Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-t-aon-naiscoil-ghaeilge-in-oirthear-bheal-feirste-‘ag-streachailt’

An t-aon naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste ‘ag streachailt’

Tá an t-aon naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste “ag streachailt” agus láthair nua á lorg di den chúigiú huair in imeacht dhá bhliain.

Bhí scéal Naíscoil na Seolta go mór i mbéal an phobail in 2021 nuair a bunaíodh í toisc gurb í an t-aon naíscoil Ghaeilge sa cheantar sin agus toisc gur reachtáladh feachtas fuatha ina coinne.

B’éigean do lucht bunaithe na naíscoile láthair eile a fháil ag an am agus níor éirigh lena n-iarracht suíomh fadtéarmach a fháil ó shin.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt an gníomhaí Gaeilge Linda Ervine, duine de lucht bunaithe Naíscoil na Seolta, go bhfuil “frustrachas” agus “díomá” uirthi faoi na deacrachtaí a bhaineann leis an naíscoil a choinneáil ar an fhód.

“An fhadhb is mó atá againn, níl foirgneamh againn, tá muid in áit shealadach. Níl an áit féin fóirsteanach. Tá muid i halla eaglasta faoi láthair, níl aon áit againn taobh amuigh agus tá easpa áiseanna agus spáis againn.”

Tá Naíscoil na Seolta lonnaithe i mbliana in Eaglais Phreispitéireach Garnerville.

Cé go bhfuil 19 páiste ag freastal ar Naíscoil na Seolta i mbliana, ní bheidh a bhformhór ag tabhairt faoin bhliain ‘réamhscoile’ in 2024.

“Tá tuismitheoirí sa cheantar tógtha faoin ghaeloideachas agus faoin oideachas comhtháite ach nuair nach bhfuil láthair fóirsteanach ann don naíscoil, bíonn sé deacair acu an rogha sin a dhéanamh. Is é bunús na faidhbe nach dtig linn aon chinnteacht a thabhairt do thuismitheoirí,” a dúirt sí.

“Bronntanas atá sa Ghaeilge agus san oideachas comhtháite agus tuigeann tuismitheoirí é sin ach in áit aire a thabhairt don bhronntanas sin, tá sé amhail is go bhfuil sé clúdaithe le sean-nuachtáin agus seanphíosa téide. Tá go leor naíonraí in oirthear Bhéal Feirste a bhfuil áiseanna maithe acu agus seirbhísí cúraim eile ar fáil dóibh nach bhfuil ar fáil do thuismitheoirí s’againne,” a dúirt Ervine.

Bhí súil ann go mbeadh go leor daltaí ag tabhairt faoin bhliain réamhscoile an bhliain seo chugainn le go bhféadfaí ‘Gaelscoil na Seolta’ a bhunú in 2024 ach tá na pleananna sin “curtha siar”, a deir Ervine.

“Má éiríonn linn, beidh 2025 ann sula mbeidh deis againn tús a chur le rang a haon,” ar sí.

Dúirt Ervine go bhfuil “go leor suime” á léiriú sa naíscoil ach go raibh níos mó tacaíochta de dhíth chun an Gaeloideachas a fhorbairt sa cheantar.

“Cuid de na tuismitheoirí, tá siad trína chéile mar nach bhfuil muid in ann leanúnachas sa soláthar Gaeloideachais a chinntiú dóibh. Bhí na deiseanna seo, agus an tacaíocht seo geallta i gComhaontú Aoine an Chéasta ach níl sé ag tarlú. Creideann muid san oideachas Gaeilge agus tá muid ag iarraidh é a fhorbairt ach ar an drochuair níl an tacaíocht ann.”

Deir Ervine go raibh siad i dteagmháil leis an Roinn Oideachais faoin scéal ach nach raibh an t-aon suíomh a tairgeadh dóibh “fóirsteanach ar chor ar bith”.

Bhí an suíomh lonnaithe i mbunscoil i gceantar dílseach fíorláidir agus bhí sé ina imní go mbeadh na deacrachtaí céanna acu is a bhí sa cheantar inar bunaíodh an feachtas fuatha in aghaidh na naíscoile.

“I ndiaidh Braniel, ní raibh muid chun dul go Tullycarnet. Sin trioblóid ar mhaithe le trioblóid.

“Caithfidh muid a bheith cúramach faoin cheantar ina mbeidh an naíscoil. Caithfidh muid a chinntiú gur áit shábháilte atá ann dár dtuismitheoirí agus dár bpáistí agus ar an drochuair ní fhéadfá a rá go bhfuil gach áit in oirthear Bhéal Feirste sábháilte don oideachas Gaeilge,” a dúirt Linda Ervine.

Níos mó