Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
fisean:-‘ta-naionra-gaeilge-ag-teastail-o-chuile-ghasur-gaeltachta’

FÍSEÁN: ‘Tá naíonra Gaeilge ag teastáil ó chuile ghasúr Gaeltachta’

Tá feachtas á sheoladh ag ceann de na naíonraí is mó sa Ghaeltacht chun leigheas a fháil ar an ghéarchéim foirne atá ag cur as d’earnáil an oideachais luath-óige.

Is í aidhm an fheachtais ag an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán i gConamara daoine a mhealladh le hoiliúint a chur orthu le dul ag obair leo.

Tá brú mór ar an ionad le roinnt míonna anuas mar gheall ar ghanntanas foirne agus bhí an baol ann nach mbeadh siad in ann freastal ar an líon mór leanaí atá cláraithe don naíonra don bhliain seo chugainn. Tá súil ag an ionad go bhfuil leigheas na faidhbe acu anois, a deir Muireann Ní Chuív, ball de Bhord Stiúrtha an ITT.

“Tá an-fhás agus forbairt tagtha ar an ITT le blianta beaga anuas agus mar gheall air sin, tá an-éileamh ar áiteanna do na gasúir, idir an naíolann, an naíonra, is tá club bricfeasta againn agus seirbhís iarscoile.

“Ach oiread le chuile áit eile a bhíonn ag cur seirbhísí cúram leanaí ar fáil, tá géarchéim fostaíochta i gceist agus tá sé an-deacair teacht ar dhaoine le dul ag obair linn a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu.

“Mar gheall air sin, tá muid chun feachtas a sheoladh – scéim cháilíochtaí an ITT agus tríd an scéim seo tabharfar deis do dhaoine cáilíocht a bhaint amach i bhfoghlaim agus cúram na luathbhlianta, rud a theastaíonn le bheith ag obair in ionad cúram leanaí agus chomh maith leis sin cuirfear taithí oibre ar fáil san ionad agus beidh deis ag daoine post a fháil linne san ITT.”

Tá dualgais éagsúla ar an ionad, go háirithe ó thaobh na teanga de, a deir Muireann Ní Chuív.

“Mar chuid de na cúraimí atá orainn tá forbairt pobail agus pleanáil teanga. Cuid den fháth a bhfuil muid ag iarraidh an scéim seo a chur ar fáil chun deis fostaíochta a thabhairt do dhaoine trí mheán na Gaeilge agus go gcuirfidh sé le muintir na háite chomh maith le deis a thabhairt dúinne níos mó daoine a earcú.”

An mhí seo caite, cuireadh litir amach chuig tuismitheoirí ag rá nach bhféadfadh an ITT glacadh le 16 páiste a bhí ar liosta an naíonra do 2023-2024, ceal dóthain foirne.

Idir an dá linn, d’éirigh leis an ITT beirt oibrithe a earcú, duine acu atá i mbun oiliúna faoi láthair, agus tá scéal faighte ag tuismitheoirí go mbeidh áit sa naíonra ag a bpáistí go dtí meán lae gach lá.

Deir Caitríona Uí Bhéarra, Príomhoide Scoil Sailearna, bunscoil an cheantair, go raibh “an-imní” ar dhaoine faoi na dúshláin atá roimh an ionad.

“Tá sé an-tábhachtach go mbeadh naíonra ar fáil do ghasúir i chuile cheantar Gaeltachta agus bhí an-imní orainn anseo nach mbeadh an tríú naíonra ar fáil, bhí an-éileamh ar an naíonra i mbliana agus buíochas le Dia tá an scéal sin leigheasta.

“Ceann de na critéir atá leagtha síos chun aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta ná go mbeadh naisc chultúrtha agus theanga bunaithe idir muid féin sa scoil seo agus an suíomh luathoideachais áitiúil agus mar a tharlaíonn sé, sin é an ITT.

“I ndáiríre, tá naíonra ag teastáil ó ghasúir, ó chuile ghasúr. Bíonn deis acu an Ghaeilge a labhairt i suíomh an-nádúrtha le gasúir eile. Cuireann siad barr feabhais ar a gcuid Gaeilge, leagan an naíonra bunchloch agus nuair a thagann siad isteach chuig an scoil bíonn muid ag súil go mbeidh eiseamláirí teanga faoi leith foghlamtha acu agus nuair atá siad ar a gcompord leis an nGaeilge cuireann sé sin na gasúir ar a suaimhneas.”

Deir Príomhoide Scoil Sailearna go dteastaíonn an Ghaeilge le go mbeidh páistí ar a gcompord sa chóras agus go dtugtar an-deis dóibh sa naíonra an teanga a shealbhú.

“Tá gasúir a bhíonn ag teacht chuig an scoil anseo nach bhfuil aon Ghaeilge acu sa mbaile agus tá an naíonra ag teastáil go géar ó na gasúir sin. Ach ní hamháin sin, tá an naíonra ag teastáil ó chuile ghasúr, fiú an cainteoir dúchais, tá an naíonra ag teastáil. “

Deir Barbara Ní Chualáin, atá ag obair mar mhúinteoir luathóige le scór bliain, go gcaithfear “breathnú” ar réiteach a fháil ar an ghéarchéim earcaíochta san earnáil.

“Níl an t-aitheantas ag múinteoirí luathóige. Obair thábhachtach atá ann leanaí a ullmhú don scoil. Sna tíortha Lochlannacha, bíonn an-mheas ar an obair, íoctar múinteoirí luathóige le linn na bliana ar fad agus íoctar go maith iad agus dá ndéanfaí sin bheadh níos mó daoine ag tarraingt ar an earnáil,” a dúirt sí.

Níos mó