Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
abhar-i-ngaeilge-a-lorg-ag-iris-liteartha-i-mbaile-atha-cliath

Ábhar i nGaeilge á lorg ag iris liteartha i mBaile Átha Cliath

Tá ábhar i nGaeilge á lorg ag an iris liteartha Channel, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Deir eagarthóirí na hirise, Cassia Gaden Gilmarten agus Elizabeth Murtough gur bhunaigh siad an iris in 2019 “le spás a chruthú do litríocht chomhshaolach in irisí na hÉireann”.

Tá an iris ag glacadh le hábhar i nGaeilge anois agus an t-ochtú heagrán a réiteach. Tá an fhoireann ag iarraidh “an ceangal idir teanga agus timpeallacht a léiriú trí Ghaeilge” san eagrán nua.

Beifear ag glacadh le hábhar i nGaeilge go dtí Dé Domhnaigh an 11 Meitheamh agus is í an t-eagarthóir Gaeilge nuacheaptha Aisling Ní Choibheanaigh Nic Eoin a bheidh i mbun eagarthóireachta ar na píosaí a chuirfear isteach. Foilsíodh ábhar i nGaeilge den chéad uair ar leathanaigh na hirise in 2020 nuair a foilsíodh saothar na mbuaiteoirí i gcomórtas splancfhicsin ‘Writing for a Change’ a reáchtáil Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus Garraithe Náisiúnta na Lus. Foilsíodh ábhar i Spáinnis agus i bPortaingéilis ar an iris cheana freisin.

Foilseofar an t-ábhar Gaeilge a bheidh in Channel i nGaeilge agus i mBéarla agus is í an t-eagarthóir Gaeilge a chuirfidh an t-aistriúchán Béarla ar fáil. Dúirt Aisling Ní Choibheanaigh Nic Eoin gur “céim ollmhór chun cinn” é go bhfuil Channel ag glacadh le saothair Ghaeilge anois.

“Is é an tasc atá romhainn anois ná an ceangal idir an dúlra agus an Ghaeilge a athchruthú i gcomhshamhlaíocht na tíre. Tá orainn an teanga a nascadh leis an timpeallacht arís, i mbealach a chabhróidh linn an dá rud a chosaint. Caithfimid filleadh ar ár logainmneacha, ar ár dtéarmaí éiceolaíochta – a bhfuil go leor acu bailithe go dícheallach ag Manchán Magan cheana féin – agus staidéar a dhéanamh ar na seanmhodhanna maireachtála, agus ar an gceangal atá acu lenár saol reatha,” a dúirt sí.

Dúirt príomheagarthóirí na hirise, Cassia Gaden Gilmartin agus Elizabeth Murtough, go raibh “suim acu i gcónaí” sa nasc atá ann idir an teanga agus an caidreamh idirdhaonna agus an dúlra agus na “dearcthaí” a chruthaíonn an nasc sin “lenár dtimpeallacht chomhroinnte”.

“Le seanteangacha cosúil leis an nGaeilge, is minc a chuireann na dearcthaí seo modh maireachtála dearmadta ar fáil. Is mian í a bhí againn le fada saothair Ghaeilge a fhoilsiú, agus trínár gcaidreamh le teanga dhúchais na hÉireann a mhéadú, táimid ag tnúth lena ceangail luachmhara idir daoine agus áit a phlé.

“Tá áthas orainn fáilte a chur roimh Aisling chuig an bhfoireann agus táimid fíorbhuíoch d’Fhoras na Gaeilge as an tacaíocht agus muid ag cur gné nua lenár gcuid oibre,” a dúirt siad.

Foilsíonn Channel ábhar nua, nár foilsíodh áit ar bith eile cheana, a bhaineann leis an “dúlra, imní an chomhshaoil, agus smaoineamh éiceolaíochta”. Deir lucht na hirise go bhfuil suim ar leith acu in “obair a chothaíonn staidéar ar an gceangal idir daoine agus plandaí nó ainmhithe, an tírdhreach agus an fhéiniúlacht”.

“Mar chuid de gach eagrán, tá meascán filíochta agus próis ar fáil, chomh maith le rogha aistí lena n-áirítear aistrí cruthaitheacha, neamhfhicscean, léirmheastóireacht, agus tuairisceoireachta. Fáiltímid roimh shaothair ó áit ar bith ar fud na hÉireann, agus ó Ghaeilgeoirí thar lear. Tá fáilte roimh aistriúcháin Ghaeilge freisin,” a deir lucht na hirise.

Tá an togra á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge tríd an gCiste Tionscadal.

Níos mó