Gaeltachta d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne.

Tá an ceadúnas a bhí faighte ag an Údarás le dul i ngleic leis na sciatháin leathair ar an suíomh mar chuid den athfhorbairt imithe in éag agus deir Comhairle Contae Chorcaí go bhfuil an baol ann nach mbeidh ceadúnas nua faighte in am chun cead pleanála a bhronnadh ar an togra.

Tá an Chomhairle Contae tar éis tuilleadh eolais a iarraidh maidir leis an iarratas atá déanta ag an Údarás leasú a dhéanamh ar chead pleanála a bhí faighte chun an foirgneamh cáiliúil a athfhorbairt mar ionad forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta.

Tá eolas breise de dhíth maidir le plean tírdhreacha agus an tionchar a bheadh ag an obair thógála ar sciatháin leathair atá ag cur fúthu ar an suíomh.

Thug oifigigh phleanála Chomhairle Contae Chorcaí faoi deara go raibh ceadúnas a bhí faighte ag an Údarás chun déileáil leis na sciatháin leathair imithe in éag ó 2021 agus bhíodar in amhras an bhféadfaí ceadúnas nua a fháil roimh an 20 Meitheamh, an spriocdháta chun an t-eolas breise a iarradh a chur faoi bhráid na Comhairle.

“Agus láithreán chomh leochaileach agus chomh casta leis an áit seo i gceist, is údar buartha é don Údarás Pleanála nach bhféadfaí ceadúnas dá leithéid a fháil sa tréimhse ama atá ag an gcead pleanála seo.”

Mura bhfaighfear an ceadúnas cuí in am, d’fhéadfadh go mbeadh ar Údarás na Gaeltachta tosú arís ar an bpróiseas a bhaineann leis an gcead pleanála a leasú.

D’ainneoin an rabhaidh sin, deir Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear sásta gur féidir an t-eolas cuí a sholáthar “laistigh de choicís”. Deirtear go bhfuiltear ag súil go mbronnfar an cead pleanála roimh dheireadh an earraigh agus go gcuirfear tús leis an obair thógála go luath ina dhiaidh sin.

“Táimid sásta gur féidir soiléiriú a chur ar fáil ar na ceisteanna atá ardaithe ann gan rómhoill,” a dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc. “Táimid sásta go mbeidh an cead pleanála agus an próiseas tairisceana – atá tosaithe ó roimh an Nollaig 2022 – don chéad chéim don fhorbairt seo in áit faoi dheireadh mhí Aibreáin 2023.

“Tá sé i gceist againn tús a chur leis an obair thógála chomh luath is atá an cead pleanála faighte agus an maoiniú riachtanach don chéim seo ar fáil dúinn.”

Tá sé i gceist go mbeadh ionad gteic agus oifigí eile á dtógáil sa chéad chuid den togra. Beidh 75 spás oibre san ionad gteic, a bheidh ar an dara hurlár den phríomhfhoirgneamh, nuair a thógfar é. Beidh oifig réigiúnach Údarás na Gaeltachta agus spás oifige eile ar an chéad urlár.

Meastar go dtógfaidh sé thart ar 12 mí an chéad chéim den fhorbairt a chur i gcrích ón uair a dtosófar ar an obair.

Is in 2020 a fuair an tÚdarás cead pleanála ar dtús chun Coláiste Íosagáin a athfhorbairt ach cuireadh moill leis an obair thógála nuair a aimsíodh fadhbanna le cuid de dhíon agus de struchtúr an fhoirgnimh.

Baineann an t-iarratas is déanaí atá déanta ag Údarás na Gaeltachta le cuid den fhoirgneamh, an chuid aon stóir a bhí ar chúl an fhoirgnimh, a leagan agus tá sé i gceist síneadh nua trí stór a thógáil ina áit mar a mbeidh an forsheomra iontrála.

D’iarr an Chomhairle Contae roimh an Nollag go gcuirfí tuilleadh eolais faoin iarratas nua faoina bráid agus bhí cinneadh le déanamh an tseachtain seo ach tá rannóg pleanála na Comhairle tar éis scríobh chuig an Údarás arís ag rá nach leor an t-eolas a chuir Údarás na Gaeltachta ar fáil.

€2.7 milliún a cheadaigh Fiontraíocht Éireann in 2019 d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin. Tá €850,00 curtha ar fáil don fhorbairt ag Údarás Na Gaeltachta. Fuarthas €50,000 ó Chomhairle Contae Chorcaí agus €190,000 tríd an gCiste Forbartha Eacnamaíochta Réigiúnach chun máistirphlean a chur le chéile don fhorbairt iomlán, plean a bhfuil bailchríoch á cur air agus atá beagnach críochnaithe.

Fuair Údarás na Gaeltachta beagnach €980,000 ó Chiste Spreagtha an Rialtais chun obair a dhéanamh ar shuíomh an choláiste, obair atá curtha i gcrích.

Cé nach bhfuil cinneadh déanta fós faoin gcead pleanála, d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, níos luaithe an mhí seo go raibh tús curtha leis an bpróiseas tairisceana i leith na hoibre agus súil ann go mbeidh deireadh leis an bpróiseas sin faoi Mhárta.

Níos mó