Tá léirithe ag na figiúirí is déanaí ón Daonáireamh nach bhfuil ach ceithre Limistéar Pleanála Gaeltachta sa tír ina labhraíonn breis is leath den phobal an Ghaeilge chuile lá.
De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar na figiúirí a d’fhoilsigh an Phríomhoifiig Staidrimh inné, is mionlach iad na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais in 22 den 26 Limistéar Pleanála Teanga sa stát.
Is ar Thoraigh atá an céatadán is mó cainteoirí laethúla Gaeilge agus é tugtha le fios ag 66% den 141 duine a bhí ina gcónaí ar an oileán in Aibreán 2022 go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
Is i nGaeltacht na Gaillimhe a bhí na trí LPT eile ina raibh na céatadáin is airde de chainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais – Ceantar na nOileáin (62%), An Cheathrú Rua (58%) agus Oileáin Árann (57%).
Léirigh figiúirí eile ón daonáireamh gur tháinig titim ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 LPT idir 2016 agus 2022 ach leis na figiúirí is déanaí is féidir léargas a fháil ar an chéatadán de phobal na gceantar sin a labhraíonn an Ghaeilge gach lá. Cé gur mhéadaigh an daonra i nach mór gach LPT idir 2016-2022, laghdú a bhí le feiceáil ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge ina bhformhór.
Tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i gcúig cinn de na LPT sa stát idir 2016 agus 2022 – Oileáin Árann, Cléire, Ciarraí Thiar, Ciarraí Theas agus Na Rosa. Titim a bhí i gceist sna 26 LPT eile.
Bhí céatadán na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i gConamara Láir díreach faoi bhun 50% agus ba iad Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir (47%), Cois Fharraige (43%), Árainn Mhór (38%) agus Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh (35%) na LPT eile is fearr ó thaobh céatadán na gcainteoirí Gaeilge.
De réir na dtorthaí daonáirimh, tá 17 LPT ann ina labhraíonn níos lú ná 33% den phobal an Ghaeilge gach lá agus 10 LPT ann ina bhfuil an figiúr do líon na gcainteoirí laethúla níos lú ná 10%.
LPT | Daonra 2022 | Líon na gCainteoirí Laethúla 2022 |
Céadtadán na gCainteoirí Laethúla 2022 |
---|---|---|---|
Ráth Chairn agus Baile Ghib | 2,093 | 276 | 13% |
Ciarraí Thiar | 7,162 | 1,998 | 28% |
Ciarraí Theas | 1,874 | 133 | 7% |
Cléire | 110 | 31 | 28% |
Múscraí | 4,000 | 816 | 20% |
Toraigh | 141 | 93 | 66% |
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir | 6,151 | 2,866 | 47% |
Árainn Mhór | 478 | 174 | 36% |
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh | 4,236 | 1,466 | 35% |
An Ghaeltacht Láir | 1,643 | 298 | 18% |
Dún na nGall Theas | 3,033 | 298 | 10% |
Tuaisceart Dhún na nGall | 2,967 | 258 | 9% |
Na Rosa | 5,571 | 300 | 5% |
Ceantar na nOileán | 2,207 | 1,363 | 62% |
An Cheathrú Rua | 2,665 | 1,542 | 58% |
Oileáin Árann | 1,347 | 768 | 57% |
Conamara Láir | 3,087 | 1,529 | 49.5% |
Cois Fharraige | 7,490 | 3,186 | 43% |
Maigh Cuilinn | 5,088 | 290 | 6% |
Bearna agus Cnoc na Cathrach | 13,043 | 686 | 5% |
Oirthear Chathair na Gaillimhe | 8,310 | 221 | 3% |
An tEachréidh | 8,683 | 200 | 2% |
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh | 3,346 | 363 | 11% |
Maigh Eo Thiar | 2,102 | 151 | 7% |
Maigh Eo Thuaidh | 7,330 | 447 | 6% |
Na Déise | 2,063 | 508 | 25% |
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan an tseachtain seo go raibh comhlacht ceaptha chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú na bpleananna teanga Gaeltachta.
Ba é LPT Chois Fharraige an ceann ab fhearr sa stát ó thaobh líon na gcainteoirí laethúla – 3,186. Ba iad LPT Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir (2,866) agus Ciarraí Thiar (1,998) an dá cheantar eile ba líonmhaire ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge.
Tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht trí chéile – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 in 2022.
Tháinig laghdú 12.6%ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 2011 nuair a thug 23,175 duine le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
Ba é Daonáireamh 2022 an dara daonáireamh as a chéile inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.
Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2016.