Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
na-mna-a-theann-i-bhfeidhm-orm-i-saol-na-gaeilge

Ná mná a théann i bhfeidhm orm i saol na Gaeilge

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Tá Lá Idirnáisiúnta na mBan linn, agus mé ag cuimhneamh le cúpla lá anuas dá réir, ar na mná is mó a théann i bhfeidhm orm.

Dar ndóigh, is iad na caidrimh phearsanta atá agam le mná mo mhuintire agus le mo chairde ban na caidrimh is gaire do mo chroí agus is mó a bhfuil tionchar ar mo shaol, ach tá mná eile ann nach bhfuil aithne chomh mór sin agam orthu, ach a théann i gcion orm fós.

Ní haon ionadh é go bhfuil dlúthbhaint ag roinnt mhaith de na mná seo le saol na Gaeilge agus ní haon údar náire dom a rá gur eiseamláirí dom iad ar bhealach, mar a thugaim faoi mo bhealach a dhéanamh sa saol.

Tá mé cinnte go bhfuil na mná seo beag beann ar an tionchar a imríonn siad orm, agus ar roinnt mná eile chuirfinn geall. Cén ócáid is fearr, mar sin, chun iad a chur ar an eolas faoina ndea-thionchar, ná ar Lá Mór na mBan?

Áine Ni Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn

Tá a buanna féin ag gach bean de chuid Beo Ar Éigean, agus meas mór agam ar chuile bhean acu go haonarach. Mar sin féin, ba mhór an feall a bheadh ann, labhairt ar bhean amháin de chuid an phodchraolta aitheanta Gaeilge, gan labhairt ar an mbeirt eile san abairt chéanna. Táim ag éisteacht le Beo Ar Éigean ó bhí sé ina thús agus na blianta ina dhiaidh, tá mé ag éisteacht fós.

Ar dtús, d’éistinn le Beo Ar Éigean ar mhaithe le feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge, ach na laethanta seo tugaim níos mó airde ar a bhfuil le rá ag Áine, Sinéad agus Siún, seachas ar an teanga a bííonn in úsáid acu, cé gur saibhir an teanga féin. Cíorann siad ceisteanna na mban go maith agus go hionraic, agus is minic dóibh ábhar dianmhachnaimh á fhágáil liom a théann i bhfeidhm go mór orm, ó ‘Céard a léiríonn a bhfuil i mo mhála láimhe fúm?’ go ‘Céard a léiríonn an bealach a chaithim le mná eile fúm?’.

Emma Ní Chearúil

Casadh Emma Ní Chearúil orm den chéad uair ag ócáid i mBaile Átha Cliath a raibh sí i gceannas uirthi agus is cuimhin liom a bheith iontach tógtha leis an gcaoi ar chaith sí leis na heagrúcháin uile go stuama agus go séimh. Is cuimhin liom a bheith an-tógtha lena cuid stíle freisin agus sciorta álainn meánfhada á caitheamh aici an lá sin, ach sin scéal eile.

Tharla an fhíorócáid a ndeachaigh Emma i bhfeidhm orm na míonna ina dhiaidh sin, nuair a tugadh cuireadh chun agallaimh dom do phost san earnáil Gaeilge. Cé nach raibh aithne chomh maith sin againn ar a chéile, bhí a fhios agam go raibh baint aici leis an dream a raibh an post fógartha acu agus chuir mé teachtaireacht aici dá bharr, ag lorg a comhairle agus mé ag ullmhú don agallamh. Sheol sí liosta fada moltaí críonna cineálta chugam go beo agus ghuigh sí gach rath orm, ainneoin agus gur tharla go raibh cuireadh chun agallaimh faighte aici féin don phost céanna!

“Wow”, shíl mé agus iontas na gile orm, “Samhlaigh dá gcaithfeadh chuile bhean mar sin le mná eile?”

Is minic a smaoiním ar an ngníomh cineáltais sin, agus ba mhaith liom go mbeadh sé de chrógacht agam féin a bheith chomh tacúil céanna le comhbhean liom, dá dtarlódh go mbeinn ina cás.

