Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Dochreidte Ep.3 – Na Cairde Móra agus na Bulaithe

| Dáithí Anraí |

Is tógra beochana é ‘Dochreidte: Unbelievable’ de chuid Aonad na Gaeilge Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin i gcomhpháirtíocht le Meon Eile, Boom Clap Play agus Zugon, maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Ghlac 45 pháiste páirt sa chéim scríbhneoireachta, agus ar deireadh, roghnaíodh 10 scéal don chéad chéim eile.

Is í Louise Smith an Bainisteoir ar Aonad na Gaeilge sa Chomhairle Ceantair agus bhí sí ina Léiritheoir Feidhmiúcháin ar an tsraith. Seo an méid a dúirt Louse linn faoin tógra spéisialta seo:

“Dúradh liom cúpla bliain ó shin nach bhfuil go leor ábhar beochana Gaeilge ar fáil do pháistí. Tuigim go maith go bhfuil an-chuid oibre déanta ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge chun ábhar den scoth a chur ar fáil do pháistí trí na comhlachtaí léiriúcháin sa tír seo.

Rith sé liom go dtiocfadh le hAonad Gaeilge Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin tacaíocht a thabhairt chun tuilleadh ábhar beochana a fhorbairt. Rinne mé giota taighde ag an tús, ag déanamh teagmháil le daoine a bhfuil aithne mhaith agam orthu in earnáil na meán Gaeilge le comhairle a fháil uathu.

Aithníodh gurbh fhearr i bhfad daoine óga sa cheantar seo a bheith páirteach sa togra ón tús – go mbeadh siadsan ag roghnú an ábhair agus ag scríobh na scéalta. Comhfhiontar a bhí ann ón chéad lá agus bhí sé tábhachtach dúinn na daoine agus na heagraíochtaí cuí a thabhairt ar bord.

I ndiaidh dom píosa taighde a dhéanamh ar stíleanna beochana, d’aimsigh mé Boom Clap Play agus nuair a bhí siadsan sásta a bheith linn mar chomhlacht léirithe – agus Meon Eile sásta na físeáin a óstáil ar líne – bhí muid in ann tabhairt faoin iarratas maoinithe tríd an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Chuidigh an saineolas ar an luathléitheoireacht atá ag Jacqueline de Brún go mór leis an togra seo ón tús agus rinne sí muid a threorú maidir le cur chuige an togra agus an dóigh is fearr chun na páistí a ullmhú sula gcuirfeadh siad peann le pár.

Thug an maoiniú forbartha deis dúinn ceardlanna a reáchtáil leis an dá bhunscoil a bhí páirteach sa chéad chuid den togra agus thug Jacqueline na ceardlanna sin ar Zoom. 

Bhí an-áthas orainn nuair a d’éirigh linn san iarratas maoiniúcháin chuig an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus thug sé sin deis do Boom Clap Play tabhairt faoin phróiseas beochana féin: scríbhneoireacht scripte, scéalchlárú, réamhbheochan; agus nuair a bhí na físeáin bheochana réidh, ba léir go raibh na smaointe a bhí ag na páistí á bhfíorú!

Roimhe sin, bhí obair le déanamh agus bhí an t-ádh linn go raibh an comhlacht léiriúcháin Zoogon ar bord chun daoine óga a earcú leis an taifeadadh gutha a dhéanamh. Chuaigh siad ar lorg daoine óga sa cheantar seo a raibh féith na haisteoireachta iontu agus rinne siad ceardlanna aisteoireachta leo sular thosaigh siad ag taifeadadh. 

Ghlac gach céim den togra seo a cuid ama féin agus b’fhiú go mór an t-am sin nuair a fheiceann tú toradh na hoibre ar an scáileán mhór.  Bhí sé tábhachtach dúinn in Aonad na Gaeilge ócáid speisialta a eagrú leis an tsraith seo a sheoladh agus saothar na bpáistí a cheiliúradh ar an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2023.  Tá súil agam gur thaitin an lá leis na daoine óga ar fad a bhí i láthair sa phictiúrlann, Omniplex an Iúir, agus go háirithe gur thaitin sé leis na scríbhneoirí agus leis na haisteoirí óga agus lena gcuid tuismitheoirí.”

Na Cairde Móra agus na Bulaithe

Is í Nicole Binks a scíobh an t-eagrán seo ina mbuailleann beirt chairde le beirt chailíní eile. Sa chéad dul síos, caitheann duine de na cailíní eile go holc le duine den bheirt chairde. Sa deireadh, nuair a ghabhann siad a leithscéal as bheith suarach, tuigtear dúinn go bhfuil ceacht tábhachtach le foghlaim faoin chairdeas agus faoin mhaithiúnas.

Níos mó