Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ciste-pobail-e70-milliun-fogartha-ag-comhlacht-gaoithe-i-ngaeltacht-chonamara

Ciste pobail €70 milliún fógartha ag comhlacht gaoithe i nGaeltacht Chonamara

Tá ceann de na cistí forbartha is mó ariamh in iarthar Chonamara fógartha.

Ag ócáid in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna ag deireadh na seachtaine seo caite a fógraíodh an ciste atá ag brath ar chead forbartha a bheith ar fáil ón mBord Pleanála d’fheilm ghaoithe thart ar Charraigeacha na Sceirdí, naoi míle siar ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara.

Fógraíodh i mí na Bealtaine go raibh an togra mór Gaeltachta i measc cheithre tháirgeoir ar éirigh leo sa chéad cheant stáit riamh do sholáthar fuinnimh gaoithe ar muir.

Má thagann an scéim mhór cumhachta seo slán sa gcóras pleanála, agus má bhíonn ceadúnais chladaigh ar fáil, beidh €70 milliún sa chiste tacaíochta pobail atá bainteach léi. Mairfidh tréimhse an chiste seo ar feadh 20 bliain. D’fhágfadh sin go mbeadh €3.5 milliún le caitheamh, ar an meán, in aghaidh na bliana sa tréimhse sin.

Cé nár tugadh aon mhioneolas faoin taobh tíre a bhainfeadh tairbhe as an gciste seo, tuigtear gur ar na pobail is gaire do charraigeacha na Sceirdí is mó a bheadh an bhéim. Is iad pobail Chill Chiaráin, Charna, an Chaisil agus cuid de Chloch na Rón is gaire don láthair. Ach bheadh Ros Muc, ceantar na nOileán agus na Ceathrún Rua agus Ros an Mhíl thoir sa gcomhaireamh freisin chomh maith le réimsí de Chonamara amach i dtreo an Chlocháin.

Mhínigh Ciarán Ó Máille, bainisteoir forbartha scéim gaoithe na Sceirdí go mbaineann an ciste seo le Scéim Tacaíochta atá ag dul le tionscnaimh fuinnimh amach ón gcósta. Braitheann méid an chiste ar an méid fuinnimh a bheadh dá chur amach. Cuireann na forbróirí i gcomhar leis an Rialtas an t-airgead sa gciste.

Áirítear go dtabharfadh scéim na Sceirdí cumhacht do 300,000 teach, nó a gcomhionann. Thosódh íocaíochtaí as an gciste chomh luath agus a thosódh an obair forbartha. Chaithfí 30% den €3.5 milliún sa gcéad bhliain tógála, 60% sa dara bliain tógála agus 80% sa tríú bliain tógála agus 100% sa cheathrú bliain agus as sin amach.

Bheadh coiste ceaptha le scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar an airgead. Idir seachtar agus ceathrar déag a bheadh ina mbaill ar an gcoiste seo. Ceaptar go dteastódh oifig lánaimseartha in iarthar Chonamara agus stiúrthóir lánaimseartha ag obair ann. Ní dhéanfar aon chaiteachas as an gciste le haghaidh obair a bhainfeadh leis an gComhairle Contae nó le haon eagras Stáit. Ach dúirt Ciarán Ó Máille nach gcuirfí as an áireamh uilig go bhféadfadh comhoibriú a bheith ann le heagras stáit ó am go chéile. Grúpaí agus coistí pobail is mó a bhainfeadh leas as an gciste ach níor cuireadh as an áireamh, ach an oiread, go bhféadfaí cuidiú le fiontar príobháideach a chuirfeadh seirbhís nó acmhainní riachtanacha ar fáil don phobal.

Dúirt Tim Coffey, an Bainisteoir Ginearálta ar scéim na Sceirdí, go raibh milliún euro caite cheana féin ag an gcomhlacht Corio in iarthar Chonamara. Cé nár fhógair an tUasal Coffey é seo, tuigtear go mbaineann tuairim is €800,000 de sin le cúiteamh a tugadh d’iascairí a bhíodh gníomhach i limistéar na Sceirdí. Thart ar dhá scór iascaire a íocadh de réir na dtuairiscí; fuair beagán acu íocaíocht a bhí ag bordáil ar cheithre scór míle euro ach bhí cuid eile acu taobh leis an gceathrú cuid de sin, nó níos ísle. Baineann na híocaíochtaí sin le bliain amháin nuair nach raibh na hiascairí in ann a ngnó a dhéanamh i réimse farraige gar do na Sceirdí de bharr go raibh taighde ar bun ansin.

Ba as ceantar Chill Chiaráin, Charna agus Chloch na Rón formhór na n-iascairí a fuair cúiteamh. D’fhéadfadh tuilleadh cúitimh a bheith i gceist sna blianta beaga romhainn amach má bhíonn cosc ar iascairí drannadh le ceantar na Sceirdí mar gheall ar obair thaighde nó obair thógála.

