Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil súil aige airgead breise a fhógairt do mhná tí choláistí samhraidh na Gaeltachta i mbliana.
Agus é ag labhairt faoi chúrsaí buiséid i Roinn na Gaeltachta, thug an tAire Stáit Patrick O’Donovan le fios go mbeadh sé sásta tuilleadh maoinithe a chur ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag cur lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí samhraidh.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, leis an Aire Stáit gur léir go raibh fadhb ann i dtaobh mná tí a choinneáil agus a mhealladh go dtí an earnáil agus gur theastaigh airgead breise chun tacú leo.
“B’fhéidir go mbeadh seans againn an t-ábhar sin a phlé amach anseo sa choiste nó sa Dáil mar tá an-chuid suime san ábhar sin agus tá súil agam go mbeidh an Roinn in ann cabhair eile a thabhairt do na mná tí amach anseo,” a dúirt an tAire Stáit O’Donovan mar fhreagra ar an méid a bhí le rá ag Ó Snodaigh.
Dúirt an tAire Stáit go raibh sé chun an scéal a phlé le hoifigigh Roinn na Gaeltachta agus go dtiocfadh sé ar ais go dtí an Ó Snodaigh arís chun an cheist a phlé leis.
Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, gur fhág an t-ardú ar an gcostas maireachtála go raibh na mná tí agus na coláistí samhraidh i “sáinn” agus go raibh airgead breise de dhíth.
Chuir an Rialtas tús le scéim nua roimh an Nollaig chun deontais a chur ar fáil do dhaoine ar mhaith leo clárú chun lóistín a chur ar fáil do scoláirí. Is fiú suas le €6,000 na deontais, atá le caitheamh ar threalamh maolaithe dóiteáin agus troscán.
Nuair a fógraíodh an scéim ar dtús, ní raibh ach teaghlaigh a bhí ag iarraidh clárú den chéad uair chun lóistín a chur ar fáil incháilithe ach, de réir comhfhreagrais a chuir an Roinn chuig na Coláistí Samhraidh an tseachtain seo, beidh teaghlaigh a d’éirigh as lóistín a chur ar fáil cúig bliana nó níos faide ó shin cáilithe feasta.
Léirigh figiúirí a foilsíodh an mhí seo caite nach raibh ach naonúr tar éis cur isteach ar an scéim sna chéad trí mhí ó tugadh isteach í.
D’ardaigh an Roinn an deontas laethúil a íocann an Roinn le mná tí in 2022 freisin. €11 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íocfar le mná tí ó cuireadh euro d’ardú leis an liúntas laethúil anuraidh.
Ó 2019 shocraigh 25% den 700 bean tí a bhíodh ag coinneáil scoláirí éirí as agus measadh go raibh na coláistí samhraidh gann 1,800 leaba anuraidh.