Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
muintir-chloich-chionnaola-le-failte-mhor-a-chur-roimh-bhrod-na-gaeltachta-aris

Muintir Chloich Chionnaola le fáilte mhór a chur roimh Bhród na Gaeltachta arís

| sean o dubhchon | ,

Tá Mí an Bhróid faoi lán seoil, agus beidh réimse leathan imeachtaí agus féilte ar siúl ar fud na tíre. Dúinne mar Ghaeil, beidh Bród na Gaeltachta ag tarlú arís i mí Iúil i bparóiste Chloich Chionnaola i nGaeltacht Thír Chonaill, agus táim féin i measc an phobail mhóir atá ar mhuin na muice go mbeidh sé ar ais.

Ba mhór an t-ábhar mórtais é Bród na Gaeltachta na bliana seo caite. Bhí éileamh iontach ar na himeachtaí a bhí ar siúl i gcaitheamh na seachtaine agus d’fhreastail na céadta ar an mórshiúl a bhí ar siúl ar an Satharn. Bhí An Fál Carrach lán de dhath agus de bhratacha Bróid agus léirigh muid dár bpobal féin, don tír agus don domhan gur áit fháilteach shábháilte thacúil é Cloich Chionnaola. Mar dhuine a d’fhás aníos sa cheantar agus a bhíonn ar ais ansin go rímhinic, bhí sé an-tábhachtach domsa, agus do bhaill LADTA+ eile sa cheantar gur léiríodh go gcuireann ceantar beag Gaeltachta fáilte roimh an phobal LADTA+. Ba lá stairiúil speisialta é dúinn féin a d’fhás aníos sa phobal agus dár gcairde Gaeil a thaistil le Bród a cheiliúradh linn.

Beidh Bród na Gaeltachta a reáchtáil arís i mbliana ón 16-23 Iúil 2023. Beidh an fhéile dhátheangach ach beidh tús áite i gcónaí ag an Ghaeilge, agus cinntíonn an comhoibriú iontach idir Bród na Gaeltachta, Pobail le Chéile agus Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola go dtarlóidh sin.

Tá na himeachtaí ar fad i mbliana an-éagsúil lena chéile agus tá gach iarracht a déanamh freastal ar gach aoisghrúpa, inscne agus suim. Beidh drámaí, ceol, spórt, filíocht, léachtaí, siúlóidí, ceardlanna, damhsa, taispeántais, scannáin agus go leor eile ar siúl, mar aon le mórshiúl carnabhail ar an 23 Iúil le Bród a cheiliúradh. Ba rud álainn é an tacaíocht ó Ghaeil as taobh amuigh de Chloich Chionnaola a fheiceáil anuraidh, agus táimid ag siúl go mór le fáilte a chur roimh chuairteoirí arís i mbliana.

Do Phól Penrose, a chur tús le Bród na Gaeltachta anuraidh, agus atá mar Chathaoirleach ar choiste eagraithe na bliana seo, bhí tábhacht ar leith ag Bród na Gaeltachta don phobal.

“Bhí Bród na Gaeltachta iontach pearsanta do gach duine a bhí páirteach ann anuraidh, agus a bheidh páirteach ann i mbliana, ach dom féin, an tionchar is mó a chonaic mé ná gur thug sé feiceálacht dúinn anseo sa Ghaeltacht agus gur léirigh sé go bhfuil áit agus fáilte ann do dhaoine aeracha nó aiteacha ón pharóiste, nó do dhaoine as áiteanna eile thart fán tír theacht agus bheith páirteach i mBród.

“Thug sé spás do dhaoine óga sa cheantar seo, agus feicimid an tionchar sin i mbliana agus go leor daoine óga páirteach san fhéile. Is pobal beag muid agus thug muintir na háite tacaíocht ar dóigh dúinn, agus bhí sé iontach feiceáil go raibh muid ar fad ag teacht le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhród.”

Sula mbeidh an mórshiúl ar siúl ar an Satharn, 23 Iúil, beidh seachtain iomlán imeachtaí a reáchtáil.  I measc na n-imeachtaí sin, beidh siúlóid dhátheangach staire LADTA+ le Brian Lacey, léiriú den seó amharclannaíochta agus rince ‘Freshers’ le Caoimhe McGee agus Rosie Mullin, an taispeántas ealaíne ‘Witness for Change’, an dráma ‘Sapphic’ le Caoimhe McGee agus ‘An Focal Aiteach’, oíche filíochta in Eaglais Naomh Áine.

Tá an seó stáitse aitheanta Grindr, Saghdar agus Cher le Ciara Ní É, Eoin McEvoy agus Sam Ó Fearraigh ag teacht go dtí An Fál Carrach, agus is iontach go mbeidh seó den chaighdeán sin, a cuireadh i láthair ag Oireachtas na Samhna, IMRAM agus an Dublin International Gay Theatre Festival ar an ardán i gCloich Chionnaola.

Beidh sraith ceardlann ar théamaí tábhachtacha LADTA+: téarmaíocht agus an Foclóir Aiteach; filíocht le Annemarie Ní Chuirreáin; ceardlann amharclannaíochta ‘Theatre Lab’ le Mel Bradley; agus sraith ceardlanna dar teideal ‘Wild Queer’ ar aiteachas sa timpeallacht agus an dúlra le Lucy O’Hagan. Cuirfear cainteanna ar siúl chomh maith, le leithéidí Neuro Pride Ireland agus TENI (Transgender Equality Network Ireland), sula mbeidh caint le Tonie Walsh, Brian Lacey agus Mary Kay Mullan, triúr a bhí an-ghníomhach agus ceannródaíoch i laethanta óga Bróid sa tír.

Beidh an scannán Lyra a thaispeáint agus beidh ceisteanna ina dhiaidh le Sarah Canning, páirtí an iriseora Lyra McKee a maraíodh le roinnt blianta anuas. Beidh scoth an cheoil agus amhránaíochta ann, le ceolchoirmeacha agus seiteanna le George Houston agus a bhanna, Branwen, Ella Fitzgerald, Eve Belle, Lonesome George, Tara G, The Murray Brothers agus Jason Leighton, agus seisiún ceoil traidisiúnta.

Ar Dhomhnach deireanach na féile, an 23 Iúil, beidh sraith imeachtaí speisialta ann le críoch a chur le Bród na Gaeltachta; siúlóid i nGleann Finne, agus ceol i Lóistín na Seamróige ar an bhFál Carrach.

Beidh breis eolais a chur go leanúnach ar shuíomh gréasáin Bród na Gaeltachta agus beimid an-ghníomhach ar Instagram, Twitter, agus Facebook. Cuirimid fáilte romhaibh an haischlib #bródnag23 a úsáid le tagairt a dhéanamh don fhéile ar na meáin shóisialta, agus táimid ag súil go mór le fáilte mhór a chur romhaibh go léir, ár gcairde Gaeil, i gCloich Chionnaola ón 16-23 Iúil.

Níos mó