Bíonn níos lú ná 1% den chaint ar fad a dhéantar i nDáil Éireann i nGaeilge, de réir taighde atá déanta ag Tuairisc ar thaifead oifigiúil na Dála.
De réir an taighde nua seo, as an os cionn 1.6 milliún focal a labhraíodh le linn tréimhse seacht seachtaine i mbliana, 11,919 focal a bhí i nGaeilge.
Fágann sin nach raibh i nGaeilge ach 0.74%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn na tréimhse atá i gceist, idir tús an téarma ar an 18 Eanáir agus tús na míosa seo.
De ghnáth seacht nóiméad a thógann sé ar dhuine míle focal a rá. Bunaithe air sin, ar an meán, níos lú ná ceithre nóiméad go leith cainte i nGaeilge a bhí sa Dáil in aghaidh an lae.
Ar laethanta áirithe níos lú ná nóiméad cainte i nGaeilge a bhí i gceist. Ar an gcéad lá den téarma nua, an 18 Eanáir, mar shampla, níor labhraíodh ach 75 focal i nGaeilge.
B’ionann sin agus beagáinín os cionn 30 soicind cainte agus an chaint sin déanta idir ceathrar.
Mionchaint, beannachtaí agus focail bhuíochais a bhí sa leathnóiméad cainte sin, rud a bhíonn fíor i gcás cuid mhaith den chaint i nGaeilge sa Dáil.
Dá gcuirfí i ndiaidh a chéile gach focal Gaeilge a dúradh sa Dáil le linn na tréimhse 19 lá sa taighde, ní bheadh ann ach thart ar uair agus 25 nóiméad an chloig cainte.
43 Teachta Dála a labhair Gaeilge sa tréimhse atá i gceist.
Nuair a rinne Tuairisc taighde mar seo cúig bliana ó shin is ar éigean go raibh aon Ghaeilge á labhairt i nDáil Éireann.
0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann idir Meán Fómhair agus Nollaig 2017 a bhí i nGaeilge.
Cé nach féidir comparáid shlán a dhéanamh idir an dá phíosa taighde, bunaithe ar na figiúirí sin tá ardú áirithe tagtha ar an méid Gaeilge a labhraítear sa Dáil.
Mar sin féin, i mBéarla a bhíonn in os cionn 99% de chaint na Dála i gcónaí.