Róisín Ní Mhaoláin

Ar nós ár bhformhór againn, chuir mé aithne ar Róisín Ní Mhaoláin ar na meáin shóisialta, áit a dtugann sí ‘Róisín na Gaillimhe’ uirthi féin agus a bhfuil lucht leanúna suntasach bailithe aici i gcaitheamh na mblianta.

Feictear domsa gurb í Róisín Ní Mhaoláin a rinne rud ‘cool’ den chineáltas. B’fhéidir gurbh ann dóibh siúd a cheapfadh gur i mbun plámáis atáim anseo ach dar m’fhocal ní chuimhin liomsa riamh teagmháil a bheith agam ar na meáin le duine a bhí chomh tacúil spreagúil agus chomh dearfach céanna le Róisín Ní Mhaoláin.

Ba chuma léi duine a raibh aithne na mblianta aici orthu nó strainséir glan a (mar a bhí ionam agus muidne i dteagmháil den chéad uair), chaithfeadh sí le chuile dhuine mar an gcéanna. Dá dtaitneodh do chuid ábhar léi, déarfadh sí leat é agus mholfadh sí thú as do shaothar. Agus é á bhreacadh síos agam anois tá cuma chomh simplí air seo, ach déarfadh mé leat nárbh ann dá leithéid roimpi agus is iontach an tionchar a d’imir sí ar phobal na nGael ar líne.

Murach go bhfaca mé ise i mbun a leithéide, ní bheadh de mhisneach agam riamh teachtaireacht mholtach a chur chuig duine nach raibh aithne agam orthu, ar fhaitíos go gceapfaidís gur duine corr a bhí ionam. Ghlan Róisín na Gaillimhe an meon sin amach as m’intinn agus anois mé ag “YAASSS cailín”-áil ag gan stad gan staonadh. Ní dhéanaim an dara machnamh sula seolaim DM moltach ag duine a dtaitníonn a chuid ábhair liom agus is mé atá níos fearr as.

Doireann Ní Ghlacáin

Blianta ó shin anois agus mé ag cur míreanna beaga faoi bhéaloideas na mbláthanna in airde ar mo chuntas Instagram pearsanta, bhí Doireann Ní Ghlacáin i measc an lucht tacaíochta is mó a bhí agam.

“Tá an t-ábhar seo iontach – coinnigh suas é!” chuir sí chugam lá de na laethanta luatha sin.

Ní raibh aithne mhaith agam ar Dhoireann seachas an beagán teagmhála a bhíodh eadrainn mar gheall ar chúrsaí oibre agus ar bhealach, ba mhó liom a cuid tacaíochta dá bharr. Is iontach an rud é spreagadh a fháil ó dhuine muinteartha leat, ach uaireanta bíonn sé níos fusa glacadh leis an moladh agus é a chreidiúint ón té nach bhfuil aithne chomh maith sin acu ort, toisc nár dhualgas dóibh rud ar bith a rá leat – maith nó olc.

Thar a cheann sin, caithfidh mé a rá go bhfuil mé iontach tógtha lena gcuireann Doireann í féin amach ar na meáin shóisialta. Téann an t-ábhar a roinneann sí i bhfeidhm go mór orm, go háirithe le dhá bhliain anuas nó mar sin, ó thosaigh sí ag cur gearrfhíseáin in airde.

Díreach mar atá sa bhean féin, tá an t-ábhar a scaipeann Doireann Ní Ghlacáin suimiúil éagsúil uathúil. Feictear dom gur cuma léi faoina bhfuil spéis ag daoine eile ann agus go ndíríonn sí go neamhleithscéalach ar na rudaí a thaitníonn léi agus a bhfuil spéis aici iontu; ón gceol a rinne láithreoir teilifíse aitheanta di, go hábhar iomlán éagsúil, dála cáise nó an chreidimh réamh-Chríostaí. Ní bhíonn sí srianta ag aon réimse nó téama amháin, ní chloíonn sí lena a mbítear ag súil agus ní bhíonn drogall uirthi ábhar nua a thriail – údar mór measa, de réir mar a fhéachaimse féin air.

Tréaslaím leis na mná seo uile, agus le gach uile bhean a thacaíonn lena gcomh-mhná. Go ndéanaimis é níos minicí agus go ndéanaimis ceiliúraimis a chéile inniu, agus an 364 lá eile sa bhliain.

Níos mó