Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
brian-donnelly-–-an-feisire-i-sam-a-fuair-spreagadh-o-fhear-as-conamara-le-coras-viosai-a-thosu-d’eireannaigh-oga

Brian Donnelly – an feisire i SAM a fuair spreagadh ó fhear as Conamara le córas víosaí a thosú d’Éireannaigh óga

‘Is there anybody left in Connemara?’ an teideal a cuireadh ar alt de mo chuid a foilsíodh san gCuradh Connachtach i lár na 1980idí.

Anall as Meiriceá a scríobh mé é. Bhí an chosúlacht sin ar an saol i mBoston, bhí tithe ósta na nÉireannach sa gcathair sin lán go doras. Bhí daoine as Conamara ag castáil leat ar an orlach ann. Daoine óga. Daoine óga gan aitheantas oifigiúil agus gan cárta oibre – an Green Card. Daoine ar a dteitheadh ón duibheagán a bhí in Éirinn san am sin. Bhíodar ann ina gcéadta, ina mílte. Chuirfeá an cheist ort féin: an bhfuil duine ar bith fanta i gConamara? An bhfuil duine óg ar bith fanta in Éirinn?

Bhí an scéal céanna amhlaidh i gcathracha ar fud Mheiriceá. Bhí na mílte agus na mílte rite ón ngéarchéim eacnamaíochta in Éirinn.

Ar an tréimhse sin a chuimhnigh mé le cúpla lá anuas ar a chloisteáil dom go raibh an t-iarFheisire Comhdhála Brian Donnelly as Massachusetts tar éis bháis.

Ba é a bhuail an chéad iarraidh mhór in Washington sna blianta sin ar mhaithe leis na mílte Éireannach nach raibh seasamh ná stádas acu i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá siad ann fós, daoine nach bhfuil pasanna oibre agus cónaithe acu go dleathach sna Státaí. Ach, ní locht é sin ar Brian Donnelly. Rinne sé éacht sna blianta sin agus na doirse a oscailt do na mílte Éireannach a bhí i ladhar an chasúir.

Bhí Howie Carr, an colúnaí ar mór é a cháil san Boston Herald, ag scríobh faoi Bhrian Donnelly an lá cheana. Ní raibh a fhios aige an léifeadh mórán daoine an t-alt a scríobh sé, a deir Howie Carr; ba dhóigh leis gur beag duine a raibh cuimhne acu ar Brian Donnelly in áit ar bith anois.

Bhuel, tádar ann fós agus tá údar acu a bheith buíoch de Bhrian Donnelly.

Bhí mac dearthár le Brian Donnelly – Larry Donnelly, iriseoir agus léachtóir le dlí in Ollscoil na Gaillimhe – ar dhuine de na cainteoirí ag seimineár i gCarna i gConamara cúpla bliain ó shin. Bhain an seimineár leis an lorg atá fágtha ag muintir Chonamara, agus ag sliocht mhuintir Chonamara, ar an bpolaitíocht i Meiriceá. Thrácht Larry ar shaol agus ar shaothar a uncail, Brian Donnelly. Bhí an pholaitíocht ar an teallach acu i Dorchester, ceantar láidir Éireannach i mBoston. Bhí beirt dá chuid uncaileacha ar thaobh a mháthar – na Ceallaigh – ina mbaill de chomhairle chathair Bhoston.

Tá aon Fheisire dhéag in Washington ag Stát Mhassachusetts. Ba sna seachtóidí a toghadh Brian Donnelly ar an bhfoireann sin go Washington D.C. Cé nach raibh sé luaite go láidir mar fhear labhartha do chúiseanna na hÉireann, chaith sé tréimhse ina chathaoirleach ar an ngrúpa polaiteoirí de shliocht na hÉireann i Washington. Ach ba sna 1980idí ba mhó a mhéadaigh a cháil mar pholaiteoir a raibh a chroí in imeachtaí na hÉireann. Chonaic sé cás na nÉireannach óg mídhleathach sna Státaí agus d’fhéach sé le cuidiú leo.

Agus ba cheart, agus Donnelly agus an imirce á lua, nach ligfí i ndearmad Mike Joyce as Béal an Daingin, an fear a spreag Donnelly go láidir i mblianta dorcha sin na 1980idí. Ba shaineolaí ar an imirce é Mike sa bParlaimint Stáit i Massachusetts. Go deimhin, chuir córas Rialtas Stáit Massachusetts milliún ar fáil tamall ó shin le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Pháirc Chuimhneacháin Mhike Joyce gar do Castle Island i Massachusetts. Ba mhaith an oidhe é sin ar Mhike.

Bunaithe ar eolas agus ar chomhairle a fuair sé ó Mhike Joyce, chuaigh Brian Donnelly ag obair i Washington. D’éirigh leis aguisín a chur le Bille Inimirce a bhí á dhréachtú i lár na 1980idí a thug deis do na mílte Éireannach a dhul ar chosán i dtreo stádais agus saoránachta i Meiriceá. Na ‘Donnelly Visas’ a tugadh ar na pasanna oibre sin. Is iomaí sin Éireannach atá fós buíoch as an mbeart sin. Go deimhin, lean scéimeanna eile an ceann sin sna blianta ina dhiaidh sin. Cé nár leigheasadh an fhadhb, rinneadh leas go leor.

Ceapadh sna blianta sin go raibh tuilleadh stádais sa saol polaitíochta i ndán do Bhrian Donnelly. Ach, thosaigh cúrsaí ag dul in aimhréidh. I dtús na 1990idí tháinig teachtaireacht chuige ó iarGhobharnóir Arkansas, Bill Clinton. Bhí seisean ag fiach ar ainmniúchán na nDaonlathach san toghchán Uachtaránachta. Theastaigh cúnamh uaidh. Shíl sé go mb’fhearr é Donnelly a bheadh in ann an scéal a scaipeadh i measc na nDaonlathach i bhfad agus i ngearr. Gheall Brian Donnelly go ndéanfadh sé a dhícheall. D’inis mac a dhearthár, Larry Donnelly an scéal go lom, fírinneach ag an seimineár i gCarna i gConamara.

“Bhí rud amháin a theastaigh ó m’uncail [An Feisire Comhdhála Brian Donnelly] agus b’in go dtabharfaí post an Ambasadóra go hÉirinn dó. Thuig sé go raibh sin socraithe. Ach tháinig an ‘realpolitik’ isteach sa scéal.”

Theastaigh tacaíocht na gCinnéideach ó Chlinton freisin – agus theastaigh post an Ambasadóra go hÉirinn uathu siúd. Nuair a cuireadh Clinton sa Teach Bán ceapadh Jean Kennedy Smith ina hAmbasadóir go hÉirinn. Bhí an-díomá ar Brian Donnelly. Ach níor fágadh ar an trá fholamh uilig é, cheap an tUachtarán Clinton é ina Ambasadóir chuig Oileán na Tríonóide agus Tobága. Ghlac Donnelly leis sin cé go raibh a fhios aige gur sop in áit na scuaibe a bhí ann. D’fhan sé sa bpost sin go dtí 1997 tráth ar fhill sé ar Massachusetts agus suim aige i bpost an Ghobharnóra Stáit i Massachusetts. Ach ní raibh an tacaíocht aige i measc na nDaonlathach le dhul san iomaíocht.

D’fhógair sé lom láithreach go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht agus chuaigh síos chun cónaithe i dtreo Cape Cod agus ba ansin a chaith sé scór blianta agus tuilleadh sular imigh sé ar shlí na firinne beagán laethanta ó shin.

77 bliain d’aois a bhí sé.

Níos mó