Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
gan-ach-ceithre-cheantar-gaeltachta-ina-bhfuil-breis-is-leath-den-phobal-ina-gcainteoiri-laethula-gaeilge

Gan ach ceithre cheantar Gaeltachta ina bhfuil breis is leath den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge

Léiríonn figiúirí ó Dhaonáireamh 2022 gur mionlach iad na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais in 22 den 26 Limistéar Pleanála Teanga sa stát

Gan ach ceithre cheantar Gaeltachta ina bhfuil breis is leath den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge

Tá léirithe ag na figiúirí is déanaí ón Daonáireamh nach bhfuil ach ceithre Limistéar Pleanála Gaeltachta sa tír ina labhraíonn breis is leath den phobal an Ghaeilge chuile lá.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar na figiúirí a d’fhoilsigh an Phríomhoifiig Staidrimh inné, is mionlach iad na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais in 22 den 26 Limistéar Pleanála Teanga sa stát.

Is ar Thoraigh atá an céatadán is mó cainteoirí laethúla Gaeilge agus é tugtha le fios ag 66% den 141 duine a bhí ina gcónaí ar an oileán in Aibreán 2022 go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Is i nGaeltacht na Gaillimhe a bhí na trí LPT eile ina raibh na céatadáin is airde de chainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais – Ceantar na nOileáin (62%), An Cheathrú Rua (58%) agus Oileáin Árann (57%).

Léirigh figiúirí eile ón daonáireamh gur tháinig titim ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 LPT idir 2016 agus 2022 ach leis na figiúirí is déanaí is féidir léargas a fháil ar an chéatadán de phobal na gceantar sin a labhraíonn an Ghaeilge gach lá. Cé gur mhéadaigh an daonra i nach mór gach LPT idir 2016-2022, laghdú a bhí le feiceáil ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge ina bhformhór.

Tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i gcúig cinn de na LPT sa stát idir 2016 agus 2022 – Oileáin Árann, Cléire, Ciarraí Thiar, Ciarraí Theas agus Na Rosa. Titim a bhí i gceist sna 26 LPT eile.

Bhí céatadán na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i gConamara Láir díreach faoi bhun 50% agus ba iad Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir (47%), Cois Fharraige (43%), Árainn Mhór (38%) agus Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh (35%) na LPT eile is fearr ó thaobh céatadán na gcainteoirí Gaeilge.

De réir na dtorthaí daonáirimh, tá 17 LPT ann ina labhraíonn níos lú ná 33% den phobal an Ghaeilge gach lá agus 10 LPT ann ina bhfuil an figiúr do líon na gcainteoirí laethúla níos lú ná 10%.

LPT Daonra 2022 Líon
na gCainteoirí
Laethúla 2022
Céadtadán
na gCainteoirí
Laethúla 2022
Ráth Chairn agus Baile Ghib 2,093 276 13%
Ciarraí Thiar 7,162 1,998 28%
Ciarraí Theas 1,874 133 7%
Cléire 110 31 28%
Múscraí 4,000 816 20%
Toraigh 141 93 66%
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir 6,151 2,866 47%
Árainn Mhór 478 174 36%
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh 4,236 1,466 35%
An Ghaeltacht Láir 1,643 298 18%
Dún na nGall Theas 3,033 298 10%
Tuaisceart Dhún na nGall 2,967 258 9%
Na Rosa 5,571 300 5%
Ceantar na nOileán 2,207 1,363 62%
An Cheathrú Rua 2,665 1,542 58%
Oileáin Árann 1,347 768 57%
Conamara Láir 3,087 1,529 49.5%
Cois Fharraige 7,490 3,186 43%
Maigh Cuilinn 5,088 290 6%
Bearna agus Cnoc na Cathrach 13,043 686 5%
Oirthear Chathair na Gaillimhe 8,310 221 3%
An tEachréidh 8,683 200 2%
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh 3,346 363 11%
Maigh Eo Thiar 2,102 151 7%
Maigh Eo Thuaidh 7,330 447 6%
Na Déise 2,063 508 25%

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan an tseachtain seo go raibh comhlacht ceaptha chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú na bpleananna teanga Gaeltachta.

Ba é LPT Chois Fharraige an ceann ab fhearr sa stát ó thaobh líon na gcainteoirí laethúla – 3,186. Ba iad LPT Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir (2,866) agus Ciarraí Thiar (1,998) an dá cheantar eile ba líonmhaire ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge.

Tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht trí chéile – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 in 2022.

Tháinig laghdú 12.6%ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht  ó 2011 nuair a thug 23,175 duine le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Ba é Daonáireamh 2022 an dara daonáireamh as a chéile inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2016.

Níos mó