Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘is-geall-le-scigaithris-ar-scannain-wes-anderson-scannan-wes-anderson’

‘Is geall le scigaithris ar scannáin Wes Anderson scannán Wes Anderson’

| Eoin O Dubhghaill | ,

D’ith mé Marmite den chéad uair riamh i mbliana. Ní thriail mé cheana é ach chuala mé an mhargaíocht go minic. Taitneoidh sé go mór leat nó beidh an ghráin agat air. Níl ach an dá rogha ann. Ach théis triail a bhaint as tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil rogha eile ann.

Tá Marmite ceart go leor.

Agus sílim go bhfuil an tuairim céanna ag daoine faoi Wes Anderson, ach sílim go bhfuil sé níos cruinne é a rá faoin stiúrthóir ná mar atá sé faoin leathán. Agus sílim go bhfuil sé níos cruinne fós faoin a scannán is déanaí, Asteroid City.

Tá mise ar an gcriú atá den tuairim go bhfuil scannáin Wes Anderson ar chuid de na scannáin is fearr agus is neamhghnách i stair na scannán. Chomh maith le Christopher Nolan, tá sé ar cheann de na stiúrthóirí is aitheanta atá ag obair sa lá atá inniu ann. Tá a stíl chomh haitheanta sin, go bhfuil méim fíorcháiliúil faoina chuid oibre ar TikTok faoi láthair, fiú ó dhaoine nach bhfuil aon scannán dá chuid feicthe acu, ach a aithníonn an stíl.

Níl aon scannán feicthe agam atá níos Wes Anderson-aí ná an scannán seo. Na tréithe a bhaineann le scannáin Wes Anderson, tá ardú go haer tagtha orthu anseo; na dathanna, an chineamatagrafaíocht, agus an dearadh. Tá téamaí aitheanta anseo a aithneoidh lucht leanúna Anderson go maith freisin. Faoi ghrúpa scoláirí óga agus a muintir ag féile eolaíochta i mbaile beag darbh ainm Asteroid City atá an scannán, agus an t-eachtra neamhréalaíoch a tharlaíonn ar an lá céanna. Insítear an scéal i bhfoirm dráma, le na haisteoirí i bpáirt na gcarachtar sa scéal, agus i bpáirt na gcarachtar sa dráma, agus téamaí teaghlaigh agus grá fite fuaite tríd.

An bhfuil sé sin sách casta daoibh?

 

Agus ansin tá an liosta fada d’aisteoirí cáiliúla atá sa scannán; Tom Hanks, Jason Schwartzman, Scarlett Johansson, Tilda Swinton, Edward Norton, Bryan Cranston, agus níos mó arís nach féidir a lua, nó ní bheidh san alt ach ainmneacha. Nóta atá suimiúil faoin aisteoireacht ná nach seasann aon aisteoir amach – cé go bhfuil an oiread aisteoirí aitheanta sa scannán – mar gheall go bhfuil stíl ar leith le aisteoireacht i scannáin Wes Anderson. An t-aon duine i ndáiríre a sheasann amach ná Tom Hanks, agus is mar gheall gur cosúil go bhfuil sé ag streachailt le stíl Anderson ar bhealach a thagann go nádúrtha do aisteoirí a bhfuil seanaithne acu air ar nós Jason Schwartzman agus Edward Norton.

Anois, níl aon scannán Wes Anderson feicthe agam nár thaitin liom, agus cé go gceapaim go bhfuil Asteroid City go maith, déarfainn nach bhfuil sé ar leibhéal Isle of Dogs, The Royal Tenenbaums The Grand Budapest Hotel, cé go bhfuil sé níos cosúla leis an gceann deireanach sin ná aon cheann eile. Tá an scannán seo chomh báite sa stíl, gur geall le scigaithris é ar scannáin eile Wes Anderson. Agus do dhuine cosúil liomsa a bhfuil grá mór agam do scannáin Wes Anderson, bhí sé beagán iomarcach. Mar sin sílim do dhaoine eile a bhfuil claonadh an Marmite acu d’obair Anderson, beidh an ghráin dhearg acu ar an scannán seo. Ach dóibh siúd a bhfuil grá acu dó, beidh go leor anseo a thaitneoidh leo, tá sé barúil, lán le croí agus meidhir.

Níos mó