Tá laghdú eile tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa stát – an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga.
De réir na bhfigiúirí ó Dhaonáireamh 2022, a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar maidin, tháinig laghdú 2.5% ó 2016 ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Stát.
Tháinig ardú 6.4% idir 2016-2022 ar líon na daoine a mhaígh go raibh labhairt na Gaeilge acu – ó 1,761,420 duine go dtí 1,873,997.
Cuireadh ceist nua i nDaonáireamh 2022 faoin líofacht a mheas daoine a bhí acu sa Ghaeilge. Den 1,873,997 a thug le fios go raibh Gaeilge acu, mhaígh 195,029 díobh, nó 10.4%, go raibh Gaeilge “an-mhaith” acu.
71,968 duine sa stát a thug le fios i mí Aibreáin 2022 go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, laghdú 1,835 duine ar an 73,803 a dúirt amhlaidh in 2016.
Seo an dara daonáireamh as a chéile inar tuairiscíodh laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla. Laghdú 4.4% a bhí i gceist idir 2011-2016.
Tá líon na gcainteoirí laethúla sa stát laghdaithe 6.8% ó 2011 nuair a thug 77,185 duine le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
Tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 in 2022.
Ba é seo an dara daonáireamh as a chéile chomh maith inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht. Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2016.
Fágann sin go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla sa stát laghdaithe 12.6% ó 2011 nuair a thug 23,175 duine le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
De réir na bhfigiúirí is déanaí tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i ngach contae Gaeltachta seachas Ciarraí agus Port Láirge.
Ardú 4% a bhí i gceist idir 2016-2022 i gceantair Ghaeltachta Chiarraí agus ardú 8.8% a bhí i gceist i nGaeltacht Phort Láirge.
Bhí ardú sa daonra sa dá áit le linn na tréimhse céanna agus cé gur tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla i bPort Láirge, tháinig laghdú beag ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge. Ardú beag a bhí i gceist sa chéatadán cainteoirí Gaeilge i gCiarraí.
Bhí ardú daonra i gceist i ngach ceantar Gaeltachta in 2022 ach tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras sa chúig chontae Gaeltachta eile.