Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘seoid-de-chuid-na-craoltoireachta-gaeilge-e-saol-ella’

‘Seoid de chuid na craoltóireachta Gaeilge é Saol Ella’

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Bhí leathshúil á caitheamh agam ar na míreanna poiblíochta ar fad a bhí ag dul timpeall le coicís anuas agus an clár nua do dhéagóirí, Saol Ella, ar tí teacht ar an bhfód – ach bhí drogall orm an-iomarca dóchais a chur sa chlár, ar fhaitíos nach mbeadh sé chomh maith lena rabhthas ag súil. Is rud amháin é teacht suas le hainm cliste, tarraingteach – a rinne cumadóirí Saol Ella go héifeachtúil – ach is rud eile ar fad é clár maith a scríobh a gcuirfidh lucht féachana sna déaga suim ann.

Is mór an dúshlán é ábhar a chruthú do dhéagóirí, agus níos dúshlánaí fós é sin a dhéanamh as Gaeilge b’fhéidir, nó is é sin a cheapfá ón nganntanas den chineál sin ábhair le cúig bliana déag anuas agus Aifric bocht á chraoladh agus á athchraoladh mar a bheadh Groundhog Day ar TG4.

Bhí mé ar m’fhaichill mar sin, agus Seinnteoir TG4 á lódáil os mo chomhair, go dtí go bhfeicfinn cén chaoi a n-éireodh leis an saothar nua seo a bhí chomh mór i mbéal an phobail. Is cúis mhór áthais dom a rá nár thóg sé i bhfad orm an fhaichill chéanna a chaitheamh le haill agus taitneamh a bhaint as an gclár.

Leanann an clár Ella, cailín óg sna déaga a gcuirtear a cuid pleananna don samhradh in aimhréidh, nuair a chinneann a hathair ar ghaeilgeoirí a thabhairt isteach sa teach. Castar muintir, cairde agus naimhde Ella orainn de réir a chéile, agus faigheann muid blaiseadh ar na dúshláin a bheidh roimpi agus ionradh á dhéanamh ag scata strainséirí ar a saol.

Tá éacht déanta acu siúd a roghnaigh na haisteoirí do Saol Ella agus is iontach an t-aisteoir óg í Ciara Cox, scoláire idirbhliana i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal. Téann Cox i ngleic leis an script go cumasach, muiníneach agus go leor gnéithe éagsúla á nochtadh aici go cleasach den phríomhcharachtar.

Rogha iontach eile i dtaobh na n-aisteoirí de ná Seán Mc Donagh agus ról Dan, athair Ella, aige. Cuireann scéal Dan go mór leis an gclár; ganntanas airgid ag luí go trom ar a intinn ach é ar a dhícheall an dubh a chur ina gheal os comhair na bpáistí. Neartaíonn an blaiseadh seo den dáiríreacht an clár agus téann trioblóidí Dan go croí an lucht féachana. Ní haon díobháil dathúlacht Mc Donagh ach an oiread, a mheallfaidh lucht féachana níos sine chuig Saol Ella chuirfinn geall!

Scoth na scríbhneoireachta a chuirtear os ár gcomhair sa chlár ó pheann Gemma Breathnach agus Ailbhe Nic Giolla Bhrighde, agus Gaeilge aoibhinn shaibhir sníofa tríd an script ó thús deiridh. Tá neart grinn ann freisin, go háirithe sna línte a thugtar do Ruarc Ó Confhaola, a bhfuil ról Liam, deartháir óg Ella, sa chlár aige – aisteoir óg eile a bhfuil todhchaí gheal roimhe ar an scáileán nó stáitse.

Is fiúntach freisin nach gcailltear aon chuid den scothscríbhneoireacht chéanna, toisc rogha ar an seinnteoir fotheidil Ghaeilge a chur faoi Saol Ella. Níl dabht ach go n-úsáidfear an clár go fairsing amach anseo mar áis foghlama agus is fearr seacht n-oiread fotheidil Ghaeilge a úsáid chuige seo ná a macasamhail Bhéarla. Is gearán rialta a dhéantar le TG4 nach gcuireann siad fotheidil Ghaeilge ar fáil níos minice agus le cúnamh Dé tabharfar suntas don éileamh ar a leithéid agus déanfar iad a sholáthar níos minicí amach anseo.

Níor craoladh ach aon chlár amháin de Saol Elle go fóill (Déardaoin, 17.00) mar sin beidh le feiceáil cén chaoi a n-éireoidh leis an gcuid eile den tsraith ach ón méid atá feicthe agam féin tá lánmhuinín agam gur seoid í seo de chuid na craoltóireachta Gaeilge agus le cúnamh Dé, spreagfaidh sé comhlachtaí agus scríbhneoirí eile lena a thuilleadh cláracha nuálaíocha don aos óg a thabhairt ar an bhfód.

Is féidir féachaint ar Saol Ella ar Seinnteoir TG4 anseo.

Níos mó