Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ol-neart-uisce,-tog-neart-pictiur,-scaip-an-fomo-ar-fud-an-domhain,-agus-biodh-time-agat’-–-nodanna-d’fheiligh-na-gealai

‘Ól neart uisce, tóg neart pictiúr, scaip an FOMO ar fud an domhain, agus bíodh time agat’ – nodanna d’Fhéiligh na Gealaí

| cillian o baoill | ,

Tá sé ina shamhradh anois agus an teas agus an brothall buailte linn. Ach ná lig don aimsir mheirbh do chuid fíbín a thraochadh, mar tá Féile na Gealaí ar leac an dorais. Is i Ráth Chairn na Mí a bheidh do thriall an deireadh seachtaine beag seo, áit a bhfuil cáil nach beag air de bharr fíorscoth na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Agus beidh sé sin fairsing ann, de réir an sceideal atá fógartha ag lucht na féile.

Beidh ceol idir thraidisiúnta agus chomhaimseartha, agus chuile shórt eatarthu, le cloisteáil ann. Ar na buaicphointí a bheidh ann, beidh Taylor Swift na Gaeilge, amhránaí agus cumadóir clúiteach Róisín Seoighe as Conamara ag casadh lena leathbhádóirí, IMLÉ Dé Sathairn – beidh croíthe ag preabadh le leithéidí Éad agus Do Chuid Jeans a chloisteáil beo.

Beidh Emma Ní Fhíoruisce as Gaoth Dobhair ag cur a cuid amhránaíochta áille i láthair, giotár ina glaic agus guth a chuirfidh na deora ag doirteadh. Beidh Súil Amháin ag spalpadh véarsaí leis an tine a ghríosú dóibh siúd atá ag tóraíocht blaiseadh de hip-hap na Gaeilge. Beidh Dris-Óg ag croitheadh an stáitse Dé hAoine le racht fuaime a chuirfidh guaillí ag bualadh a chéile agus cloigne ag casadh sa log maiseála. Agus mura bhfuil boinn na mbróg caite ag an damhsa faoi oíche Dé Sathairn, beidh Pólca 4 ag giorrú na hoíche le ceol bríomhar Chiarraí nach bhfágfaidh aon phoc gan údar feirge.

Ach ní hé an ceol an t-aon rud a bheidh ag tarraingt sluaite Gael chun na Mí amárach. Tá bleaist imeachtaí le tarlú, idir chláracha raidió beo, cheardlann ar Ghaeilge na hAlban, agus ióga. Beidh GaelGÁIRÍ ag tabhairt an ghrinn agus an siamsa leo, agus beifear ag súil le bheith sna tríthi gáire ag scéalta deisbhéalacha de chuid Hugh Carr.

Beidh an grúpa sóisialta Aerach Aiteach Gaelach ag reáchtáil imeachta le Bandia Dé Sathairn, agus Mí an Bhróid á cheiliúradh faoi láthair, agus é níos tábhachtaí ná riamh a bheith ag tacú leis an bpobal aerach. Buail síos nó bí thíos!

“Céard a bheidh ag teastáil le teacht slán tríd an scléip seo?” A deir tú, uachtar gréine, gan dabht. Tá sé geallta go hálainn don dá lá, agus b’fhéidir go mbeidh snua i do ghrua théis a bheith ag canadh in éindí le togha na n-amhránaithe ar feadh 48 uair an chloig, nó théis go gcasfaí do chrush ort, ach beidh tú dearg le fearg má mhaireann sé go dtí an chéad seachtain eile.

Anuas air sin, beidh Gaeilge bhinn bhlasta á labhairt timpeall ort a fhad is atá tú ann is mar sin, teastóidh cóip den Concise English-Irish Dictionary ar fhaitíos go mbeidh tú gann focal. Tá fhios agam go bhfuil siad trom is mar sin níl aon dochar ceann a roinnt le cara nó má bhíonn tú ag campáil, ceann sa bpuball.

Agus níos tábhachtaí arís ná do sheacht ndícheall a dhéanamh culaith bhreá fhaiseanta a bheith ort. Is mór an trácht a bhíonn ar na meáin shóisialta na laethanta seo ar Festival Wear agus tá muid ag iarraidh Féile na Gealaí a chur ar an mapa i measc Coachella agus Primavera. Ní bainis ná sochraid atá ann bíodh a fhios agat. Ní ghabhfaidh tú amú le hata buicéid, t-léine ildaite, do rogha briste gearr agus bumbag. Níl cead ag ceachtar acu sin meaitseáil le chéile ar ndóigh.

Anois, coinnigh ar an uisce, déan taighde ar na busanna, tóg neart pictiúirí, scaip an FOMO ar fud fad an domhain, agus bíodh time agat.

Níos mó