Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ga-le-ple-‘ionraic’-agus-‘oscailte’-faoi-ghearcheim-teanga-na-gaeltachta

Gá le plé ‘ionraic’ agus ‘oscailte’ faoi ghéarchéim teanga na Gaeltachta

Tá sé thar am tús a chur le díospóireacht ‘ionraic’ agus ‘oscailte’ faoi ghéarchéim teanga na Gaeltachta agus deireadh a chur leis an gcur i gcéill nach bhfuil a leithéid de ghéarchéim ann.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeltachta a bhí ar siúl arís an tseachtain seo, luadh arís agus arís eile an ghéarchéim sa Ghaeltacht agus drogall na n-údarás aghaidh a thabhairt uirthi.

Agus tús á chur ag an gcoiste an tseachtain seo lena scrúdú ar Bhille Toghcháin Údarás na Gaeltachta, dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh súil aici go gcuirfeadh an plé faoin reachtaíocht tús le plé ionraic faoi chás na teanga.

“Ceapaim gur croí na ceiste é i ndáiríre. Ní féidir leanacht ar aghaidh le díospóireacht gan an folús a lua – an creimeadh leanúnach ar na Gaeltachtaí,” arsa Catherine Connolly.

Dúirt an Teachta Dála go mbíonn sí “dóchasach agus éadóchasach” faoi chás na Gaeltachta ach go gcaithfí a aithint go bhfuil géarchéim ann sula dtabharfaí faoi leigheas na géarchéime sin a phlé.

“B’fhéidir an tuar dóchais gurb é seo tús le díospóireacht oscailte mhacánta. B’fhéidir. Agus bheinn sásta leis sin don lá inniu, más tús díospóireachta mar sin é. Mar aontaím go bhfuil cur i gcéill i i gceist.”

Ag an gcruinniú céanna, mhaígh an sochtheangeolaí aitheanta, Conchúr Ó Giollagáin, go rabhthas ag seachaint na fianaise faoi éigeandáil na Gaeltachta le breis is fiche bliain anuas.

“An bhféadfadh polasaí stuama macánta Gaeilge agus Gaeltachta a bheith ag an státchóras mura mbeidh an státchóras céanna sásta an éigeandáil atá ann a admháil go soiléir?

“Tosaíonn gach rud leis sin: rud nach raibh siad in ann a dhéanamh ó aimsir Choimisiún na Gaeltachta a dó, sin 2002. Fiche bliain anois de sheachaint na faidhbe atá againn.”

Mhol an sochtheangeolaí go mbunófaí coiste iniúchta stáit le “teacht ar thuiscint shoiléir” faoin “drogall” a bhí ar an státchóras dul i ngleic leis an bhfianaise faoi mheath na Gaeltachta.

“Mar shampla, an iad oifigigh shinsearacha Stáit a thograigh as a stuaim fhéin neamhaird a thabhairt ar fhianaise eolaíochtúil agus moltaí na dtograí taighde Gaeltachta nó ar thug daoine seachtracha comhairle dóibh a leithéid a dhéanamh?

“In éagmais an eolais seo, is é an tátal lom a bhainfidh an pobal as go bhfuil lámh cheilte ar an stiúir – gné eile de chultúr mífholláin an Státchórais a bhfuil cúram na Gaeilge orthu, is baolach.”

Ghlac an gníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe leis chomh maith go raibh géarchéim i gceist. A fhianaise sin ná na figiúirí daonáirimh. Bhí 1,000 cainteoir laethúil Gaeilge níos lú i nDún na nGall in 2016 ná mar a bhí in 2011, a dúirt sé.

Dúirt Ó hÉallaithe go bhféadfaí géilleadh don “éadóchas” maidir le “creimeadh” na Gaeltachta ach gur dóigh leis féin “nach bhfuil an rogha sin againn”.

Ba mhar a chéile cás na Gaeltachta agus an t-athrú aeráide sa mhéid sin, a dúirt sé. Dúirt an gníomhaí teanga agus pobail go gcaithfí féachaint go “fuarchúiseach” ar an straitéis atá faoi láthair ann agus í a fheabhsú. Bhí muintir na Gaeltachta ag brath ar Údarás na Gaeltachta “thar aon dream eile” mar gurb iad an dream is “tábhachtaí” fad is a bhain sé “leis an nGaeltacht a choinneáil beo”.

Léirigh Daonáireamh 2016 gur thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht ó 23,175 go 20,586, laghdú 11%.

Ó shin i leith tá diúltaithe ag gach aire Gaeltachta agus aire stáit Gaeltachta a bhí ann géilleadh go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt an staraí mór le rá Gearóid Ó Tuathaigh ag cruinniú na seachtaine seo i dTeach Laighean gurb é an comhthéacs a bhain leis an bplé faoin Údarás ná “síorchreimeadh na Gaeltachta, mar bhunphobal teanga, thar thréimhse fhada – an próiseas creimthe ag brostú go síoraí seasta le breis is leathchéad bliain anuas”.

Dúirt Ó Tuathaigh gur gá scrúdú a dhéanamh ar chumhachtaí agus cúraim Údarás na Gaeltachta féachaint ar leor iad chun dul i ngleic “le géarchéim phráinneach na Gaeltachta”.

Bhí an Bille “faoi scáth” mhórcheisteanna ghéarchéim na Gaeltachta agus theorainneacha na Gaeltachta, a dúirt sé.

Níos mó