Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
na-cinealacha-daoine-le-seachaint-ag-feilte-ceoil

Na cineálacha daoine le seachaint ag féilte ceoil

| hannah ni chonghaile | ,

Tá séasúr na bhféilte ceoil buailte linn agus roinnt mhaith acu curtha dínn againn cheana féin, Féile na Gealaí na nGael chomh maith le leithéidí Body & Soul, Sea Sessions, agus Beyond the Pale sa choicís seo atá imithe tharainn.

Buailtear le gach aon saghas duine ag na féilte ceoil, daoine óga agus aosta, ó chúlraí éagsúla agus ó gach chúinne den dtír. Mar sin féin, tagann patrún chun solais desna cineálacha daoine a bhíonn ag na féilte ceoil, agus tá cuid acu go mb’fhearr duit a sheachaint.

An tOibrí Deonach

Oh, níor dhíolais as do thicéad? Fairplay duit. Oh, faigheann tú trí dheabhán bia tar éis gach aon seal oibre? Bhabh. Agus níl aon teorainn ar an méid dí gur féidir leat a thabhairt isteach leat? Maith thú. Agus fuairis an t-léine sin saor in aisce? Go diail! Oicé, tuigimid, tánn tú ag obair. Tá an rud ar fad saor in aisce duit. Seachas go dtugann tú do chuid ama. Ní baol go mbeidh tú campáilte in aici leis an nduine seo, mar is féidir a bheith cinnte gur isteach sa láithreán don bhfoireann a bheidh siad, ag ól buidéil Heineken a gabháladh, ach dá gceapfainn gur oibrithe deonacha atá agam mar chomharsana, bheinn féin ag bogadh.

An Glampálaí

Daoine ó bhailte móra agus cathracha iad seo den gcuid is mó agus is minic a bhíonn siad ag maíomh as a leithéid de luxury atá acu agus iad ag glampáil. An raibh a fhios agat go bhfuil scátháin sa Portaloo acu san? B’fhearr liom féin díghalrán lámh, ach oicé! Is minic a chloistear lucht glampála ag blaisteáil ceol i gcallairí beaga stánúil, ag iarraidh an láthair campála ar fad a choimeád ina dhúiseacht. Ach fan go gcloiseann siad aláram cairte éigint agus tosnaíonn an raic. “Táimid ag díol as an nglampáil, níor chóir go mbeadh orainn bheith ag éisteacht leis an nglór uafásach sin don oíche ar fad”. Cailltear an t-íoróin orthu, gan dabht, sa chás seo. Tóg uaimse é, ní theastaíonn uait go mbeidh do phuball in aice leis an teorainn idir na gnáthdhaoine agus na glampaithe.

An t-Instagramaí

“Ó mo Dhia, caithfimid pictiúr a fháilt anseo, anseo agus anseo, oicé? An miste leat pictiúr a thógaint díom le do thoil, ach é a bheith, like, nádúrtha? Le luí na gréine agus an puball mór agus na soilse sa chúlra má thuigeann tú leat mé?” Oicé, tuigimid, tánn tú tagtha anseo chun pictiúrí deasa a fháilt. Níl aon locht agamsa air sin, is maith liomsa pictiúrí deasa níos mó ná an gnáthdhuine. Ach ná dearmad éisteacht leis an gceol chomh maith agus bí i láthair sa tsaol!

An duine a a dheineann gach aon rud ina aonar

Tánn tú anseo id’ aonar? Maith thú. Téann tú chuig gach féile id’ aonar? Oicé. Seo duine go dteastaíonn uait bualadh leis agus canna a ól leis, ach ní theastaíonn uait a bheith sáinnithe ina theannta don oíche ar fad, nó gheobhaidh tú scéal fadálach a bheatha. Scéal a shaoil luaith, a thaithí sa bhunscoil, agus gach rud idir é sin agus an t-am i láthair. De réir a chéile tuigfidh tú canathaobh go ndeineann sé gach rud as féin, toisc ná stopann sé ag caint fé féin agus níl aon chairde aige dá bharra!

An lánúin a cheapann go sábhálfaidh trí lá ag campáil i ngort a gcaidreamh

Éist liom, ní haon saineolaí caidrimh mise ach shamhlóinn féin munar féidir libh dhá fhocal mhaithe i ndiaidh a chéile a rá nuair atá sibh te teolaí i dtigh déanta as coincréit, le leithreas glan agus gallúnach chun bhur lámha a nigh, ní dóigh liom go ndéanfaidh an fhéile cheoil aon mhaitheas daoibh. Troid i ndiaidh troda agus an caidreamh ar an dé deiridh, agus an láthair campála ar fad in ann sibh a chlos ag argóint. Ní thugann fallaí na bpuball aon phríobháideachas daoibh!

An lánúin bhréagach

Caithfidh go mbíonn sé deas titim i ndianghrá le duine ag na hócáidí seo agus tabhairt fé chaidreamh na féile leo, cinnte, ach mar an gcéanna le haon lánúin, cuimhnigh ná fuil an puball fuaimdhíonach (in aon chor). Is fuirist na lánúineacha seo a spotáil. Má chítear beirt ag strolláil timpeall, ag pógadh, greim lámh ar a chéile, cúpla cara á leanúint go drogallach, seans maith ann gur lánúin bhréagach iad. Is minic go mbogann an lánúin bhréagach isteach go puball duine amháin, mar sin más féidir leat campáil in aice leis an nduine ná fanann lena bpuball, beidh an t-ádh dearg leat, ciúnas agus síochán don oíche. Má bhíonn sé de mhí-ádh agat campáil in aice leis an bpuball ina gcuireann an bheirt fúthu, mholfainn plugaí cluaise a thabhairt leat.

Ag deireadh an lae, bíonn draíocht agus craic ar leith ag baint leis na rudaí seo agus is iomaí duine spéisiúil a bhuailfidh tú leo, ná buailfeá riamh leo sa ghnáthshaol. Go bhfanfaidh an aimsir mhaith dúinn!

Níos mó