Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
eacht-deanta-ag-cumann-dramaiocht-chois-fharraige-ina-leiriu-ar-‘big-maggie’-john-b-keane

Éacht déanta ag Cumann Drámaíocht Chois Fharraige ina léiriú ar ‘Big Maggie’ John B Keane

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Oíche ghruama Dhomhnaigh agus an deireadh seachtaine saoire bainc ag teacht chun críche, shílfeá go mb’fhearr le muintir Chois Fharraige an tine a chur síos agus iad féin a shoipriú isteach os comhair na teilifíse, seachas a gcóta a tharraingt orthu agus aghaidh a thabhairt ar an dorchadas agus ar an mbrádán.

Ach ba mhó an tóir a bhí ar stáitse Chumann Drámaíochta Chois Fharraige ná ar an scáileán sa bhaile ba léir, agus Seanscoil Sailearna dubh le daoine don léiriú deireanach de Big Maggie, dráma ó pheann an Chiarraígh chlúitigh, John B Keane.

Ba í Bridie Ní Churraoin a d’aistrigh an script aitheanta seo go Gaeilge agus a raibh príomhról Big Maggie Polpin aici sa dráma, ar léiríodh sa tSeanscoil den chéad uair oíche Dé hAoine.

Níorbh aon ionadh an áit bheith plódaithe agus a gclú amuigh ar Chumann Drámaíochta Chois Fharraige as scoth na haisteoireachta a chur faoi bhráid an lucht féachana i gcaitheamh na mblianta. D’éirigh go seoigh leis an léiriú deireanach de chuid an Chumainn, Cripil Inis Meáin mar shampla, a chuaigh ar camchuairt sular chuir COVID-19 stad le rotha mór an tsaoil.

Rogha thar barr a bhí in Big Maggie chun teacht sna sála ar dhráma Mháirtín Mhic Dhonnchaidh sa chaoi is go bhfeictear cuid de na téamaí céanna anseo agus mar a bhí sa Chripil; téamaí cuibheasach dorcha ní mór a rá – ach a dhóthain grinn fite fuaite tríd nach bhfágtar an lucht féachana in umar na haimléise ag an deireadh.

Is scéal corraitheach é seo a leanann muintir Polpin i ndiaidh d’fhear an tí bás a fháil, rud a fhágann cead a cinn ag a bhaintreach, Big Maggie – bean nach aon ribín réidh í agus a bhfuil pleananna móra aici a mbeidh impleachtaí acu ar a clann. Ní chuirfidh duine ar bith bac ar Big Maggie a cuid mianta a bhaint amach agus is mór an spórt, agus an díol trua ar uairibh, féachaint ar na carachtair a dhéanann iarracht an fód a sheasamh ina coinne – más seasamh in aisce é.

Tá éacht bainte amach ag Bridie Ní Churraoin, agus ag an gcriú go léir; as an gcaoi ar éirigh leo an scéal a thabhairt slán ní hamháin ó Bhéarla go Gaeilge ach ó Chiarraí go Conamara. Cloíonn aistriúchán Ní Churraoin go dlúth le scéal John B, scil nach beag, ach níos mó ná sin, sníomhann sí féith an ghrinn agus cultúr Chonamara go cleasach agus go nádúrtha sa script. Ba léir go ndeachaigh an ghné áirithe seo go mór i bhfeidhm ar lucht féachana na Seanscoile agus ba iomaí racht gáire a baineadh as an slua le linn an léirithe. Mura mbeadh cúlra ar bith cloiste ag duine den lucht féachana faoin ndráma – ní thógfá orthu é dá n-imeoidís abhaile leis an tuairim gur i gCois Fharraige féin a scríobhadh é an chéad lá riamh, agus gur Conamaraíoch a bhí in John B Keane!

Ós é go raibh Keane ar na Ciarraígh ba cháiliúla a bhí ann ó thaobh na litríochta de agus an contae céanna ag croílár a gcuid scéalta – d’fhéadfaí a rá gur trua nár Ghaoluinn na Mumhan a bheadh sa leagan Gaeilge de Big Maggie, ach más fíor sin mar sin féin, ní hionann é agus a rá nach saothar luachmhar saibhir Gaeilge atá san aistriúchán seo a rachadh i bhfeidhm ar Ghael ar bith – pé ar bith canúint a bheadh acu.

Níl scéal oifigiúil curtha amach ag an gCumann go fóill i ndáil le camchuairt, ach dúirt Séamus Ó Scanláin, a bhfuil ról Mick Polpin aige sa dráma, le Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta, go bhfuil rún ag Cumann Drámaíochta Cois Fharraige Big Maggie a thabhairt go hÁras Éanna ar Inis Oírr i measc ionad eile i rith na bliana. Bímis ag súil go dtabharfaidh, agus go mbeidh deis ag níos mó daoine aithne a chur ar Mhaggie Poplin is a clann, agus taitneamh a bhaint as dráma den scoth.

Níos mó