Cead forbartha an chéad chéim mhór eile atá le láimhsiú ag lucht forbartha na feilme gaoithe i limistéar na Sceirdí. Táthar ag súil go mbeifear réidh le dhul chuig an mBord Pleanála roimh dheireadh na bliana seo, nó i bhfíorthús na bliana seo chugainn. D’fhéafadh an obair tosú sna Sceirdí in 2025 nó 2026, ag brath ar an achar a chaithfeadh an t-iarratas sa mBord Pleanála, agus ag brath ar an toradh a bheadh air. Is ansin a bheadh an ciste tacaíochta pobail ag teacht i bhfeidhm.

Tá sé i gceist go gcuirfí cúig cinn de na muilte gaoithe ar imeall thiar, agus thuaidh na Sceirdí. Caithfear na na muilte sin a dhaingniú sa gcaoi agus go mbeadh seasamh acu in aghaidh farraigí chomh hard le 25 troigh – sin rud nach dtarlaíonn ach uair amháin chuile leathchéad bliain, ar an meán, de réir na staire. Tuairim scór crann gaoithe a bheadh taobh istigh ar an taobh foscúil de na carraigeacha agus iad daingnithe le seasamh in aghaidh farraigí chomh hard le 15 troigh.  Tugann an costas €13 milliún atá ar fheistiú crann amháin gaoithe i limistéar mar seo léargas ar an gcostas atá i gceist. an ceann. Cosnóidh scéim na Sceirdí billiún euro uilig. Comhlacht Corio, a d’eascair as infheistíocht Bhanc MacQuarie as an Astráil, atá i mbun an tionscnaimh.

Tim Coffey

Glactar leis, a deir Tim Coffey, an bainisteoir ar scéim na Sceirdí, go bhfuil an fhorbairt seo i limistéar a bhfuil cáil an fhiántais air i measc na bhforbairtí is anróití – nó b’fhéidir an ceann is anróití – i bhfarraigí na hEorpa. Dúirt sé go bhfuil innealtóireacht nua-aimseartha agus deiseanna nua le cur i bhfeidhm sa tionscnamh. Creideann sé go mbeidh ceannródaíocht, stuaim agus saineolas ag baint leis an scéim nár fachtas fós san Eoraip.

Dúirt Michael Cloherty, Ceannasaí Toilithe agus Páirtithe Leasmhara d’Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde: “Beidh sé seo ar cheann de na forbairtí bonneagair is mó riamh i réigiún Chonamara agus creidimid go bhféadfadh tionchar dearfach claochlaitheach a bheith aige. Tabharfaidh sé infheistíocht, forbairt eacnamaíoch agus deiseanna fostaíochta, mar aon le Ciste Sochair Pobail suntasach chun tacú leis an bpobal áitiúil.

“Beidh ról lárnach ag an gCiste Sochair Pobail maidir le tacú le gníomhaíochtaí pobail ar an talamh a bhfuil leas eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha seasmhach ag baint leo, lena n-áirítear cuidiú le teanga, cultúr agus traidisiúin na Gaeltachta a chaomhnú a fhágann go bhfuil an ceantar seo uathúil.”

Ní raibh mórán dóchais ag go leor daoine go bhféadfaí feilm ghaoithe a lonnú i limistéar na Sceirdí nuair a tosaíodh ar an iarracht in 2000. Bhí na Sceirdí i gcaint na ndaoine in iarthar Chonamara riamh anall – trí cinn d’oileáin charraigeacha a raibh farraigí corracha timpeall orthu. Bhí iascairí agus mairnéalaigh cúramach thart ar na bealaí seo i mbéal an Atlantaigh riamh, ach níor chuir sin bunaitheoirí plean gaoithe na Sceirdí go leataobh.

Deartháireacha as Leitir Mealláin, Seosamh, Noel agus Pádraic Ó Laoi, a chuir tús leis an iarracht trí bliana fichead ó shin. Tháinig saineolaí fuinnimh, Grattan Ó hÉallaithe, atá ina chónaí gar do Mhaigh Cuilinn anois, agus Pól Mac Suibhne as contae Chiarraí isteach ar an bhfoireann de réir a chéile. Rinneadh staidéir féidearthachta, timpeallachta agus innealtóireachta mar chuid den réamhobair. Bhí costas trom ag baint leis sin agus thug Údarás na Gaeltachta cúnamh.

Cé nach ndearnadh mórán as an nua ó 2008 i leith coinníodh an comhlacht beo agus á riar. Ansin de réir mar a bhí cúrsaí aeráide agus ceisteanna faoi éalú carbóin amach san aer ag éirí níos práinní, tháinig na Sceirdí ar ais sa gcomhaireamh agus chuir Banc MacQuarie as an Astráil suim sa cheantar.

Níos mó